Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
cuntas-o-cheanada:-ar-thainig-an-t-earrach-go-roluath?

Cuntas ó Cheanada: Ar tháinig an t-earrach go róluath?

| aodhan o baoill | , ,

Tá sé scríofa agam cúpla uair sa dialann seo faoin fhuacht in Calgary. Titeann teochtanna go -40º nó -50º agus thig leis seo na seachtainí nó na míonna a mhaireachtáil uaireanta. Bíonn blianta, nó geimhridh ba chóir dom a rá, níos teo agus níos fuaire ann. El Niño a chuirtear ar na blianta teo agus La Niña ar na blianta fuara. Cé nach dtuigim go hiomlán é, baineann sé leis na gaotha a thagann isteach, na gaotha ‘Chinook’ mar atá luaite agam cheana, agus an tionchar a bhíonn acu ar an timpeallacht anseo.

Le dhá bhliain anuas, bhí El Niño acu in Calgary. Tá impleachtaí nach beag leis seo, mar a dhéanfaidh mé iarracht a mhíniú anois.

Níor thit an oiread sin sneachta i mbliana. Sna cnoic, tá an ‘snowpack’ (is é sin an sneachta a fheidhmíonn mar bhunchloch agus a choinníonn an talamh fuar) thíos 60% in áiteacha. Tá caint anseo sa chathair cheana féin go ndruidfear an cnoc sciála ar a n-oibríonn muid go luath. Cosúil le tíortha eile, braitheann séasúr amháin ar shéasúr eile anseo.

Má théann tú go Calgary riamh, tá mé cinnte go dtabharfaidh tú fá deara tirimeacht an aeir. Tá an fharraige is gaire dúinn na céadta mílte ar shiúl agus dá bharr sin, níl taise ar bith ann. Thig leis a bheith crua ar an chraiceann, go háirithe do dhuine éigin a d’fhás aníos cois farraige!

Is amhlaidh atá sé in áiteacha eile sa tír mhór seo. Mar sin de, nuair atá falscaithe ann, tá sé iontach go deo doiligh stop a chur leo. Mar a tharlaíonn sé, tá tinte a thosaigh anuraidh atá ag dó go fóill in áiteacha. ‘Zombie fires’ a thugtar orthu agus bíonn siad ar lasadh thíos faoin tsneachta ag leibhéal na móna.

Chonaic muid anuraidh an scrios a rinneadh ar an timpeallacht agus ar an tírdhreach nuair a dhóigh tinte na coillte fud fad na tíre. Cé go bhfuil Calgary suite i bhfad ó bhunphointe na bhfalscaithe, dúirt comhghleacaithe a d’oibrigh anseo anuraidh gur ghnách leis an toit teacht isteach chun na cathrach agus go mbeadh clúdach ar an ghrian mar a bheadh scáth ann. Theith daoine óna dtithe anuraidh. Bhí caighdeán an aeir chomh holc sin nach dtiocfadh le daoine fanacht taobh amuigh go rófhada ar eagla do ndéanfar damáiste dá scamhóga.

Go bunúsach, muna bhfuil go leor sneachta ann, ní leáfaidh sé agus ní bheidh go leor taise sa talamh leis na tinte a mhúchadh. Cionn is go bhfuil an t-aer iontach tirim, lastar na tinte agus dónn siad achan rud ina mbealach.

Tá tionchar nach beag aige ar an gheilleagar chomh maith. Bhí mé ag léamh ailt i nuachtán an lá fá dheireadh a rinne plé ar mheath na gcnoc sciála i mbliana, go háirithe sa Cholóim Bhriotanach. Luaigh an t-alt go ndearnadh drochdhamáiste do na cnoic, nach raibh sneachta ar bith orthu, agus go raibh ar roinnt acu druidim go luath mar gheall air seo.

“Is cuma liom nach dtig le daoine dul ag sciáil!” a chluinim. Tuigim gur ‘fadhb an chéad domhain’ í seo ar an chéad amharc ach smaoinigh air. Braitheann go leor leor daoine, mé féin agus Bríd ina measc i mbliana, ar an obair sin. Braitheann cuid mhaith de na teagascóirí ar scoláirí iad, ar chuairteoirí ag teacht ar saoire le ceachtanna a dhéanamh. Braitheann na daoine a thiomáineann na céachtaí sneachta ar an sneachta a bheith ag titim. Braitheann na siopaí agus na bialanna sna bailte beaga ar na turasóirí. Bíonn fadhbanna ag feirmeoirí fosta. Ní thig leo stór uisce a chruthú le tabhairt dá stoc. Ní thig leo uisce a chur ar na páirceanna agus teipeann ar an fhómhar mar gheall air seo.

Tuigeann tú cad é atá á rá agam, tá súil agam. Muna dtiteann an sneachta mar ba chóir, cruthaítear fadhbanna móra sa tír seo. Is cinnte nach bhfuil an sneachta ag titim mar ba chóir a thuilleadh. Táthar ag tuar go dtiocfaidh ardú 1º nó 2º céim ar na teochtanna sna sléibhte ar an chéad bhliain eile atá ag teacht.

Ar ndóigh, tá tionchair dhifriúla le feiceáil ar fud an domhain, ní i gCeanada amháin. Sheas sé amach dom i mbliana go cinnte, áfach. Is iontach an rud é, dar leis an dialanna seo, go bhfuil daoine ann go fóill nach gcreideann in athrú aeráide! Ní saineolaí mise ar chor ar bith ach déanaim mo dhícheall ar mhaithe leis an timpeallacht agus molaim go hard na spéire iarrachtaí daoine amhail Moya Ní Dhuagáin (@environmentaleadai) agus Aedín Ní Thiarnaigh (@blathannafiaine) a tharraingíonn aird ar cheisteanna timpeallachta ar líne.

Is mórcheist ár linne í gan aon amhras.

Bhí mé i mbun comhrá le duine éigin an lá faoi dheireadh faoin easpa sneachta sa chathair. Dúirt siad, go glic a shíl siad, gur “enviro-mentalism” a bhí ann agus nárbh ann don athrú aeráide. Go raibh daoine ar nós Greta Thunberg “glan ar mire”. Is ceantar ola agus breosla é Alberta agus níl am ar bith ag muintir na háite do cheisteanna timpeallachta, go forleathan.

Níl mé ag rá, ar ndóigh, go bhfuil achan duine anseo ar an nós sin ach bhí íoróin nach beag ag baint leis an chomhrá áirithe sin. Nuair a mhol mé go múinte, tá súil agam cibé, nach mbeadh orthu ach amharc ar theochtanna na bliana seo agus na bliana seo caite, dúirt siad liom, “Oh ní tusa duine de na daoine sin, an tú? Na daoine atá ag iarraidh stop a chur leis an domhan s’againne mar creideann siad ins an rud seo nach bhfuil fianaise ar bith ann a thacaíonn leis?”

Tháinig muid anseo ag dúil le geimhreadh fuar crua a bheith againn. Fuair muid sin go pointe! Ach níl aon dabht nach raibh sé leath chomh fuar agus a ba chóir agus cuireann sé sin eagla orm.

Ní maith liom a chríochnú ar phointe éadóchais, mar sin, ní ag cáineadh atá mé ach ag impí. Tá deis againn go fóill rudaí a athrú. Ar mhaithe leis an domhan mhór — athraímis.

 

The post Cuntas ó Cheanada: Ar tháinig an t-earrach go róluath? appeared first on NÓS.

Níos mó