Tháinig ardú 45% ar líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile anuraidh.
De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, bronnadh díolúine nua ón nGaeilge ar bheagnach 20,000 dalta iarbhunscoile le linn na scoilbhliana seo caite, cuid mhaith níos mó ná mar a bronnadh in aon bhliain eile roimhe seo.
19,882 díolúine nua a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile sa scoilbhliain 2022-23, i gcomparáid le 13,710 in 2021-22.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí bhí beagnach 50,000 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh a raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge acu, breis is 12% de líon iomlán na daltaí iarbhunscoile nó duine as gach ochtar.
Cé gur thit céatadán na ndaltaí iarbhunscoile a raibh díolúine ón nGaeilge acu idir 2012- 2016, tá an céatadán anois imithe in airde gach bliain le sé bliana anuas. Seo in ainneoin córas nua a tugadh isteach in 2019, córas a ndúradh faoi go ndéanfadh sé rud “annamh” agus “eisceachtúil” den díolúine ón nGaeilge.
Ag tús na mílaoise, bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag níos lú ná 3% de dhaltaí iarbhunscoile.
Dúirt an Roinn Oideachais le Tuairisc gur “ardú suntasach” a tháinig ar líon na ndaltaí a tháinig thar sáile ba chúis leis an ardú ar líon na ndíolúintí a bronnadh ag leibhéal na hiarbhunscoile anuraidh. Cé go mbaineann cuid mhaith de na díolúintí nua le daoine ón iasacht, ní hiad amháin is cúis leis an ardú.
D’ardaigh líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge toisc gur cuireadh oideachas orthu lasmuigh den stát sula raibh siad 12 bliain d’aois ó 4,229 in 2021-22 go dtí 7,912 in 2022-23, ardú 87%. Ach tháinig ardú freisin ar líon na ndaltaí ar bronnadh díolúine ón nGaeilge orthu ar bhonn Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO).
In 2022-23, bronnadh 9,099 díolúine nua ar dhaltaí iarbhunscoile ar bhonn RSO, ardú 21% ón 7,544 díolúine a bronnadh an bhliain roimhe sin. Tháinig ardú ar líon iomlán na ndaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna dara leibhéal idir an dá linn ach ní raibh i gceist ansin ach ardú 4%, ó 391,698 go dtí 406,392.
Níos luaithe i mbliana, luaigh an tAire Oideachais Norma Foley an inimirce mar cheann de na cúiseanna, dar léi, go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhíonn á gceadú i scoileanna an stáit.
Ach is ar bhonn RSO a bhronntar formhór na ndíolúintí.
Den 49,570 dalta iarbhunscoile a raibh díolúine ón nGaeilge acu anuraidh, is ar bhonn RSO a bronnadh os cionn 30,000 de na díolúintí sin – 61%.
Bhí ardú suntasach le feiceáil freisin ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bronnadh ag leibhéal na bunscoile.
Bronnadh 3,786 díolúine nua ar ghasúir bhunscoile in 2022-23, ardú 53% ón 2,474 a bronnadh in 2021-22. Is ar bhonn RSO a bronnadh formhór mór (93%) na ndíolúintí ag leibhéal na bunscoile anuraidh.
Den 549,198 dalta ar fad a bhí sa chóras bunscoile anuraidh, bhí díolúine ón nGaeilge ag 10,414 acu nó 2% díobh.
Tá córas na ndíolúintí ag déanamh imní d’eagraíochtaí teanga agus saineolaithe oideachais le fada agus líon na ndaltaí nach mbíonn orthu an Ghaeilge a dhéanamh ag dul i méid.
Faoin gcóras nua a tugadh isteach in 2019, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Roimhe sin, ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.
Fágann an córas nua freisin go bhfuil cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.
Díolúintí ó staidéar na Gaeilge | |
---|---|
Iarbhunscoil | |
Líon na nDíolúintí nua a bronnadh | |
2022 | 19,882 |
2021 | 13,710 |
2020 | 11,097 |
2019 | 12,057 |
2018 | 10,538 |
Líon Iomlán na nDaltaí le Díolúine | |
2022 | 49,570 |
2021 | 41,158 |
2020 | 37,444 |
2019 | 34,285 |
2018 | 33,476 |
Líon na nDíolúintí a bronnadh ar bhonn RSO | |
2022 | 9,099 |
2021 | 7,544 |
2020 | 6,686 |
2019 | 6,026 |
2018 | 5,076 |
Bunscoil | |
Líon na nDíolúintí nua a bronnadh | |
2022 | 3,786 |
2021 | 2,474 |
2020 | 2,234 |
2019 | 1,558 |
2018 | 3,848 |
Líon Iomlán na nDaltaí le Díolúine | |
2022 | 10,414 |
2021 | 10,321 |
2020 | 11,672 |
2019 | 14,033 |
2018 | 16,535 |