Dán ar an Phailistín: ‘Streachlaíonn Croiniceoir’ le hAntaine Ó Donnaile
Agus cás mhuintir na Palaistíne ag dul ina olcas lá i ndiaidh lae agus formhór na tíre seo croíbhriste ag amharc ar an tragóid ar a ngutháin phóca agus ar an teilifís, bheartaigh Antaine Ó Donnaile dul i mbun pinn.
Bhí an deis againn bualadh le hAntaine i gCathair Ard Mhacha agus labhairt faoin dán agus ar na fáthanna ar bheartaigh sé an gníomh cumhachtach seo a dhéanamh. Tá a fhios ag an domhan mhór go bhfuil nasc nach beag idir na healaíona agus an fheachtasaíocht, agus go dtugann an fhilíocht deis do dhaoine plé a dhéanamh ar ábhair throm, le croí agus comhbhá.
Seo thíos an dán ina iomláine, ‘Streachlaíonn Croiniceoir’ le hAntaine Ó Donnaile:
Ba bhreá liom rann a scríobh
Fá sheanbhean chríonna i gcampa Fawwar,
A haghaidh chomh rocach le cnoic a hóige in Bayt Jibrin, Í ag gréasú gúna lena gariníon.
An bláth, an ghealach, an crann cufróige,
Réalta Bayt Laḥm, Ballaí Al Quds.
Croí na beirte fite fuaite,
I dtaipéis a dtíre.
Ach ní féidir liom.
Ba bhreá liom rann a scríobh
Fá sheanfhear tuisleach i ngarrán ológ,
A lámha chomh cnapánach le fréamhacha na gcrann,
É ag eachtraí dá gharmhac ar lochtáin Battir.
Foinsí, caisil, seanchlaiseanna saorga,
Baile ag teacht le chéile, ag roinnt an ualaigh is an uisce. Saíocht agus seanchas ceithre mhíle bliain,
Ag buanú beatha agus brí.
Ach ní féidir liom.
Ina áit sin, is éigean dom rann a scríobh
Fá chreachadóirí cianda i gcultacha dorcha,
A mbriathra chomh milis le gob na baidhbhe, Iad ag imirt lomscriosta ar phobal faoi ghlas. Putógaí páistí fite fuaite le cruach is concréid. Qabbah baintrí corcraithe lena cuid fola féin. Inchinn ollaimh síobtha thart ar a leabharlann. Máthair óg ag déanamh tochta i ndiaidh a mic.
Ach bíodh a fhios agaibh, a chairde mo chléibh,
Tá an Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá, Agus beidh sibhse, dúchasaithe na Pailistíne,
I mbun bhur ndánta féin arís.