Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
rol-maidir-le-caiteachas-ar-chursai-teanga-le-tabhairt-do-chomhairle-thoir-thiar-nua

Ról maidir le caiteachas ar chúrsaí teanga le tabhairt do Chomhairle Thoir-Thiar nua

| Tuairisc.ie | ,

Tá margadh déanta ag Rialtas na Breataine leis an DUP go mbunófar comhairle nua a mbeidh sé mar chúram uirthi súil a choinneáil ar an méad airgid a chaitear ar chúrsaí teanga agus cultúir.

Beidh an ról sin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaiteachas a dhéantar ar chúrsaí teanga agus cultúir i measc na gcúram ar an gComhairle Thoir-Thiar nua atá le bunú faoin gcomhaontú a rinne an DUP faoi athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Foilsíodh tráthnóna na sonraí sa socrú, Safeguarding the Union, a rinneadh idir an DUP agus Rialtas na Breataine, socrú a chuirfidh deireadh le baghcat an DUP ar Stormont.

Fágann an socrú nua go laghdófar na seiceálacha a dhéanfar ar earraí a sheoltar ón mBreatain go dtí Tuaisceart Éireann.

Cuireann an comhaontú deireadh le dearbhuithe seiceála agus custaim d’earraí atá le fanacht sa Tuaisceart agus nach bhfuil le seoladh thar an teorainn isteach sa deisceart agus Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh.

Tá “barántas” sa cháipéis cheannais nach ndéanfar seiceáil ar earraí as an Tuaisceart a bheidh á ndíol sa Ríocht Aontaithe.

Déanfaidh Rialtas na Breataine rialacháin nua chomh maith le stop a chur le lucht easpórtála an Tuaisceart a úsáid chun earraí a sheoladh isteach i margadh na Breataine tríd ‘an doras cúil’.

Maidir leis an gComhairle Thoir-Thiar nua atá le bunú, deirtear go mbeidh sé mar chúram uirthi na ceangail idir ceantair na Ríochta Aontaithe a neartú. Luaitear ceangail eacnamaíochta, oideachais, spóirt agus chultúir.

“San áireamh anseo beidh ról maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaiteachas a dhéanann an Rialtas ar chúrsaí cultúir, teanga agus féiniúlachta ar fud na Ríochta Aontaithe, ar mhaithe lena chinntiú, sa chomhthéacs ar leith a bhaineann le Tuaisceart Éireann, go gcloítear le prionsabal na comhurraime,” a deirtear in Safeguarding the Union.

Deirtear chomh maith go gcuirfear tuilleadh tacaíochta ar fáil chun cur leis an tuiscint atá ag daoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar na traidisiúin éagsúla sa Tuaisceart.

Beidh soláthar sonrach ann, a deirtear, chun oidhreacht na hUltaise a chur chun cinn i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Déanfar scagadh chomh maith ar conas a d’fhéadfaí ábhar stairiúil agus ábhar ó na meáin a dhigitiú agus a chur ar taispeántas chun léargas a thabhairt “ar shaibhreas agus éagsúlacht” thraidisiúin an Tuaiscirt.

An sampla den ábhar sin a thugtar sa cháipéis ceannais ná ábhar ón nuachtán Béarla “is sine ar domhan”, an News Letter, nuachtán coimeádach aontachtach i mBéal Feirste.

Deir an DUP go dtabharfaidh an comhaontú cosaint d’áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.

D’fhéadfaí an reachtaíocht le feidhm a thabhairt don socrú is déanaí seo a rith i dTeach na dTeachtaí in Westminster amárach, Déardaoin. D’fhéadfadh Tionól Stormont teacht le chéile ar an Satharn chun Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a thoghadh.

 Tá sé á mhaíomh ag an DUP gur éirigh thar cionn leo tar éis dóibh baghcat a dhéanamh ar dhílárú na cumhachta le beagnach dhá bhliain.

Tá sé curtha i leith an DUP ag aontachtaithe agus dílseoirí atá in aghaidh deireadh a chur le baghcat Stormont gur feall é filleadh ar an bhfeidhmeannas.

Tá pacáiste airgid £3.3 billiún geallta ag an Rialtas thall mar thacaíocht don Fheidhmeannas ach a bhfillfidh sé. San áireamh ansin tá beagnach £600 milliún le freastal ar na héilimh phá atá ag oibrithe san earnáil phoiblí.

I ndiaidh an Bhreatimeachta d’aontaigh an Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach go seachnófaí teorainn chrua in Éirinn.

Mar mhargadh a thug bheith istigh don Tuaisceart i margaí na Ríochta Aontaithe agus an AE, bhí ar an Tuaisceart cloí i gcónaí leis na céadta riail de chuid an AE agus thiocfadh sé faoi Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcásanna áirithe.

Faoin bprótacal iar-Bhreatimeachta, tugadh isteach seiceálacha i Muir Éireann d’earraí agus ainmhithe a tháinig isteach sa Tuaisceart ón mBreatain le cinntiú go rabhthas ag cloí le caighdeáin an AE.

I mí Feabhra 2022, tharraing an DUP amach as an bhFeidhmeannas mar agóid in aghaidh Phrótacal Thuaisceart Éireann.

I mí Feabhra 2023, d’aontaigh Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach Creat Windsor, a laghdaigh líon na seiceálacha ar earraí agus a bhunaigh ‘lána glas’ d’earraí a bhí le fanacht sa Tuaisceart.

Ní raibh an DUP sásta leis an socrú sin ach oiread agus mhaígh siad gur lagaigh an creat sin ionad Thuaisceart Éireann laistigh den Ríocht Aontaithe.

Tabharfaidh an socrú nua a chuireann deireadh leis an mbaghcat cosaint d’ionad sin na sé chontae, dar leo.

Níos mó