Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
conair-ghleineach-an-earraigh-a-soilsiu-romhainn-ag-naomh-brid

Conair ghléineach an earraigh á soilsiú romhainn ag Naomh Bríd

Ar eagla ná beadh fhios againn é, agus is maith atá mo léir, táimid i gceartlár ‘dúluachair’ na bliana.

‘Eidir Nodlaic agus Féil’ Brighde’ an sainmhíniú atá tugtha air i bhFoclóir Gaedhilge agus Béarla an Rev Patrick S Dinneen M.A. a foilsíodh ar dtúis i 1927.

Nach mór an chúis dóchais é go bhfuil an tréimhse ghruama lagbhríoch seo ag teacht chun deiridh?

Is mó scríb (scríob) is anaithe atá romhainn fós beag a’ baol ach cuirimid na fáiltí geala roimh aon tseanchas a thugann dóchas dúinn ar Lá le Bríde. ‘Gar dúinn Earrach Éireann’ mar a ghealltar sa dán ina honóir ‘Gabhaim molta Bríde’.

Chualamar leis agus sinn óg an rann beag seo:

‘Ó lá le Bríde amach,

bíonn na héin a’ déanamh nead,

bíonn na caoirigh a’ breith na n-uan

is an lá a’ dul i bhfaid…’

Agus mé ag cuardach scéalta fé Naomh Bríde sna meáin dhomhanda, chuir sé iontas orm nach in Éirinn amháin atá buannacht ag Naomh Bríde.

Tá a mBríde féin acu sa tSualainn. Ní théann a cáil chomh fada siar sna blianta is atá Bríde na hÉireann áfach.

‘Beidh gach re lá ó mo lá-sa amach go breá’ a deir Naomh Bríd linn

Sa ceathrú haois déag a mhair Brigetta na Sualainne. Bhunaigh sí ord na mBirgittine agus dhein an Pápa Boniface Naomh di sa bhliain 1391.Faigheann sí aitheantas ó Eaglaisí Caitliceacha, Anglacánacha agus Liútaracha.I mí Iúil a deintear í a chomóradh, ar an 23 lá den mhí sin.

Ní raibh Martin Luther róthógtha léi de réir dealraimh. Thug sé ‘Bríd na díchéille’ uirthi.

Ní dócha gurbh é sin an chéad uair ná an uair dheiridh faraor a mhaslaigh fear ‘beannaithe’ bean a bhí ag déanamh a díchill.

Fear cáiliúil eile ná raibh róthógtha le traidisiúin sheanbhunaithe Eaglasta ab ea an Dub iomráiteach, an scríbhneoir James Joyce. Ach féach ina mhórshaothar, Ulysses gur chuir sé ceann de láithreacha beannaithe Naomh Bríde ar an liosta áiteanna arbh fhiú do Leopald Bloom, an laoch cráite é fhéin, cuairt a thabhairt orthu.

Nach mór an tabhartas é go mbeidh lá saoire againn i mbliana chun ómós a thabhairt don mbean iontach seo, a bhfuil a cáil roimpi sna finscéalta is fabhalscéalta is sa mhiotaseolaíocht. Sin í  Muire na nGael

Tá tréaniarracht á déanamh in áiteanna éagsúla ar fuaid na tíre, ceiliúradh a bheith againn i mbliana ar lá saoire Bhríde.

Sa phríomhchathair tá liosta le háireamh imeachtaí ar bun ina honóir – ceolchoirmeacha, taispeántais éagsúla, filíocht is drámaíocht, gan trácht ar ióga Reggae. Geobhaidh tú a thuilleadh eolais ach dublin.ie agus Brigit a chuardach.

Ó DHÚCHAS…Ag gabháil thart leis an mBrídeog Lá Fhéile Bríde

Ach ní gá dul chomh fada san ó bhaile chun féile dhraíochtúil Imbolc a chomóradh.

Creidim go bhfuil gach paróiste is baile sa tír a déanamh iarracht speisialta i mbliana Lá Fhéile Bríde a chomóradh.

Sa Díseart i nDaingean Ui Chúis déanfar Bríde a cheiliúradh. I mBaile na nGall ar an 3 Feabhra cuirfidh Seán Brendán fáilte roimh Bhrídeoga agus a scileanna crois Bhríde a dhéanamh le manglaim Vermouth, más é do thoil.

Deacair buachtaint ar phobal Chill Ghobnait i gCiarraí Láir áfach ón méid atá feicthe againn sna meáin fúthu.

Is geall le Lá an Dreoilín ar fad acu é.

Gléasann siad suas in éide gheal is hataí tuí mar cheannmhaisiú orthu. Téann ó thig go tig a déanamh ceoil is cibeal do na comharsain.

Bailíonn siad ladhar mhaith pinginí do ‘chúiseanna’ éagsúla.

Tá muintir Chonamara iad féin ag ceiliúradh agus in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc tráthnóna na féile inseoidh Máirín Ní Fhionghain faoi na féilte ina tír dhúchais, Albain. Beidh an file Conallach Laoighseach Ní Choistealbha ag caint ar athrú an tséasúir agus an Conamarach Mairéad Ní Chonaola ag caint ar an naomh agus an bandia.

Is nach cuma le Naomh Bríd ach sinn a thabhairt slán ó dhorchadas an gheimhridh is conair ghléineach an earraigh a shoilsiú romhainn.

Níos mó