Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
aire-stait-na-gaeltachta-ag-iarraidh-go-neartofai-an-chosaint-a-thugtar-don-ghaeltacht-i-mbille-pleanala-nua

Aire Stáit na Gaeltachta ag iarraidh go neartófaí an chosaint a thugtar don Ghaeltacht i mbille pleanála nua

| Padraic O Ciardha | ,

Thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios sa Dáil go bhfuil a Roinn ag iarraidh go mholfaí roinnt leasuithe ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt, 2023 chun cosaint níos láidre a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht

Aire Stáit na Gaeltachta ag iarraidh go neartófaí an chosaint a thugtar don Ghaeltacht i mbille pleanála nua

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta cruinniú a bheith aige leis an Roinn Tithíochta chun a chinntiú igo dtugtar cosaint cheart don Ghaeilge sa Ghaeltacht i reachtaíocht nua faoi chúrsaí pleanála agus forbartha.

Thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios sa Dáil go bhfuil a Roinn ag iarraidh go molfaí roinnt leasuithe ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt, 2023 chun cosaint níos láidre a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Foilsíodh an bille ag deireadh na míosa seo caite agus cé gur dhúirt an tAire Stáit go gcuireann sé fáilte roimh na forálacha atá ann maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, dúirt sé gur gá an chosaint a thugtar don teanga sa bhille a neartú.

“Cé go bhfáiltíonn mo Roinn roimh na forálacha atá sa Bhille a bhaineann le caomhnú na Gaeilge mar phríomhtheanga na Gaeltachta, tá cruinniú iarrtha idir oifigigh ón dá Roinn chun cuspóirí fhorálacha áirithe a shoiléiriú agus chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go gcuirfí líon beag leasuithe san áireamh ag Céim an Choiste a d’fhéadfadh an chosaint a thugtar don teanga sa chóras pleanála a neartú tuilleadh,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt sé go raibh súil aige go reáchtálfaí an cruinniú idir an dá roinn go luath sa bhliain nua.

“An rud is tábhachtaí domsa ná go mbeidh seans ag mo Roinn agus an Roinn Tithíochta na rudaí is tábhachtaí ó thaobh na teanga de a phlé.”

Dúirt an Teachta Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, nach raibh an Ghaeilge ná an Ghaeltacht sách lárnach sa bhille nua

“Ba chóir go mbeadh [an Ghaeilge] i bhfad Éireann níos lárnaí ann. Ba chóir go mbeadh muid ag déileáil leis agus go mbeadh coinníollacha i bhfad níos soiléire ann maidir le pleanáil tithíochta, na cosaintí don Ghaeltacht, agus an phleanáil ó thaobh na sochtheangeolaíochta de atá ag teastáil agus an Ghaeltacht á pleanáil amach anseo,” a dúirt Ó Snodaigh.

Chomh maith leis an mBille um Pleanáil agus Forbairt, 2023, tá an Roinn Tithíochta freisin ag obair ar threoirlínte pleanála don Ghaeltacht agus dúirt an tAire Stáit O’Donovan go raibh súil aige go mbeadh an Roinn sin in ann iad a fhoilsiú chomh luath agus is féidir.

Dúirt an tAire Stáit go raibh obair Roinn na Gaeltachta ar na treoirlínte críochnaithe agus go raibh siad anois ag an Roinn Tithíochta, a mhalairt den méid a bhí le rá ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ag deireadh na míosa sa caite. Dúirt an tAire O’Brien ag an am go raibh obair a Roinne féin ar na treoirlínte curtha i gcrích agus go rabhthas ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta.

I ráiteas a chuir an Roinn Tithíochta ar fáil do Tuairisc, dúradh go bhfuil “rannpháirtíocht dhéthaobhach leanúnach idir an dá Roinn” agus go bhfuiltear ag fanacht ar thorthaí staidéir a cuireadh ar bun maidir le modheolaíocht agus formáid na Ráiteas Tionchair Teangeolaíochta a bheidh lárnach mar chuid de na treoirlínte.

“Tá na dréacht-treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta á dtabhairt chun críche faoi láthair le haghaidh athbhreithniú an Aire agus ansin scagadh éigeantach ina dhiaidh sin faoi dhlí an AE do Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA), chomh maith le Measúnú Cuí (AA),” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Tithíochta.

Foilseofar na dréacht-treoirlínte ansin le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Nuair a d’fhógair an tAire Tithíochta na treoirlínte ar dtús, dúirt sé go mbeadh siad réidh roimh dheireadh 2021.

Níos mó