Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
fathaigh,-curiarrachtai-agus-scathdhornalaiocht:-suil-chun-tosaigh-ar-clg-na-bhfear-in-2024

Fathaigh, curiarrachtaí agus scáthdhornálaíocht: súil chun tosaigh ar CLG na bhfear in 2024

| eoin ohare | ,

Bliain nua, agus cé go bhfuil sioc mhí Eanáir ag socrú isteach go ceann tamaill eile, tá deireadh an gheimhridh fhada romhainn agus bliain mhór spóirt i ndán dúinn in 2024.

Agus curiarracht ar an líne sa chraobh iománaíochta, fathaigh bhainistíochta in aghaidh a chéile sa pheil agus an gnáthscaoll morálta le brath i gcónaí, caithimis súil ar chuid den mhéid ar féidir a bheith ag súil leis thar an chéad 12 mhí eile.

Iomáint

San iománaíocht, níl sioc sin na hathbhliana ag cur isteach go dtí seo ar na comórtais réamhshéasúir. Cá bhfios cé mhéad atá á fhoghlaim ag na imreoirí i gCorn Bhreathnach (scríobhann cuid de na jócanna faoin urraitheoir, Dioralyte, iad féin) agus i Sraith na Mumhan, ach nach dtiocfadh an cheist chéanna a chur faoin tSraith Náisiúnta i gcás na liathróide bige le cúpla bliain anuas?

Ag deireadh na dála, is fíorbheagán a fhoghlaimeoimid faoin iomaíocht a bheidh os comhair Luimnigh agus iad ag tabhairt faoin chúigiú craobh a ghnóthú as a chéile den chéad uair riamh san iománaíocht – go dtí go dtabharfaidh siad cuairt ar Pháirc Uí Chíosóg an 21 Aibreán.

Tugann am seo na bliana deis, ar a laghad, do na foirne idirchontae atá ar imeall na scothaicme an bhearna sin a laghdú rud beag. Is fíorbheagán a bheidh foghlamtha ag Áth Cliath ná ag Aontroim, áfach, ón slad a rinneadh ar na Cróchbhuíonna i bPáirc Parnell i gCorn Bhreathnach – ach amháin go bhfuil an chuma air go mbeidh straitéis poc amach Aontroma marfach dóibh arís eile i mbliana.

Tá bliain mhór eile de dhíth ar Mhicheál Donoghue má tá sé chun Áth Cliath a thabhairt i dtreo na huasaicme sin, agus an baol ann go mbeidh streachailt i ndán d’Aontroim ina gcéad bhliain gan a gceannaire Neil McManus agus roinnt mhaith de dhream Dhún Leathaigh – coinneoimid súil ar na foirne sin idir seo agus deireadh na sraithe náisiúnta. Seachas sin – agus cluiche ceannais na gclub an deireadh seachtaine seo chugainn – feicfimid sibh ar ais anseo an 21 Aibreán.

Peil

Is mó a fhoghlaimeofar ón tSraith Náisiúnta peile, atá ag croílár aicsean na liathróide móire le blianta beaga anuas – agus giota beag níos mó airde uirthi i mbliana, b’fhéidir, le tuilleadh daoine le feiceáil ar an taobhlíne lena linn.
Díreach mar a bhí in 2011, tá Jim McGuinness tagtha i gceannas ar Dhún na nGall, foireann atá rud beag caillte, tráth a bhfuil Mickey Harte (thuas) ina bhainisteoir ar fhoireann atá ina seaimpíní in Ultaibh le dhá bhliain anuas. An t-am seo, áfach, is í Doire atá ar thairseach dul chun cinn mór agus iad ag cnagadh ar an doras uile-Éireann le cúpla bliain – tá Harte istigh chun an chéim sin a chur i gcrích leo mar a rinne sé ina chéad bhliain le Tír Eoghain in 2003. Beidh leathshúil ar a laghad ag an tír ar fad, mar sin, ar scáthdhornálaíocht an dá chontae i gcluiche ceannais Chorn an Dochtúra Mac Cionnaith an deireadh seachtaine seo chugainn.

In éineacht leis na tinrimh arda a tuairiscíodh ag cluichí an chomórtais chéanna an mhí seo, tagann an tsuim níos suntasaí sin sna comórtais réamhshéasúir rud beag salach ar phríomhghné de dhioschúrsa na peile le blianta beaga anuas: is é sin go bhfuil an spórt féin ar an dé deiridh toisc ró-chóitseáil; róbhéim ar an aclaíocht seachas ar an imirt; pasanna lámha seachas cicphasáil; easpa spontáineachta na n-imreoirí; pluid-chosaint; formáid chiotach The Sunday Game; rath na foirne náisiúnta rugbaí; ceartaiseacht pholaitiúil; agus cibé rud eile a bheidh agatsa féin leis.

Lom dáiríre, is deacair an argóint a dhéanamh go bhfuil an pheil anois chomh tarraingteach céanna mar thaispeántas is a bhí sular tháinig réabhlóid theaicticiúil McGuinness in 2011. Má tá an pheil le sábháil uaithi féin – nó mura mbeidh beart rialacha nua chun amhlaidh a dhéanamh – seans go mbeidh réabhlóid eile de dhíth ó dhuine de na fathaigh bhainistíochta seo in 2024 chun sciúirse na stíle seilbh-bhunaithe a ruaigeadh ar deireadh.

Níor luaigh muid fiú an t-ocras a bheidh ar David Clifford cuimhní an chluiche ceannais anuraidh a chur i gceart, ná imreoirí Átha Cliath atá i ndiaidh éirí as an pheil ar deireadh. Nach cuma faoin pheil mar thaispeántas nuair atá an scéalaíocht mórthimpeall uirthi chomh maith sin?

The post Fathaigh, curiarrachtaí agus scáthdhornálaíocht: súil chun tosaigh ar CLG na bhfear in 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó