Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
sketchimini:-suionn-scribhneoir-na-sraithe-grinn-nua-le-nos

SKETCHIMÍNÍ: Suíonn scríbhneoir na sraithe grinn nua le NÓS

| conor torboid | ,

Bhí an deis ag NÓS ar na mallaibh scríbhneoir na sraithe Sketchimíní, Hilary Bowen-Walsh, a chur faoi agallamh. Is sraith ghrinn í Sketchimíní a thosaigh i mí Mheán Fómhair ar YouTube agus a dhéanann scigaithris ar chuid de na steiréitíopaí is mó a bhaineann leis an Ghaeilge i measc rudaí eile.

Tá ocht bhfíseán sa tsraith ó ‘Fluency’, a léiríonn draíocht na líofachta i dtaca leis an chollaíocht, go ‘Aire na Gaeltachta’, a thugann léargas spéisiúil ar ról an Aire i gcúrsaí maoinithe na Gaeltachta.

Gan a thuilleadh moille, cluinfimid ón bhean taobh thiar den cheamara.

NÓS: I dtús báire, go raibh maith agat as suí linn chun é seo a dhéanamh. Thaitin Sketchimíní go mór linn ag NÓS agus ní raibh a fhios againn cad é go díreach a raibh muid ag dúil leis ach bhí siad iontach greannmhar ar fad.

Hilary Bowen-Walsh: Go raibh maith agaibh. B’in an sprioc a bhí uaim i ndáiríre go mbeadh na físeáin, is dóigh, éadrom nó greannmhar mar tá an oiread sin rudaí atá amuigh ansin atá gruama agus dorcha agus bhí rud spraíúil sultmhar ar intinn again.

Agus rinne sibh go maith é. Nuair a smaoiním ar na gearrscannáin a bhí againn ar scoil, Yu Ming Is Ainm Dom, Lip Service, bhí siad greannmhar ach sílim go ndearn sibhse ar bhealach difriúil é. Bhí greann fisiciúil ann agus bhí stíl iontach aorach ag an scríbhneoireacht agus na haisteoirí fosta. An chéad cheist atá agam, áfach, ná cé orthu a gcuireann muid an locht as dúnmharú na nGaeilgeoirí Uladh sa tsraith? Agus cén sórt ainm é Fiadhnait Ní hUffle Puffle?

*Déanann sí gáire ar an cheist seo sula dtosaíonn sí ag freagairt*

Bhuel… Tá an rud seo ann, más féidir liom é a mhíniú. B’fhéidir nár chóir dom é seo a rá ach ceapaim go bhfuil rud ann faoi Éireannaigh go ginearálta agus cainteoirí Gaeilge freisin go bhfuil cineál faitís orthu roimh Ultaigh. De shíor ag déanamh aithris orthu. Is as Fear Manach do chara do mo chuid agus deir sé i gcónaí: *cuireann sí blas Lios na Scéithe uirthi féin* “Tá daoine i gcónaí ag spochadh as an bhlas s’agam.”

Fós féin mar dhuine as Sligeach bíonn orm srian a chur orm nuair atáimse ag caint le duine as Ultaibh freisin, mar is í an Ghaeilge is binne atá i nGaeilge Uladh. Bímse de shíor a rá sin agus rinne mise staidéar i gCorcaigh agus bím ag obair i gConamara. Tá éad ar dhaoine – sin an méid!

Sin é go díreach agus bheadh na hUltaigh breá cleachtaithe leis sin ag an phointe seo déarfainn. Inis dom cén fáth ar roghnaigh sibh Sketchimíní mar theideal na sraithe?

Chruthaigh mise an seó eile seo blianta ó shin darbh ainm Smidiríní agus tháinig cuid de na gearrscannáin seo as na míreanna sin a bhí sa dráma. Dúirt duine éigin ag an am: “Bheadh Sketchiminí iontach mar theideal.”

Is dóigh gur sceitsí grinn atá iontu, gearrscannáin ar ndóigh mar is scannánóir mise agus tá mé ag iarraidh gearrscannáin a thabhairt orthu. Agus tá sceitimíní orainn iad a chur amach ansin. Teideal fóirsteanach a bhí ann agus chloíhg muid leis go bunúsach.

In ‘Emerald Isle’ feicimid scigaithris ar The Wizard of Oz agus Dorothy ag athrá “Níl aon tinteán mar do thinteán féin” sula bhfeicimid pictiúir de chíos ar €900 agus oibreacha bóthair i mBaile Átha Cliath. Bhain sibh úsáid as an aoir ar bhealach iontach cruthaitheach.

Is focal maith é aoir mar is sin an focal a úsáidim sách minic. Ta muid ag spochadh as gnathrudaí nach bhfuil muid ag iarraidh a ghlacadh go dáiríre b’fhéidir, agus sin an cineál grinn a thaitníonn liomsa.

Agus léirigh sibh sin go maith in ‘English Language Enthusiast’ fosta. Cé chomh fada agus a bhí sibh ag obair ar an tsraith?

Is dóigh gur phróiseas sórt sciobtha a bhí ann. Taifeadadh gach rud taobh istigh de choicís go cinnte ach tosóidh mé ag an tús. Chruthaigh mé an dráma ‘Smidiríní’ blianta ó shin agus chuaigh muid chuig an Oireachtas agud d’fhorbair mé an scriopt le raon aisteoirí. Bhí coincheap agamsa faoi céard a bheadh ann ar chuidigh siadsan lioma lena fhorbairt agus ansin chuir mise snas ar na scrioptanna.

Shamhlaigh mé go mbeadh sé go hálainn, lá éigin, iad a chruthú i bhfíseáin. Fuair mé maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, ón Axis i mBaile Munna agus fuair mé tacaíocht iontach ó Chlub Chonradh na Gaeilge freisin chun iad a chruthú. Ansin bhí orainn aisteoirí a roghnú, foireann a roghnú, áiteachaí a dheimhniú don taifeadadh, taifeadadh laistigh de choicís agus thóg sé míonna chun an eagarthóireacht a dhéanamh. Sin an chaoi a mbíonn sé. Tá go leor ‘moving parts’ agus foireann mhór mhillteanach ann. Caithfidh mé buíochas ollmhór a ghabháil leis an bhfoireann iontach a bhí agam agus an raon aisteoirí.

Rómhinic – b’fheidir nach gcuirfidh mé seo ar an record. Nó b’fhéidir go gcuirfidh. Rómhinic bímid ag féachaint ar na haghaidheanna céanna i saol na Gaeilge ach tá flúirse de dhaoine nua ann freisin. Bhí mé ag iarraidh an méid is mó ionadaíochta agus ab fhéidir linn a léiriú. Faraor, ní raibh mé in ann teacht ar Ultach a bhí ar fáil, cé go bhfuil aithne agam ar roinnt aisteoirí iontacha in Ultaibh ach mar a tharla sé ni raibh éinne ar fáil. Bhí ormsa léimt isteach le mo bhlas Conallach a dhéanamh. Ach tá sé deas go bhfuil daoine as Cíarraí, Sligeach, Gaillimh, an Mhí – tá an liosta ar fad ann.

Léiríonn an ionadaíocht bhreise sin cé chomh mór agus atá pobal na Gaeilge ar fud an oileáin fosta.

Sin é agus go bhfuil éagsúlacht ann. Seachas b’fhéidir ionadaíocht. Ar ndóigh tá Jeanne Nicole Ní Ainle ann in ‘Aire na Gaeltachta’ agus ní minic a fheictear daoine le dath, mar a thugtar air anois, sna meáin i nGaeilge. Bhí sé sin tábhachtach ach níos mó ná sin is aisteoir den scoth í. Anois tá sí ina réalta mhór, ceann de na príomhcharachtair ar dhráma RTÉ. Fuair muid í nuair a bhí an táille nios ísle!

Ach ceapaim gur léirigh muid an éagsúlacht i gcainteoirí Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain agus ba cheart spás a thabhairt do gach sórt duine. Ta raon mór cainteoirí Gaeilge ann!

Dúirt tú go raibh sibh ag iarraidh rudaí gruama a sheachaint agus rud sultmhar a chur le chéile, cad é go díreach a bhí mar aidhm agaibh leis an tsraith ina hiomláine?

Greann a úsáid le dul i ngleic le téamaí níos troime nó níos dáiríre. Aoir, an focal a d’úsáid tú agus táimid ag tabhairt súil aorach ar chúrsaí Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ta muid rí-mhaith mar Éireannaigh ag cruthú scéaltaí atá dorcha agus gruama agus tá an meon diúltach seo bainteach leis an teanga. “Aw tá sí ag fáil bháis! Le blianta fada anois. Ionadh orm anois nach bhfuil si marbh. Agus cén fáth nach bhfuil sí marbh? Why isn’t it f*ckin’ dead at this stage?” Agus ceapann tú, “Like, dún do chlab.” Scéaltaí aoracha bunaithe ar rudaí den nós sin. Leis sin, bhí mé ag iarraidh a thaispeáint nach bhfuil bochtanas nó an Poblachtachas bainteach leis an nGaeilge ach go bhfuil an teanga sexy agus spraíúil. Is féidir leat achan rud a dhéanamh i nGaeilge!

Mar cheist dheireanach, an bhfuil scéaltaí grinn ar bith agat ó bheith ag taifeadadh?

Cuid ar bith ar féidir liom iad a roinnt!

Go raibh míle maith agat as seo a dhéanamh linn inniu Hilary agus guímid ar fad ag NÓS gach rath oraibh amach anseo.

Tá an tsraith Sketchimíní le feiceáil anois ar an chainéal YouTube Mumbro Top. Tabhair sos don TikTok anocht agus suigh leis na sceitsí seo. Ní bheidh aiféala ar bith ort.

The post SKETCHIMÍNÍ: Suíonn scríbhneoir na sraithe grinn nua le NÓS appeared first on NÓS.

Níos mó