Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
is-tuisce-a-chuirfeadh-trialacha-trump-cor-san-fheachtas-na-a-cheili-comhraic

Is túisce a chuirfeadh Trialacha Trump cor san fheachtas ná a chéilí comhraic

Tá súil ag Ron DeSantis agus Nikki Haley go mbeidh brú ar Donald Trump sna seachtainí seo romhainn mar gheall ar na cásanna cúirte éagsúla ina aghaidh

Is túisce a chuirfeadh Trialacha Trump cor san fheachtas ná a chéilí comhraic

Is beag duine a bhíonn páirteach i gcomórtas nó i gcoimhlint nach mbíonn súil acu an bua a bheith acu. I Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi láthair sin é go díreach atá ag tarlú.

Tá Ron DeSantis agus Nikki Haley sa tóir ar an dara háit i réamhthoghcháin Iowa. Níl aon amhras, is cosúil, ach go mbeidh Donald Trump chun cinn ar an mbeirt acu – deir na pobalbhreitheanna go bhfuil os cionn 70% de thacaíocht an phobail aige.

Tá súil ag DeSantis agus Haley go mbeidh brú ag teacht ar Trump sna seachtainí seo romhainn mar gheall ar na cásanna cúirte éagsúla ina aghaidh. Tá ag éirí le Haley go leor airgid a mhealladh chuici féin, rud a bhíonn cinniúnach in aon fheachtas toghcháin i Meiriceá.

Nuair a thosaigh sé i mbun feachtais bhí DeSantis á chur féin i láthair mar mhalairt ar Trump. Tá na polasaithe céanna aige a théann i bhfeidhm ar lucht leanúna Trump ach cuireann sé i láthair iad ar bhealach níos meáite.

Tá an rud céanna ag tarlú anois le Haley. Tá sí á cur féin i láthair ar bhealach a mheallfaidh vótaí ó chuid de na neamhspleáigh a bheidh ag vótáil in Iowa. Ná déanadh muid dearmad go raibh Nikki Haley ina hambasadóir sna Náisiúin Aontaithe agus gurb é Trump a d’ainmnigh sa ról sin í. D’eascair sí go polaitiúil ó ghluaiseacht an Tea Party. Tá sí ag iarraidh a chur in iúl gur aici féin atá an seans is fearr an ceann is fearr a fháil ar Joe Biden i mí na Samhna.

Braithfidh sé sin ar fad ar thorthaí na gcásanna cúirte ar fad in aghaidh Trump. An tseachtain seo chuaigh sé chun cúirte in Washington ag maíomh nach féidir de réir an Bhunreachta cúiseanna a chur in aghaidh Uachtaráin i gcoireanna feidearálacha agus go bhfuil díolúine aige óna leithéid. Tá súil ag foireann Trump go gcuirfidh na hiarratais agus na hachomhairc ar fad moill ar na trialacha san 91 cúis atá ina aghaidh agus dá réir go mbeidh Super Tuesday thart, ar an 5 Márta, agus an t-ainmniúchán faighte aige.

An breithiúnas is suntasaí a tharlóidh sna seachtainí seo romhainn an breithiúnas a dhéanfar faoi alt 3 den 14ú leasú ar an mBunreacht. Tá leas á bhaint as an bhforáil le cosc a chur ar Trump a bheith ar an bpáipéar ballóide ar an mbunús gur ghlac sé páirt in éirí amach in aghaidh an rialtais ar an 6 Eanáir 2021 agus ina chuid iarrachtaí toradh an toghcháin in 2020 a chur ar neamhní.

Cuirfear tús leis na héisteachtaí sin ar an 8 Feabhra. An mbeidh breithiúnas againn roimh Super Tuesday? Caolseans, ach idir an dá linn tá Haley agus DeSantis ag ionsaí a chéile le súil agus go mbeidh siad sa dara háit in Iowa. Iad ag iarraidh a bheith faoi réir sa gcás go mbeadh folúntas Poblachtánach le líonadh sna míonna seo romhainn ar threoir ón gCúirt Uachtarach, b’fhéidir?

Níos mó