Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
gradaim-nos-2024:-dha-dhuais-ag-tra-phaidin-agus-gradam-ronain-buaite-ag-huartan

Gradaim NÓS 2024: dhá dhuais ag Trá Pháidín agus Gradam Rónáin buaite ag Huartan

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Cuireadh Gradaim NÓS ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair riamh aréir agus bhí ardoíche cheoil agus chuideachta sa Black Box i lár na cathrach.

Thóg an banna turgnamhach as Conamara agus Corcaigh, Trá Pháidín, dhá ghradam leo ar an oíche, mar a bhí ‘Albam na Bliana’ do An 424 agus ‘Físeán na Bliana’ do ‘Maidin Heinz’.

Is é ‘An Murda Meaisín’ le Súil Amháin agus Rob Mulhern a bhuaigh ‘Amhrán na Bliana’ agus is ar cheoltóirí óga Bláth na hÓige a bronnadh an gradam ‘Albam na Bliana – Amhráin Thraidisiúnta’.

Is í an t-amhránaí Síle Denvir a ghlac leis an duais sin thar ceann an ghrúpa agus bhí sí féin ar ais ar ardán tamall ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh a halbam, Anamnesis, an duais do ‘Ealaín na Bliana’.

Rónán Ó Snodaigh agus Myles O’Reilly – beirt chumasach anamúil a d’eisigh albam den scoth The Beautiful Road, mar aon le físeáin gheloite, le bliain anuas – a thóg leo an gradam ‘Banna / Ceoltóir na Bliana’. Is é deartháir Rónáin, Rossa, a ghlac leis an duais ar a son agus thug sé ócáid spreagúil faoi ról na stáisiún raidió Gaeilge i gcur chun cinn an cheoil Gaeilge.

Ar bhuaicphointí na hoíche bhí Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ a raibh iníon Rónáin, Fionnuala, i láthair lena bhronnadh ar an bhanna tradtronica Huartan. Bhí tocht ar gach duine sa teach ag éisteacht dóibh le hóráid Fhionnuala agus ansin le Caitríona ón ghrúpa agus í ag caint ar an tionchar dearfach a bhí ag Rónán orthu mar cheoltóirí.

Is iad Huartan féin a chuir clabhsúr ar na Gradaim le seó draíochta a mheall an slua chun damhsa os a gcomhair. Díreach roimhe sin las Grooveline an Bocsa Dubh lena mbuillí fuinniúla funcaíáilte agus fuaim mhór a thug le fios go bhfuil tuilleadh le teacht ó na hógánaigh cheolmhara seo.

Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS, a chuir na Gradaim i láthair ach bhí eagarthóir na hirise, Conor Torbóid, ar stáiste chomh maith agus caipín an rápálaí Torby air. I measc na gceoltóirí eile a sheinn beo le linn na hócáide bhí an comharbhanna snasta IMLÉ, a raibh Róisín Seoighe agus James Shannon leo, agus Múlú, bean óg atá ina ball de Huartan agus a d’eisigh a EP traidisiúnta féin, Sásta a bheith anseo, anuraidh.

Is iad baill den phainéal moltóireachta – Ben Ó Faoláin, Edel Ní Churraoin, Eve Belle, Caoimhe Ní Chathail, Ciarán Ó Meachair agus Conchúr Ó Faoláin – a bhronn na Gradaim agus foireann NÓS a chuir an t-imeacht uilig le chéile. Tiomsaíodh airgead do mhuintir Gaza ar an oíche chomh maith, in éineacht le hEalaíontóirí ar son na Palaistíne.

Gabhann NÓS buíochas leis na ceoltóirí iontacha ar fad, na meáin Ghaeilge, leis na Gaeil ghalánta a bhí i láthair aréir agus le gach duine a chuidigh leis na Gradaim a reáchtáil ar bhealach ar bith. Déanfar arís é an bhliain seo chugainn!

Amhrán na Bliana
An Murda Meaisín – Súil Amháin + Rob Mulhern

Albam na Bliana (Nuacheol)
An 424 – Trá Pháidín

Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
Bláth na hÓige – Bláth na hÓige

Físeán na Bliana
Maidin Heinz – Trá Pháidín

Ealaín na Bliana
Anamnesis – Síle Denvir

Banna / Ceoltóir na Bliana
Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly

Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí
Huartan

The post Gradaim NÓS 2024: dhá dhuais ag Trá Pháidín agus Gradam Rónáin buaite ag Huartan appeared first on NÓS.

Níos mó