Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ag-diphlugail-in-2024

Ag díphlugáil in 2024

| hannah ni chonghaile | ,

Tá sé déanta agam! Tar éis bliain a chaitheamh a rá liom féin go scriosfad mo chuntas Instagram, táim tar éis mo chuntas a scriosadh. Agus táim ag tnúth go mór leis an mbliain seo a chaitheamh gan é!

Tá sé triallta agam an aip a scriosadh ar feadh cúpla lá (nó cúpla uair an chloig) cheana, agus téann tú i dtaithí ar an saol gan é, gan dabht. Ní bhraitheas ullamh, áfach, le mo chuntas a scriosadh go hiomlán go dtí anois. Ar nós leanbh le gobán atáim le Instagram, agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin sláintiúil. Mar sin, i dteannta lucht caite tobac a bheartaíonn go gcaithfidh siad uathu na toitíní ar an 2 Eanáir, táimse ag tabhairt suas an drochnóis is measa atá agam – Instagram.

Measaim i ndáiríre gur cur amú ama uafásach é a bheith ag scrolláil ar na meáin shóisialta ar aon nós. Scriosas Facebook timpeall bliain ó shin agus ní bhraithim uaim é in aon chor. Ach is rud difriúil é Facebook agus ní raibh sé chomh deacair scaoileadh leis an aip sin is a bheidh sé scaoileadh le Instagram. In iarrachtaí eile briseadh a thógaint ón aip, bhraitheas ar nós andúiligh agus mé ag cur allais agus é a athíoslódáil agam. Agus ní bheadh aon rud nua nó spéisiúil ann, ná ní bheadh fiú DM fachta agam!

Mar a dúirt fear a bheidh ag ceiliúradh bliain gan Instagram i mí Eanáir sa tigh tábhairne liom Oíche Chinn Bliana, “tá mo mheabhairshláinte impeccable”.

Canathaobh go dteastódh uaim Instagram a choimeád, fiú? Cuimhnigh air, téimid ar Instagram. Féachaimid ar scéalta daoine ná fuil puinn aithne againn orthu. Daoine gur cuma linn féna saol. Agus deinimid tap, tap, tap go gcímid cad atá ar bun acu. Na daoine seo ná labhróimis le chéile dá mbuailfimis san fhíorshaol. Ní luíonn sin le ciall in aon chor!

Ach… cad a dhéanfad gan Instagram? Conas go gcuirfidh mé in iúl do mo chairde agus mo naimhde go bhfuil mo shaol chomh deas? Féach an radharc álainn seo. Féach mise agus an méid cairde atá agam! Féach, táim ag dul ag snámh, ag siúl, ar saoire. Léigh an t-alt seo a scríobhas ag caitheamh anuas ar Instagram atáim chun roinnt ar Instagram!

Cad a dhéanfaidh mé leis na pictiúir a thógaim d’éirí na gréine? Conas go gcífead cad atá á dhéanamh ag mo chairde? Conas go mbeidh a fhios agam go bhfuil girlfriendboyfriend nua ag an nduine seo nó an duine siúd? Conas go mbeidh a fhios agam go bhfuil duine a bhí i rang amháin liom le linn na hollscoile geallta anois? Conas go gcoimeádfaidh mé suas leis an áit a bhfuil daoine ag dul ar saoire? Conas go mbeidh a fhios agam cé atá san Astráil ag caitheamh na gcultacha snámha dearga don Nollaig!?

An bhfuilim ag iarraidh mo chuntas a choimeád beo ionas go mbeidh duine a rinne góstáil orm bliain ó shin, ach atá do mo leanúint fós ar Instagram, ar an eolas go bhfuil mé ag déanamh go diail gan é? Canathaobh go leanann sé mé fiú? Nó an gcreidim go bhfuil duine speisialta ó Oireachtas 2016 chun sleamhnú isteach i mo DManna?

Tá a fhios againn ar fad ná roinntear ar Instagram ach buaicphointí an tsaoil, pictiúir dheasa den tráigh agus daoine gléasta suas ag dul amach. Caithfidh gur féidir linn coimeád suas leis an méid atá ar bun ag ár gcairde gan Instagram le, cuir i gcás… glaoch gutháin, gnáth-théacs, WhatsApp, nó níos fearr fós, bualadh le chéile san fhíorshaol, nach féidir?

Tá súil agam ná beidh cumha ródhona orm anois go bhfuil Instagram scriosta agam. N’fheadar éinne a oiread a bhainfead amach leis an am saor ar fad a bheidh agam!

Agus i ndáiríre, má tháim ag iarraidh a bheith in éad leis an méid atá bainte amach ag daoine eile, tá LinkedIn fós agam chuige sin.

An donas amach, mar a deirtear, agus an sonas isteach don mbliain nua. Le cúnamh Dé éireoidh liom maireachtaint gan Instagram, agus beidh mé ag maíomh fé mo mheabhairshláinte impeccable féin an t-am seo ar an mbliain seo chugainn. Go n-éireoidh linn ar fad ár ndrochnósanna a bhriseadh in 2024!

The post Ag díphlugáil in 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó