Tá cáineadh géar déanta ag an INMO ar an HSE faoina laghad seirbhísí Gaeilge atá ar fáil do dhaoine sa chóras sláinte.
Ag cruinniú a bhí ag an INMO le Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo chuir Phil Ní Sheaghdha, Ard-Rúnaí an cheardchumainn, a himní in iúl d’oifigigh Roinn na Gaeltachta “faoin easpa dul chun cinn” atá déanta ag an HSE maidir lena chinntiú go bhfuil dóthain seirbhísí i nGaeilge á gcur ar fáil don phobal.
Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Phil Ní Sheaghdha gur chosúil nach dtuigeann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé “riachtanach” go gcuirfí seirbhísí Gaeilge ar fáil do dhaoine de réir na reachtaíochta teanga agus gur chóir do Roinn na Gaeltachta aird a dhíriú ar an cheist.
“Tá an dlí ag rá anois go gcaithfidh breis seirbhísí a bheith ar fáil trí Ghaelainn agus go mbeidh 20% de na hoibrithe nua in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaelainn faoi 2030. Níl muid cóngarach in aon chor dó sin, fiú amháin sa Ghaeltacht.
“Níl éinne ag rá leis an HSE go bhfuil na seirbhísí seo i nGaelainn riachtanach agus níl aon bhéim ar chainteoirí Gaelainne a earcú go dtí an Ghaeltacht, gan bacadh le seirbhísí Gaelainne in áiteanna eile. Is dóigh liom gur cheart do Roinn na Gaeltachta féachaint arís air seo.
“Má tá an dlí ann, cad atá an Roinn ag déanamh faoi sheirbhísí stáit nach bhfuil ag déanamh faic faoin dlí nua?” a dúirt Ní Sheaghdha.
Dúirt Ard-Rúnaí an INMO, arb as Gaeltacht Chorca Dhuibhne di, nach raibh “aon bhéim in aon chor” ar sheirbhís a chur ar fáil i nGaeilge d’othair in ionaid chúraim fhadtéarmacha sa Ghaeltacht.
“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh seirbhísí ann do dhaoine atá ag maireachtaint sna Gaeltachtaí agus go háirithe dóibh siúd gurb í an Ghaelainn an teanga dhúchais atá acu.
“Táimid ag caint ar dhaoine críonna go háirithe, daoine atá ag dul in aois, agus gach rud a thagann leis sin. Léiríonn na staidéir atá déanta go dtéann daoine siar go dtí an chéad teanga a bhí acu. Ós rud é nach bhfuil daoine atá ag tabhairt aire agus cúram dóibh in ann labhairt leo ina dteanga féin, ní dóigh liom go bhfuil sin ceart ná cóir sa lá atá inniu ann,” a dúirt Ní Sheaghdha.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo go bhfuil comhéileamh á dhéanamh ag Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) agus Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta mar chuid de na cainteanna atá ar siúl ag lucht ceardchumainn agus an rialtas faoi chomhaontú pá nua d’oibrithe na hearnála poiblí.
Deir an INMO go bhfuil sé “riachtanach” go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta le breis daoine a mhealladh le dul ag obair sa Ghaeltacht.
In 2012 a cuireadh deireadh leis an liúntas Gaeltachta, liúntas arbh fhiú 8% de thuarastal altraí agus dochtúirí sa Ghaeltacht é, cé nach bhfuil gach altra agus cúramóir ina theideal.
Tá an INMO ag éileamh go n-íocfaí an liúntas Gaeltachta le gach duine sa tseirbhís sláinte atá ag obair sa Ghaeltacht, altraí atá ag obair i measc an phobail agus cúramóirí baile san áireamh.