Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
comhairle-carad:-o-chian-agus-o-chongar

Comhairle Carad: Ó chian agus ó chóngar

| kathryn ni mhaolain | ,

Is cinneadh ollmhór é bogadh go háit nua. Tá go leor le tabhairt san áireamh sula mbogann tú agus i ndiaidh duit bogadh. Cad é mar a rachaidh sé seo i bhfeidhm ort féin agus ar na caidrimh is tábhachtaí i do shaol? Cad é mar is féidir do dhícheall a dhéanamh leis an chinneadh atá déanta agat?

An tseachtain seo, cluineann muid ó dhuine a bhfuil amhras orthu faoi dhul a chónaí i mBaile Átha Cliath le buachaill, agus déanann muid réidh chun cairde a aimsiú i dtír nua.

C, 23
Táim i gcaidreamh le mo bhuachaill (24) le ceithre bliana anois agus réitímid go hiontach lena chéile. Tá sé díreach cáilithe le haghaidh post sna seirbhísí éigeandála agus bogtha go BÁC den chéad uair. Is as Cúige Mumhan don beirt againn, ach as contaetha difriúla agus mar sin bíonn orainn taisteal cúpla uair a chloig a dhéanamh chun cuairt a thabhairt ar a chéile gach uair. Agus mé ag críochnú sa choláiste i nGaillimh i mbliana, teastaíonn ó mo bhuachaill go bhfaighfinn post i mBÁC agus go mbogfaimis isteach le chéile nuair a chríochnaím sa choláiste.

Tá faitíos orm go gcuirfidh sé ana-chuid strus ar ár gcaidreamh – an bheirt againn in áit nua agus poist nua chomh maith le billí móra na hardchathrach a íoc? Deir sé gur slí mhaith a bheidh ann chun cinntiú go bhfuilimid ceart dá chéile má phósaimid sa todhchaí ach measaim go bhfuil níos mó le plé seachas sin. Anuas air sin, dar liom tá sé ana-luath chun bogadh isteach lena chéile, ach an bhfuilim go mícheart? Comhairle le do thoil!

Ní dóigh liom gurb ann do róluath más an duine ceart duit atá ann agus má tá sibh beirt sásta leis an chinneadh. Is ann do róluath má tá duine agaibh in amhras. Is cinneadh é seo a bhaineann leis an bheirt agaibh agus is athrú mór saoil a bheas ann daoibh. Go pearsanta agus ó thaobh an chaidrimh de. Ná glac le haon bhrú ó do pháirtí nó ó dhaoine ar an taobh amuigh – caithfidh tú do chinneadh féin a ghlacadh anseo.

I ndáiríre, mothaím ó do theachtaireacht nach bhfuil tú ag iarraidh bogadh isteach leis díreach anois. Is cosúil go bhfuil tú ar bhealach ag lorg ‘cead’ le mothú mar sin, nó ar lorg treoir ar an dóigh leis sin a rá . Níl cead uaim (ná duine ar bith!) de dhíth ort. Fásann grá le spás agus mar a deir tú féin, tá níos mó le plé ná cinneadh pósta. Tá bhur saol ar fad agaibh le bheith in bhur gcónaí lena chéile agus níl ach fuinneog bheag ama ann le bheith i do chónaí le cairde!

B’fhéidir gur scrúdú maith don chaidreamh é bogadh isteach le chéile… ach cén fáth a bhfuil gá le scrúdú ar an dóigh sin? Is scrúdú é fosta a bheith in áiteanna eile agus tá sibh cleachtaithe le bheith ag taisteal, cé nach bhfuil sé idéalach. Agus is scrúdú é nuair a fhaigheann tú amach cén dóigh a láimhseálann do pháirtí easaontú nó coimhlint.

Níor mhaith leat go mbeadh aiféala ort dá mbeadh briseadh caidrimh ann agus tú greamaithe i gconradh tí fadtéarmach le billí arda na hardchathrach. Sílim go bhfuil an ceart agat a bheith cúramach. Ní mar go síleann tú go mbrisfidh sibh, ach le spás a thabhairt daoibh féin fás mar dhaoine agus mar lánúin.

Cad é faoi seo mar rogha: an mbogfá go Baile Átha Cliath i dteach le cairde agus an ndéanfadh seisean amhlaidh? Sa dóigh sin, bheadh sibh cóngarach dá chéile ach — bheadh bhur saol féin fós agaibh. Cuimhnigh gur athrú caidrimh ollmhór é bogadh isteach le duine, agus athrú níos mó arís a bheadh ann ag dul ó chianchaidreamh go teach agus leaba a roinnt gach oíche. Sílim go bhfuil tréimhse de dhíth oraibh idir an dá staid seo. Má phósann sibh, beidh sibh buíoch as an am a chaith sibh ag fás sular bhog sibh isteach lena chéile.

H, 21
Bhog mé go tír nua agus mothaím an-uaigneach. An bhfuil moltaí agat ar conas cairde nua a dhéanamh?

Tá cinnte, a chara, agus tuigim do chás. Chaith mise bliain i mo chónaí sa Spáinn agus bhí amanna ann ar mhothaigh mé féin uaigneach chomh maith, go háirithe ag an tús. Sin ráite, mhothaigh mé féin uaigneach go leor in Éirinn roimhe. Mar sin, cuirim fáilte roimh do cheist agus gabhaim buíochas leat as í a chur. Tá mé cinnte de nach tú an t-aon duine amháin sa chás seo.

Ceann de na meancóga, sílim féin, a dhéanann daoine agus iad ag bogadh go háit nua agus ag cuartú cairde, ná go ndeifríonn siad ar mhaithe le grúpa éigin a aimsiú seachas an grúpa ceart a aimsiú (Sea, thiocfadh leat an rud céanna a rá faoi chúrsaí grá). Glac do chuid ama le cairde nua agus cinntigh gur daoine iad seo ar mhaith leat am a chaitheamh leo, daoine a chuireann áthas ort.

Cén dóigh a mbuailfidh tú le daoine sa chéad dul síos, áfach? Mholfainn toiseacht ag dul chuig grúpa éigin a thagann le chéile go minic le haghaidh caitheamh aimsire ar leith. Caitheamh aimsire a rinne tú sa bhaile b’fhéidir, nó seans gur mhaith leat rud iomlán nua a thoiseacht agus tú i dtír nua. Tá an spórt foirne go hiontach fána choinne seo. Muna bhfuil tú tugtha don spórt, smaoinigh ar ranganna damhsa/teanga/ealaíne/ióga, cumann drámaíochta, club leabhar/siúlóireachta/amhránaíochta, nó cibé rud a bhfuil suim agat féin ann. Caitheamh aimsire a thaitníonn leat a mbeidh grúpa daoine i gceist leis fosta. Ansin, beidh tú i measc scaifte daoine a bhfuil ar a laghad rud amháin i gcoitinne agat leo.

Tá sé tábhachtach go mbeadh leanúnachas de chineál éigin ann; ní fiú dul chuig grúpa mar seo uair amháin agus ansin éirí as. Ní dhéanfaidh tú dlúthchairde taobh istigh d’uair a chloig, ach má leanann tú ag dul ar ais agus ag bualadh leis na daoine céanna, is dóigh go mbeidh cairde nua agat go luath. Sa tír nua seo, murab é Béarla príomhtheanga na tíre, is fiú clárú le ranganna teanga na tíre sin! Tá seans maith ann ansin go mbuailfidh tú le daoine eile atá nua sa tír agus sa tóir ar chairde fosta.

Cén dóigh ar féidir leat comhrá a thoiseacht leis na daoine seo? Seans go mbeidh eagla ort an chéad uair a shiúlann tú isteach nuair a fheiceann tú go bhfuil aithne ag daoine ar a chéile. B’fhéidir go bhfuil grúpaí cairdis ann cheana ach is í an chéad uair an uair is deacra. An leid is mó i dtaobh comhrá a thoiseacht: cuir ceisteanna! Is breá le daoine labhairt fúthu féin. Cuir ceisteanna agus cuimhnigh ar na freagraí. Ansin cuir ceist orthu sa chéad teacht le chéile eile. Tá sé bunúsach ach tá sé éifeachtach.

Beidh ort dul sa tseans, agus beidh ort cuireadh a thabhairt do dhaoine am a chaitheamh leat. Tá níos mó iarrachta i gceist leis seo le grúpa cairde nua, i dtír nua, ná mar atá sa bhaile. Mholfainn ceist réchúiseach a chur ar dhaoine dul fá choinne caife nó beorach díreach ina dhiaidh. Tabhair cuireadh oscailte do gach duine, agus is mó seans go dtiocfaidh cúpla duine. Bí réidh go ndéarfaidh daoine “no” – ná glac é sin go pearsanta!

Rogha eile a mholfainn go mór ná ócáid ar leith a aimsiú agus cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht leat. Arís, seans nach mbeidh siad saor — tá sin go breá — beidh duine éigin sásta dul leat. Nó arís, thiocfadh leat dul leat féin agus cairde a dhéanamh ann! Ná bíodh eagla ort an ‘chéad bhogadh’ a dhéanamh. Níos fearr arís má bhaineann an ócáid sin leis an ghrúpa/rang atá tosaithe agat!

Go n-éirí leat ar d’aistear cairde nua sa tír nua. Ná déan dearmad go bhfuil cairde ag fanacht leat sa bhaile agus go bhfuil grá ag daoine duit.


Más maith leat comhairle carad a fháil ó Kathryn, líon an fhoirm anaithnid seo nó seol teachtaireacht chuig @silimthatpod. Tá fáilte roimh gach cineál ceiste: beag nó mór, amaideach nó dáiríre.

Comhairle Carad: Aimsir na scannán Hallmark

Comhairle Carad: De réir a chéile a ghlantar an caisleán

Comhairle Carad: Labhair i dteanga do pháirtí

The post Comhairle Carad: Ó chian agus ó chóngar appeared first on NÓS.

Níos mó