Tá tancanna, iompróirí armúrtha pearsanra agus ollscartairí tugtha isteach ag arm Iosrael go dtí deisceart Gaza gar do Khan Younis.
Agus tuairiscí ann go bhfuil Iosrael ag cur athuair lena gcuid ionsaithe ar dheisceart an stráice, dúirt ceannasaí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nach bhféadfaí glacadh leis an méid atá á fhulaingt ag muintir Gaza.
Agus í ar cuairt ar Gaza inniu, dúirt Mirjana Spoljaric:
“Ní féidir glacadh leis an méid atá a fhulaingt ag daoine. Ní féidir glacadh leis nach bhfuil aon áit shábháilte ag sibhialtaigh Gaza le dul ann, ná nach féidir dóthain den chabhair dhaonnúil a chur ar fáil mar gheall ar an léigear míleata…
“Mar dhream atá neodrach, tá Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge réidh le tacú le socruithe daonnúla eile ar mhaithe le laghdú ar an bhfulaingt agus ar an mbriseadh croí.”
Agus trúpaí Iosrael ag dul níos faide ó dheas, d’eisigh siad orduithe nua aslonnaithe, a bhformhór a bhí dírithe ar dhaoine i lár agus i ndeisceart an stráice.
Rinneadh ionsaithe ón aer ar áiteanna i ndeisceart Gaza áit ar theith na céadta míle Palaistíneach chun tearmann a lorg. Measadh gur comhartha eile a bhí sna hionsaithe is déanaí go raibh Iosrael ag ullmhú chun cur lena gcogadh le talamh sa stráice atá faoi léigear le beagnach dhá mhí.
Maidin inniu, chuir údaráis Iosrael ordú nua aslonnaithe amach do 20 ceantar eile in Gaza, ceantair ina bhfuil 21 foscadán agus 50,000 duine iontu a cuireadh as seilbh de dheasca an chogaidh, de réir tuairisce de chuid na Náisiún Aontaithe.
Deir aireacht sláinte Gaza gur maraíodh 316 duine agus gur gortaíodh 664 duine in Gaza i dtréimhse 24 uair an chloig amháin ag an an deireadh seachtaine.
Maraíodh 1,200 duine nuair a thug Hamas ruathar thar teorainn ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus fuadaíodh thart ar 240 duine idir óg is aosta mar ghialla.
Deir aireacht sláinte Gaza atá faoi cheannas Hamas go bhfuil breis is 15,500 duine, thart ar 6,000 páiste ina measc, curtha den saol ó shin in ionsaithe díoltais Iosrael.