Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
comhairle-carad:-an-bhfuil-glasrai-‘fulangach-ionsaitheach’?

Comhairle Carad: An bhfuil glasraí ‘fulangach-ionsaitheach’?

| kathryn ni mhaolain | ,

Ó iteoirí beadaí go bainisteoirí fulangach-ionsaitheacha a thagann scéalta na seachtaine seo agus ceist eile níos tromchúisí ina measc. Go minic, is í an chéad chéim agus muid ag dul i ngleic le fadhb nó le dúshlán saoil ná aithint gurb ann don fhadhb, agus gur mhaith leat cúrsaí a athrú. Bíodh sin bainte le do mheabhairshláinte, le do shaol proifisiúnta nó fiú le d’aiste bia – tá sé suntasach an chéim sin a thógáil.

Seo chugaibh ceisteanna na seachtaine seo agus comhairle Kathryn…

H, 30
Tá mo bhainisteoir iontach ‘passive aggressive’ agus críochnaíonn sí achan ghearán liom le dea-mholadh – conas is féidir liom déileáil leis seo?

Is ceist chiotach í seo, go háirithe maidir leis an mholadh ag deireadh gearáin. Dúradh liomsa i gcónaí gur fearr aischothú a thabhairt mar cheapaire: moladh, ansin rud atá le forbairt, agus críochnú ar rud dearfach arís. Tá seans ann gur sin atá i gceist ag do bhainisteoir agus go bhfuil dea-ghuí taobh thiar de – ach ní sin le rá go bhfuil siad á dhéanamh ar bhealach éifeachtach!

I dtaca leis an iompar ‘fhulangach-ionsaitheach’, is í mo bharúil féin gurb í an dóigh is fearr le dul i ngleic leis ná neamhaird. Ní sa dóigh nach dtugann tú freagra orthu nó nach labhraíonn tú leo… ach glac le hachan rud mar a deir siad. Má deir do bhainisteoir nach bhfuil ort an píosa oibre sin a athdhéanamh, ach léann tú ón ghnúis gur mhaith leo na hathruithe… neamhaird. Má mhothaíonn tú gur mhaith leo go n-oibreoidh tú go mall anocht ach ní deir siad na focail sin… neamhaird. Ní féidir linn a bheith freagrach as daoine eile a léamh – go háirithe daoine a íoctar chun muid a stiúradh. Is ualach breise é duine fulangach-ionsaitheach a léamh agus d’iompar féin a athrú dá réir. Mar sin, ná déan!

De réir mar a leanann tú leis seo, tabharfaidh do bhainisteoir faoi deara (tá súil agam) gur gá a bheith oscailte agus ionraic má tá siad ag iarraidh go mbeidh an fhoireann ag obair go héifeachtach. An mothóidh tú dímhúinte? B’fhéidir. Ach an bhfuil sé dímúinte má bhíonn duine fulangach-ionsaitheach leatsa? Is cinnte go bhfuil!

C, 29
Tá mé buartha faoi mo chuid meabhairshláinte. Déanaim gach rud a ba cheart dom a dhéanamh ó thaobh féinchúraim de, ag ithe go maith, ag déanamh aclaíochta go rialta. Déanaim mo sheacht ndícheall cothromaíocht a bheith agam idir mo shaol oibre, mo shaol sóisialta agus am a thabhairt dom féin fosta ach tá rud éigin go fóill in easnamh dom agus bhí sé ar intinn agam labhairt le comhairleoir nó le teiripeoir. Ach tá stiogma ann i mo theaghlach leis an chineál cuidithe seo a fháil, go háirithe mar síleann siad go bhfuil mé go breá. An bhfuil aon chur amach agat ar a leithéid de seo? Nó aon mholadh eile? Níor mhaith liom m’fhadhbanna pearsanta a roinnt le daoine eile cosúil le cairde mar tuigim go bhfuil siad faoi bhrú ina saol féin…

Tá difear mór idir mheabhairshláinte agus meabhairghalar. Neartaíonn na dea-nósanna dea-mheabhairshláinte, cinnte, ach ní réitíonn siad dúlagar nó gruaim thromchúiseach. Níl mé ag tabhairt aon diagnóis ort dar ndóigh, ach má tá tú ag dul do na rudaí sin ar fad agus go fóill in ísle brí, bheadh sé go maith tacaíocht bhreise a lorg. Molaim thú as na hiarrachtaí atá déanta agat go dtí seo agus tá mé cinnte go mbeidh na nósanna sin ina gcuidiú duit amach anseo. Ach má tá rud go fóill ar iarraidh, agus tacaíocht bhreise uait, iarraim ort, le do thoil, cuidiú proifisiúnta a lorg.

Níl ort insint d’aon duine go bhfuil tú ag freastal ar chomhairleoir; ach ag an am chéanna, ná mothaigh gur ag cur brú ar do chairde atá tú má insíonn tú dóibh – sin cairdeas. Dá mbeadh duine de do chairde ag mothú mar atá tusa, bheifeá ag iarraidh a bheith ar an eolas agus fios a bheith agat go bhfuil siad ag dul i ngleic leis agus ag fáil cuidiú ó dhuine gairmiúil. Maidir le do theaghlach: sin rud a mbeadh comhairleoir ábalta cuidiú leat leis chomh maith.

Tabhair aire duit féin agus bí i dteagmháil arís más maith leat. Ádh mór ort ar an aistear seo, agus go raibh maith agat as an chéad chéim a roinnt liom.

A, 27
Is fuath liom glasraí! Ní bhím ach ag iarraidh rudaí simplí a ithe, agus tá go leor rudaí ann nach maith liom a ithe, cé gur thriail mé iad roimhe. Bíonn mo chairde ag gáire orm. Tá mé ag iarraidh a bheith níos sláintiúla ach níl a fhios agam cén áit le tosnú! Cad a cheapann tú?

Is dócha go bhfuil sé scanrúil ag smaoineamh ar cén áit le tosnú nuair a shíleann tú nach maith leat go leor de na glasraí atá ite agat roimhe seo. Ach is fiú go mór a chuimhniú go mbíonn blaiseadh difriúil ar fad ar ghlasraí ag brath ar an dóigh a gcócaráiltear iad. Ní maith liom féin brocailí ná meacain dhearga bruite ach is breá liom iad rósta le neart ola, salainn agus piobair.

An moladh is mó – triail rudaí! Ó phlátaí do chairde, ag dinnéar sa bhaile (dinnéar na Nollag!), fiú i mbialann nuair atá tú cróga go leor. Tabhair faoi deara cad iad na comhábhair sna rudaí a bhfuil dúil agat iontu, agus cad iad na comhábhair nach maith leat. Bímse féin an-tugtha d’aon rud ina bhfuil scuais imchnó, chorizo nó halloumi, mar sin, má tá rud ar bhiachlár a luann iad siúd, bainim triail as.

Déan iarracht gan a bheith crua ort féin agus gan éisteacht le do chairde agus iad ag magadh fút. Tá rudaí ann nach dtaitníonn leofa go cinnte, agus níl sa difear ach go dtuigeann siad cad iad na rudaí eile is féidir leo a ordú! Ní gá go mbeadh dúil agat i ngach cineál bia. Ach bain triail as rudaí níos mó ná uair amháín agus b’fhéidir go mbeadh iontas ort!

An bhfuil dúshlán i do shaolsa? Fadhb nach bhfeiceann tú réiteach fána coinne? Cuir ceist ar Kathryn agus gheobhaidh tú comhairle carad ón chroí.

The post Comhairle Carad: An bhfuil glasraí ‘fulangach-ionsaitheach’? appeared first on NÓS.

Níos mó