Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘buille-tubaisteach’-don-leann-ceilteach-a-bheadh-i-bplean-fail-reidh-le-teagasc-teangacha

‘Buille tubaisteach’ don Léann Ceilteach a bheadh i bplean fáil réidh le teagasc teangacha

Tá cáineadh déanta ag triúr ollúna ar an phlean atá ag Ollscoil Toronto i gCeanada athrú “ó thalamh” a dhéanamh ar a gcúrsa sa ‘Léann Ceilteach’ agus ‘Léann na hÉireann agus na mBriotanach’ a dhéanamh de.

Má chuirtear na hathruithe atá beartaithe don Léann Ceilteach i bhfeidhm in Ollscoil Toronto, ní bheidh sé riachtanach feasta go ndéanfadh mic léinn an chúrsa staidéar ar theangacha Ceilteacha, an Ghaeilge san áireamh.

Deir Máirín Ní Dhonnchadha, Ollamh Emeratus le Sean- agus Meán-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, gur easpa tuisceana ar an Léann Ceilteach atá i gceist le plean Ollscoil Toronto fáil réidh le teagasc teangacha.

“Is léir nach dtuigeann na pleanálaithe a riachtanaí is atá na teangacha chun céim ar fónamh a thairiscint, chun mic léinn a chumasú le dul i mbun taighde iad féin.

“Ní thuigeann siad ach an oiread go mbeadh díobháil as cuimse á déanamh acu don cheangal seanbhunaithe atá saothraithe le dua mór ag an bhfoireann in Ollscoil Toronto leis an ngréasán scoláirí sa Léann Ceilteach ar fud an domhain.”

Dúirt Ní Dhonnchadha gur céim “fíorthábhachtach” atá sa chéim sa Léann Ceilteach a bunaíodh i 1981 agus gur “athrú ó thalamh” a bhí sna pleananna atá ag Ollscoil Toronto.

“Tá an chéim sa Léann Ceilteach in Ollscoil Toronto fíorthábhachtach i gcomhthéacs an disciplín, go háirithe i Meiriceá Thuaidh. Dá fheabhas í an chéim, ní raibh ina bun riamh ach beagán foirne.

“De réir mar a thuigim, gearradh siar ar an infheistíocht le beagán blianta, thit líon na mac léinn ach, in ionad an bhunfhadhb a réiteach, táthar ag cuimhneamh anois ar athrú ó thalamh a dhéanamh, fáil réidh le múineadh na Gaeilge agus na Breatnaise, agus Irish and British Studies a thairiscint.”

Dúirt Máirtín Coilféir, Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Concordia in Montreal Cheanada gur “buille tubaisteach” do theagasc na dteangacha Ceilteacha trí chéile é an plean atá beartaithe don Léann Ceilteach i gColáiste St. Michael in Ollscoil Toronto.

“Níl mórán den Léann Ceilteach fanta sa taobh seo tíre. Má bhíonn na teangacha Ceilteacha á dteagasc ar chor ar bith, is iondúil gur ag díriú ar cheann amháin –nua-Ghaeilge, mar shampla, nó nua-Ghàidhlig – a bhíonn an roinn.

“Ní minic a bhíonn an cur chuige comparáideach, ilteangach, ríleathan sin a bhíonn i gceist sa Léann Ceilteach — nó sa gcuid is fearr den Léann Ceilteach, faoi mar a chleachtaí in St. Mike’s é — ní minic a bhíonn sé sin ar fáil.

“Tá sé d’ádh ormsa bheith ag obair sa roinn ‘Ceilteach’ is mó san oileán úr — Roinn an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Concordia in Montréal — ach, mar is léir ón ainm, is leis an nGaeilge amháin a bhíonn muide ag plé. Buille tubaisteach do theagasc na dteangacha Ceilteacha trí chéile é an t-athrú seo atá beartaithe, ar an mbonn sin.”

Dúirt Brian Ó Conchubhair, ollamh comhlach le Gaeilge agus údar atá ag obair i Stáit Aontaithe Mheiriceá le fada, gur léiriú atá sa phlean atá ag Ollscoil Toronto ar an chúngú atá á dhéanamh ag institiúidí oideachais ar theangacha.

“Tá an-bhéim anois ar chumas cultúrtha, nó ‘cultural competency’ seachas ar líofacht teanga, ach an ionann an dá rud?”

“Tá teangacha, idir mhór agus bheag, faoi bhagairt in ollscoileanna ar fud an domhain. Is cuma más Toronto, West Virginia, Notre Dame nó Obar Dheathain atá i gceist.

“Tá ollscoileanna ag dúnadh ranna teangacha agus ag fáil réidh le cúrsaí, le céimeanna teangacha agus le riachtanais teangacha,” a dúirt an tOllamh Brian Ó Conchubhair.

Níos mó