Moladh ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge gur aistritheoirí creidiúnaithe a chuirfeadh an Ghaeilge ar fáil d’fhógraí ag comhlachtaí stáit agus imní á léiriú faoi chaighdeán na Gaeilge a bhíonn acu.
Tháinig méadú suntasach ar líon na bhfógraí Gaeilge sna meáin ó dheas ó cuireadh dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar ranna stáit agus comhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.
De réir miontuairiscí cruinnithe boird, a bhfuil scagadh déanta ag Tuairisc orthu, léiríodh imní faoi chaighdeán na teanga sna fógraí poiblí ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge anuraidh.
Dúradh gur chun caighdeán na Gaeilge a úsáidtear sa saol poiblí a fheabhsú a bhunaigh Foras na Gaeilge Séala an Aistriúcháin agus gur chóir aistritheoirí creidiúnaithe a úsáid i gcónaí nuair a bhíonn ábhar á aistriú.
Fiosraíodh ag an gcruinniú boird an mbeadh an eagraíocht trasteorann in ann dul i ngleic le ceist chaighdeán na Gaeilge sna fógraí agus an bhféadfaí an cheist sin a phlé ag cruinniú den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, an coiste atá ag ullmhú plean náisiúnta le feabhas a chur ar ar an tseirbhís phoiblí a chuirtear ar fáil i nGaeilge.
Cuireadh 54 iarrthóir faoi scrúdú do Shéala an Aistriúcháin in 2022 ach níor éirigh ach le naonúr acu. Tá an séala faighte ag 230 duine ó cuireadh tús leis an scéim.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus ní mór do gach comhlacht poiblí 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh sna meáin Ghaeilge.
Léiríodh imní ag an gcruinniú céanna de bhord an Fhorais faoi na nithe éagsúla a measadh a bhí ag cur as do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ó dheas, ina measc an laghdú a bhí le déanamh ar an am a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna agus córas na ndíolúintí.
Dúradh go mbeadh an Rialtas ag brath ar éifeacht an chórais oideachais leis an sprioc earcaíochta 20% a chomhlíonadh agus gur léir nach raibh an cheist sin á cur san áireamh ag an Roinn Oideachais.
Dúradh go raibh ag teip cheana féin ar an gcóras oideachais líon na nGaeilgeoirí a bhí ag teastáil san Aontas Eorpach a sholáthar agus go raibh taighde ann a léirigh líon na n-uaireanta teagaisc a bhí de dhíth le caighdeán ar leith a bhaint amach.
Iarradh go scríobhfaí litir chuig an Aire Oideachais Norma Foley chun imní an bhoird a chur in iúl.
Ag an gcruinniú ina dhiaidh sin, tugadh le fios gur sheol Cathaoirleach an bhoird litir chuig an Aire maidir leis na huaireanta foghlama Gaeilge i mbunscoileanna agus go raibh cruinniú iarrtha leis an Aire Foley.