Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
tabhair-isteach-an-t-earrach-le-naomh-brid

Tabhair isteach an t-earrach le Naomh Bríd

| dubhan o longain | ,

Naomh Bríd. Bíonn díospóireacht i gcónaí ann maidir leis an duine féin. Arbh ann don naomhbhean seo san fhíorshaol nó ar bhandia í ar samhlaíodh daonnacht léi ag pointe inteacht? Cibé acu atá fíor, tá áit lárnach ag Naomh Bríd i gcultúr na hÉireann; tá sí ar naomh d’éarlaimh na hÉireann (Pádraig agus Colm Cille léi) agus tá cuid mhór nósanna a ghabhann léi. Ní hamháin sin, ach, ó 2023 ar aghaidh, tá lá saoire bainc anois ann chun ómós a thabhairt di.

Tá naomh Bríd suimiúil sa bhealach seo go ndéanann muid rudaí chun comóradh a dhéanamh ar an lá. Téann cuid mhaith daoine, in Éirinn agus thar lear, chuig mórshiúl (nó mórsheisiún) ar Lá Fhéile Pádraig. Seans go gcuirfidh duine léine ghlas nó rud mar sin air nó go gcaithfeadh sé seamróg ach sin é. Tá pisreoga, nathanna, agus tairngreachtaí bainteach le Colm Cille ach ní dhéantar aon rud áirithe chun comóradh a dhéanamh ar an lá féin, an 9 Meitheamh.

Tá Bríd éagsúil sa dóigh seo. Tá rudaí le déanamh (ullmhúcháin nach turas chuig siopa eischeadúnais ina measc) chun déanamh réidh don lá seo. An rud is mó a bhíonn inár n-intinn ná Crosóg Bhríde, dar ndóigh. Téann cuid mhór daoine amach ar an lá dheireanach de mhí Eanáir agus bailíonn siad luachair. An oíche sin, déantar crosóga leo tríd an luachair a philleadh thart ar a chéile, greim á choinneáilt ar an tsop dheireanach chun a bheith cinnte nach dtiteann do chrosóg as a chéile go dtí go bhfuil an chrosóg mór go leor chun é a chríochnú. Críochnaítear í trí achan chos a cheangailt le banda leaisteach chun an luachair a choinneáilt in áit. Ná déan dearmad an chrosóg a thiontú sa treo eile agus tú ag ceangailt na gcos! Go minic, fágtar na crosóga amuigh thar oíche go mbeidh Naomh Bríd in ann iad a bheannú roimh theacht na maidine.

Tá scéal suimiúil ann faoin chéad chrosóg. Agus mé ag léamh tríd duchas.ie chun cúrsa a chur le chéile cúpla bliain ó shin, d’aimsigh mé scéal ó Chontae Liatroma ina bhfuil an chéad chrosóg, crosóg a rinne an naomh féin, luaite. Girseach scoile, Brighid McLaughlin as Cill an Dísirt (gar do Dhroim Caorthainn), a bhailigh mar chuid den tionscadal ‘Bailiúchán na Scol’ é.

Dar leis an scéal, bhí Naomh Bríd amuigh ag siúl lá amháin nuair a chuala sí duine ag scairteadh amach le pian. Chuaigh sí isteach chun a thí agus chonaic sí go raibh an fear ag fáil bháis. Fuair an naomh amach gur Phágánach é an duine seo agus rinne sí iarracht é a thiontú ina Chríostaí roimh a bhás go mbeadh sé in ann na Flaithis a bhaint amach. Mhínigh sí go bhfuair Íosa bás ar an chros chun an domhan a shlánú. Ní raibh a fhios ag an Phágánach cad a bhí i gceist le ‘cros’ agus rinne Bríd iarracht é a mhíniú. Chuaigh sí amach agus bhain sí luachair a bhí ag fás taobh leis an teach agus rinne sí cros leofa siúd chun an rud is cros ann a léiriú don fhear. Ghlac an fear leis an Chríostaíocht agus bhí a anam slán! Déantar anois na crosóga i gcuimhne air seo.

Tá cúrsa ar fhéilte na bliana ar fáil anseo.

The post Tabhair isteach an t-earrach le Naomh Bríd appeared first on NÓS.

Níos mó