Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
sparanacht-e30,000-le-bronnadh-ar-ealaiontoir-gaeltachta-in-omos-don-ghrupa-ceoil-clannad

Sparánacht €30,000 le bronnadh ar ealaíontóir Gaeltachta in ómós don ghrúpa ceoil Clannad

Tá sé fógartha ag an Údarás go bhfuil sparánacht nua d’ealaíontóir Gaeltachta le bronnadh in onóir an bhanna de bharr an bhéim a chuir Clannad ar theanga, ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta

Sparánacht €30,000 le bronnadh ar ealaíontóir Gaeltachta in ómós don ghrúpa ceoil Clannad

Clannad ag seinm sa 3Arena mí Feabhra na bliana seo. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá deontas €30,000 le bronnadh ag Údarás na Gaeltachta ar ealaíontóir Gaeltachta in ómós don ghrúpa ceoil Clannad agus don obair atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn. 

Tá ócáid speisialta á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair tráthnóna chun aitheantas a thabhairt do Clannad, atá ag éirí as an tseinm tar éis breis is leathchéad bliain. 

Tá sé fógartha ag an Údarás go bhfuil sparánacht nua d’ealaíontóir Gaeltachta le bronnadh in onóir an bhanna de bharr an bhéim a chuir Clannad ar theanga, ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta ó thosaigh siad ag seinm. 

Sparánacht ar fiú €30,000 é, €10,000 sa bhliain thar thrí bliana, atá i gceist, chun cuidiú le healaíontóir Gaeltachta forbairt a dhéanamh ar shaothar úr trí mheán na Gaeilge. Ealaín na Gaeltachta a bheidh i mbun na scéime thar ceann an Údaráis. 

Bhunaigh Pádraig agus Noel Ó Dúgáin agus Pól, Ciarán agus Máire Uí Bhraonáin an banna ceoil Clannad i 1970, tá clú agus cáil bainte amach acu ar fud an domhain agus gradaim go leor bronnta orthu, dámhachtain Grammy, BAFTA, agus Ivor Novello ina measc. 

Bhásaigh Noel Ó Dúgáin go tobann anuraidh agus fuair a dheartháir Pádraig bás in 2016. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin gur thug Clannad “an ceol, na hamhráin agus an Ghaeilge chuig ardáin dhomhanda agus is iomaí duine ar fud na cruinne a spreag siad agus a d’fhoghlaim Gaeilge de bharr tiomantas an ghrúpa don teanga agus don chultúr trí chéile. Ní hamháin sin, ach spreag siad mórtas i bpobal na Gaeltachta ina dteanga agus a n-oidhreacht féin. Is údar bróid dúinn ar fad iad.  

“Tá lúcháir orainn go bhfuil an deis againn an bród agus an buíochas sin a léiriú inniu, agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóir Gaeltachta eile tríd an sparánacht atá á fógairt againn.” 

Tháinig Clannad le chéile ar dtús sna seachtóidí nuair a bhíodh siad ag seinm i dTábhairne Leo, an teach tábhairne cáiliúil a bhí ag athair mhuintir Uí Bhraonáin, Leo Ó Braonáin, i nGaoth Dobhair agus is sa tábhairne céanna a bheidh an ócáid in ómós do Clannad á reáchtáil inniu. 

Níos mó