Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
‘anois-an-t-am-le-tosu-ag-ullmhu-do-straiteis-fiche-bliain-nua-don-ghaeilge’

‘Anois an t-am le tosú ag ullmhú do straitéis fiche bliain nua don Ghaeilge’

| Tuairisc.ie | , ,

Ní foláir tosú láithreach ar an obair ullmhúcháin le straitéis náisiúnta nua a thabhairt isteach don Ghaeilge, a deir sochtheangeolaí aitheanta.

In 2030 a thiocfaidh deireadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus deir Seosamh Mac Donnacha gur chóir tosú ag pleanáil anois do straitéis fiche bliain nua don teanga.

Is cosúil gur teip a bheidh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i dtaca leis na príomhspriocanna atá inti – go mbeadh 250,000 duine sa stát ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais faoi 2030 agus go mbeadh ardú 25% ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Laghdú 12.6% a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht idir 2011-2022.

Laghdú 6.9% a tháinig idir 2011-2022 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa stát.

71,968 duine sa stát a thug le fios i nDaonáireamh 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

“Is léir ag an bpointe seo nach mbainfear amach an sprioc a bhí leagtha síos sa straitéis – go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa tír faoin mbliain 2030,” a deir Seosamh Mac Donnacha.

“Ach is dóigh gurb é an díomá mhór atá ann i ndáiríre, ní hamháin nach mbainfidh muid amach an sprioc sin ach go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar fud na tíre ag titim de réir a chéile seachas a bheith ag dul ag ardú.”

Cé nach bhfuil tréimhse na straitéise fiche bliain caite go fóill, anois an t-am le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi agus tosú ag pleanáil do straitéis nua a chuirfí i bhfeidhm idir 2030-2050, a deir Mac Donnacha, duine d’údair An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht

“Sa méid is go bhfuil dul chun cinn déanta, go bhfuil córas ann sa nGaeltacht anois le pleanáil teanga a chur chun cinn, go bhfuil tacaíocht sa gcóras oideachais agus mar sin de, is í an cheist atá anois ann ná go mb’fhéidir go bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar tá muid breis agus dhá thrian den bhealach fríd ag an bpointe seo agus ba cheart dúinn a bheith ag déanamh athbhreithniú anois.

“Ní lena hathrú [an straitéis] ach lena fháil amach céard iad na rudaí a bhfuil ag éirí go maith leo agus céard iad na rudaí nach bhfuil ag éirí go maith leo – agus go mbeadh muid ag tosú ag obair anois ar an straitéis a bheas againn don chéad 20 bliain eile, abair ó 2030-2050 mar tógfaidh sé sé nó seacht de bhlianta an straitéis nua sin a chur le chéile agus anois an t-am i ndáiríre le bheith ag glacadh na gcéad chéimeanna i dtreo straitéis nua 20 bliain don Ghaeilge.”

Deir Seosamh Mac Donnacha go raibh sé soiléir ón tús nach mbainfí amach na spriocanna a bhí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus go gcaithfear taighde a dhéanamh roimh an gcéad straitéis eile chun teacht ar phictiúr níos cruinne de staid na teanga sa Ghaeltacht.

“Ceann de na rudaí spéisiúla faoin daonáireamh ná go dtugann sé figiúirí dúinn faoi na patrúin teanga atá sna limistéir pleanála teanga. Eolas nua é sin dúinn. An deacracht atá fós ann, áfach, ná go leor de na limistéir pleanála teanga cuireann siad san áireamh ceantar lag Gaeltachta agus ceantar láidir Gaeltachta, ceantracha a roinneadh ina gcatagóirí éagsúla –  A,B C – sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá géarghá fós againn le tuiscint níos fearr a fháil ar céard atá ag dul ar aghaidh sna ceantracha sna catagóirí éagsúla.”

Bíodh is nár glacadh riamh leis na catagóirí Gaeltachta i bpolasaí teanga an stáit, ba chóir ar a laghad úsáid a bhaint astu chun taighde nua a dhéanamh, a deir Mac Donnacha.

“Nuair a chuirtear na catagóirí le chéile faigheann tú meánfhigiúr, ní fhaigheann tú aon eolas faoi céard atá ag dul ar aghaidh i gceantar amháin, seachas i gceantar eile. Fiú mura mbeadh an Roinn [na Gaeltachta] sásta glacadh leis na catagóirí mar bhunús do na limistéir pleanála teanga – agus b’fhéidir go bhfuil sé ródheireanach ag an bpointe seo – bheadh sé tábhachtach go mbeadh muid in ann anailís a dhéanamh ar na figiúirí daonáirimh bunaithe ar na catagóirí agus dá mbeadh clár leathan leanúnach taighde ar fáil dúinn go mbeadh an clár sin in ann breathnú go mion ar céard atá ag tarlú sna ceantracha sna catagóirí éagsúla.”

Dar leis nach leor ann féin an daonáireamh chun “an pictiúr iomlán a fheiceáil”.

“Má tá tú ag breathnú ar cheantar láidir teanga Gaeltachta in iarthar Chonamara, d’fhéadfadh sé go mbeadh cuma láidir ar an gceantar sin ach go mbeadh rudaí ag tarlú nach mbeadh muid ag piocadh suas orthu nuair nach bhfuil ach meánfhigiúr ar fáil.

“Tuigeann muid cé mhéad cainteoir laethúil Gaeilge atá ar fud na tíre lasmuigh den chóras oideachais, mar shampla, ach ní thuigeann muid an briseadh síos atá ar na cainteoirí Gaeilge sin, mar shampla dá mbeadh ardú tagtha ar na haoisghrúpaí is óige, b’in rud dearfach ann féin.

“Freisin bheadh sé go maith dá mbeadh tuiscint níos fearr againn ar céard atá ag spreagadh daoine i dtreo na Gaeilge nó i gcoinne na Gaeilge. Agus chuige sin i ndáiríre theastódh clár leathan leanúnach taighde uainn leis na ceisteanna seo a fhreagairt.”

Níos mó