Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
an-feidir-pairc-na-mara-a-thabhairt-i-dtir,-no-an-rachaidh-si-go-toin-poill?

An féidir Páirc na Mara a thabhairt i dtír, nó an rachaidh sí go tóin poill?

| Mairtin O Cathain | ,

Ceist réadúil í – an féidir Páirc na Mara a thabhairt í dtír? Ceist thromchúiseach í agus tuileadh staidéir le déanamh ar an tionscnamh anois.

Sé an chéad rud nach féidir a athrú faoi chás Pháirc na Mara i gCill Chiaráin in iarthar Chonamara ná stádas Chuan Chill Chiaráin mar Cheantar Speisialta Caomhnaithe (SAC). Tá Páirc na Mara ag rith le himeall na farraige sin. Bhí uisce sáile ag teastáil sa gcéad phlean a bhain leis an tionscnamh tionscail mhara seo a bhí le forbairt ar an stráice talún atá ag Údarás na Gaeltachta soir ó shráidbhaile Chill Chiaráin. Bhíothas ag súil go bhféadfaí píopa a chur i bhfarraige agus an t-uisce a dhiúl aníos aisti. Ach dris chosáin roimhe sin an stádas SAC atá naofa nach mór ag an AE. Mura bhfuil cásanna an-eisceachtúil go deo ann, ní féidir iad a athrú, sa tír seo ar aon nós.

Tá Ceantar Speisialta Caomhnaithe eile tuairim is seacht gciliméadar ó thuaidh de shuíomh Pháirc na Mara – sin cuid de Choimpléasc Phortach Chonamara. B’fhéidir – agus níl ann ach b’fhéidir – nach dtiocfadh sé sin i gceist san iarratas nua pleanála, cé gur tháinig sé cheana.

Sí an dara constaic atá roimh Údarás na Gaeltachta ag forbairt Pháirc na Mara ná an imní atá ar roinnt áirithe daoine go mbeidh feilméaracht bradán ar bun ann, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Beidh sé an-deacair intinn na ndaoine sin a athrú. Tá sé de cheart ag daoine agóidí a dhéanamh in aghaidh fhorbairt Pháirc na Mara agus seans maith ann go ndéanfaidh.

Níl smacht ag na saineolaithe atá le dhul i mbun taighde arís ar Pháirc na Mara – ar iarratas ó Údarás na Gaeltachta – ar cheachtar den dá ábhar thuasluaite.

Táthar sa tóir ar shaineolaithe a dhéanfaidh scrúdú ar an suíomh arís.

Is féidir leo obair mhaith agus obair inmholta a dhéanamh, ach an leor sin le Páirc na Mara a thabhairt i dtír?

Anuraidh i gCill Chiaráin, d’fhógair Tomás Ó Síocháin, an Príomhfheidhmeannach nuacheaptha ar Údarás na Gaeltachta an t-am sin, go dtabharfaí iarraidh eile faoin tionscnamh seo. Ach, ní de léim é.

Bhí an Príomhfheidhmeannach stuama sa gcinneadh sin.

Ceart go leor, bhí go leor daoine ag iarraidh gnímh ar an bpointe. Ach, theastaigh staidéar agus suíochan ar an scéal. Dúirt Tomás Ó Síocháin go bhféadfadh roinnt blianta a bheith i gceist sula bhfeicfí toradh ar phlean a bhí chomh casta agus chomh cuimsitheach le Páirc na Mara.

Tá an chéad bheart eile ar an talamh le feiceáil arís anois.

Seachas na Ceantair Speisialta Caomhnaithe, beidh roinnt cruacheisteanna eile ann. Tharraing na pleanálaithe anuas an moladh a bhí ag Údarás na Gaeltachta cheana go dtabharfaí soláthar fíoruisce isteach go dtí Páirc na Mara as Scéim Réigiúnach Uisce Chill Chiaráin agus Charna. Thabharfaí píobán uisce aniar ón bhfoinse uisce chomh fada leis an bPáirc, achar tuairim trí chiliméadar. Ní raibh na pleanálaithe sásta leis an socrú sin; bhí imní orthu go bhfágfaí an Scéim Réigiúnach gann in uisce scaití.

Is furasta súil a chaitheamh siar agus breithiúnas a thabhairt anois ach ní móide gur leagadh dóthain béime ar cheist seo an uisce i dtosach.

Bíodh gur uisce le fána anois é, tá ceacht le foghlaim faoi sheirbhísí uisce má tá sé i ndán do phlean Pháirc na Mara teacht faoi bhláth amach anseo.

Tá Loch Scainimh an-ghar do Loch an Iarainn agus ní bheadh obair throm, ná costas trom, ag baint le píblíne ghearr a chuirfeadh breis soláthair uisce isteach as Loch Scainimh go dtí Loch an Iarainn. Bheadh fuílleach uisce ansin ann a choinneodh an Scéim Réigiúnach ag imeacht agus a chuirfeadh soláthar ar fáil do Pháirc na Mara. Ach, tá ceisteanna seandálaíochta agus timpeallachta ansin freisin.

Ta crannóg, ar mór í a cáil i measc na seandálaithe, i lár na locha sin agus Ceantar Caomhnaithe ar chuile thaobh de. Leagadh béim air sin nuair a dhiúltaigh na pleanálaithe do Pháirc na Mara. Is léir go bhfuil ceist mhór na SACanna ag baint leis sin freisin.

Bunaíodh plean Pháirc na Mara 25 bliain ó shin. Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an talamh. Ach go dtí blianta beaga ó shin, níor tugadh aon iarraidh mhór faoi fhorbairt gnó no tionscail ansin. B’fhéidir go raibh drogall ar bhainisteoirí sinsearacha in Údarás na Gaeltachta drannadh leis an ábhar ar fhaitíos éirí amach in aghaidh na feilméarachta bradán. Cúis amháin nó cúis eile nó b’fhéidir neamhshuim.

Tá an-chreidiúint ag dul do Mhicheál Ó hÉanaigh, Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag an am, na blianta 2018 agus 2019, nuair a dhírigh sé go diongbháilte ar bhorradh a chur faoin saol in Iorras Aithneach. Tá an ceantar tite i léig. Bhí an fhorbairt ar Pháirc na Mara ar an rud ba mhó a facthas dósan a chuirfeadh feabhas agus bunchloch faoin gceantar sin. Leas, a deir sé, a bhaint as na hacmhainní nádúrtha, agus an fharraige agus an cladach i gcroílár na forbartha. B’fhacthas dó go raibh na hacmhainní, agus na bunscileanna sa gceantar le sin a dhéanamh.

Bheadh staidéar agus eolaíocht nua-aimseartha ag dul ar aghaidh comhthreomhar le hoibreacha eile – leagadh go leor béime ar thionscal na feamainne – agus bheadh postanna ar ardchaighdeán ann do mhuintir na háite, cúpla céad acu de réir a chéile. B’in í an fhís agus b’in é an plean.

Tá scéalta ann go bhfuil dearcadh níos fabhraí ar fhorbairt agus ar dheiseanna fostaíochta i gComhairle Chontae na Gaillimhe anois ná a bhí ann le riar maith blianta. San am céanna caitear cloí le treoracha náisiúnta. Agus tá an Coimisiún Pleanála, an Bord Pleanála mar a bhíodh, ann freisin.

Ceist réadúil í – an féidir Páirc an Mara a thabhairt í dtír?

Ní dochar súil a chaitheamh ar an bpictiúr mór. Bhí 340 dalta i mbunscoileanna Chill Chiaráin/Charna 35 bliain ó shin. Bhí an figiúr sin laghdaithe go dtí 240 tráth ar tosaíodh an chaint ar Pháirc na Mara 25 bliain ó shin. Sa mbliain seo, 2024, níl ach 134 gasúr i mbunscoileanna an cheantair.

Tá ceisteanna réadúla eile ann freisin.

Níos mó