Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
is-mo-na-suil-amhain-a-bhi-ar-sheamas-barra-o-suilleabhain-oiche-ghradaim-nos

Is mó ná súil amháin a bhí ar Shéamas Barra Ó Súilleabháin oíche Ghradaim NÓS

| Seaghan Mac An tSionnaigh | , ,

Tá Gradaim NÓS ina dháta tábhachtach ar fhéilire an cheoil úir i nGaeilge aríst den chéad uair ó tháinig deireadh le paindéim COVID-19. Bhí sé ar siúl Dé hAoine beag seo a d’imigh tharainn i mBéal Feirste, an 9 Feabhra sa Black Box. B’álainn agus ba cooláilte an ócáid í. Bhí sé ana-shuimiúil a bheith ag tabhairt fé ndear éagsúlacht na seánraí ar deineadh ionadaíocht dóibh ar liosta fada na n-ainmnitheach. B’ait liom ná fuair Kneecap aon duais ann!

Ach níorbh ionadh liom líon na ngradam go bhfuair Súil Amháin (nó Séamus Barra Ó Súilleabháin) ainmniúchán ina leith. Tá an fear i mbarr a réime, é féin agus a leathbhádoir ón mbanna ceoil Tuath, Rob Mulhern. Chomh fada agus a bhaineann sé le ceol úr i nGaeilge, ní dóigh liom féin go bhfuil bualadh amach ar a bhfuil á éisiúint acu siúd i dteannta a chéile. Tréaslaím leo gradam ‘Amhrán na Bliana’ a bheith buaite acu i dtaca le ‘Murda Meaisín’ ar an oíche.

I gcaitheamh na seachtaine roimh Ghradaim Nós, tharla dhom bheith ag éisteacht le ‘Shammen’, is é sin, an eisiúint is déanaí ón mbeirt, agus ceann de na hiomaitheoirí i rannóg ‘Albam na Bliana’. Trá Pháidín a thug leothu an gradam sin ar deireadh, ach ní albam le ceart atá in ‘Shammen’ ar aon chuma. 

Is éard atá ann dáiríre montáis sé neomat déag den bhfilíocht, den bportaireacht bhéil, den tseana-nós, den tsampláil, agus buillí sickeáilte gan bhriseadh ar fud na mainge, a mhac. Baineadh úsáid éifeachtach as míreanna a tógadh ó chartlann Raidió na Gaeltachta ar shlí a chuirfeadh an fadcheirnín ‘Songs for the Deaf’ le Queens of the Stone Age i gcuimhne do dhuine.

Ba ar Huartan a bronnadh an gradam nua ‘Nuatheachtaí na Bliana’ in ómós don chraoltóir raidió Rónán Mac Aodha Bhuí, ar dheis Dé go raibh a anam uasal, agus ba í a iníon Fionnuala a bhí i láthair leis an gcorn a thabhairt uaithi. Le tamall anuas, tá laochra móra caillte ag pobal na Gaeilge, agus is róchoitianta ar mo chluais le déanaí an seanrá “ní bheidh a leithéid aríst ann”. 

Maidir le ‘Shammen’ mar sin, tá sé tráthúil gur tugadh ann caimeo féintagarthach do Rónán i bhfoirm gearrthóige amach as eagrán dá chlár ceoil ar Raidió na Gaeltachta inar chuir sé amhrán le Séamus Barra i láthair. Is diostóipeach an léiriú a thugann an tsampláil ilchineálach in ‘Shammen’ ar shaol na Gaeltachta má tá, sna chéad soicindí den rian ar aon nós – guth Rob Mulhern féin i mír ón gclár faisnéise Gotha Ghaoth Dobhair le Vinegar Hill Productions ag caoineadh an lagtrá fostaíochta ina cheantar dúchais agus guth Ultach eile ag cáiseamh ná fuil “muid ag dul bealach ar bith”.

Deirtear níos déanaí linn i ndán scigaithriseach le Seanán Mac Aoidh faoi institúid na ndeontas go bhfuil “cultúr na nGael ag éalú, tá sé tinn”. Agus is géar é an chodarsnacht idir duairceas na cainte a chloistear ó na daoine agus dóchas néaróiseach na gceoilíní traidisiúnta a chuirtear inár láthair mar eadarlúideanna aduaine. Ach séanadh ar an méid sin ar fad is ea na gnéithe eile de cheol Súil Amháin agus Tuath agus an léiriú ar phobal Gaeilge atá beo oíche úd na nGradam NÓS ar bronnadh an duais orthu.

Ó tháinig an físeán ‘Connemara Road Rage’ ar an bhfód dhá bhliain ó shin, mar shampla, ní raibh ach ceist ama ann nó go mbainfí úsáid chruthaitheach éigint as, agus tá sé sin curtha i gcrích anois ó deineadh sampláil mhachnamhach in ‘Shammen’ air. Físeán a bhí ann inar léiríodh íomhánna den chaismirt a d’éirigh idir beirt fhear úd Chonamara agus cúrsaí tráchta á bplé go teasaí acu i gcanúint bhlasta an cheantair sin. Fíorurlabhra Ghaeltachta ab ea é seo, í gan bheith faoi chuimirce an chraoltóra náisiúnta, agus gan aon chaint á déanamh ar dheontais, ar dheireadh an tsaoil Ghaelaigh, ná an “thirty two words for a gort”. 

Is dioscúrsa níos uilíche atá le fáil sa bhfíseán sin. Ceann de dhíospóireachtaí móra ár linne: ambasadóir an taistil inbhuanaithe is ea an rothaí, agus fear na veain ina chosantóir ar son an pheitrea-gheilleagair. Cé gur mheall an físeán céanna gáirí luaineach as mórán, in ‘Shammen’ tarraingítear aird ar ghné níos doimhne den teagmhas idir an bheirt saoránach Gaeltachta sin agus cuireann sí go mór le teachtaireacht ‘Shammen’.

Ní lón trom machnaimh ar fad é ‘Shammen’, áfach. Tá idir shúgradh agus spraoi le sonrú go mór ar an saothar agus Séamus “ag seoladh seamanna smeartálta” leis i rith an ama. Go deimhin, is mar phíosa craic a chuireann Séamus féin síos ar an amhrán is ansa liom féin ar ‘Shammen’, is é sin, ‘Sceartáin!’. Tá leagan karaoke YouTube den amhrán céanna fiú ar fáil don té ar mhaith leis roinnt den chraic sin a bheith aige féin. 

Agus tá áilleacht go flúirseach le fáil sa cheol, go mór mhór sna nótaí binne Seapáinise lena seoltar amach an t-amhrán deireanach ‘Dúch Rua’ le linn do ‘Shammen’ a bheith ag titim i léig. Clabhsúr cuí is ea an tSeapáinis i dtuairim an bhlais uilíoch atá ar an rian: “mo chruachás féin, cruachás gach éinne” mar a bhéiceann Séamus amach san amhrán buacach úd ‘Murda Meaisín’ (ná fuil le fáil ar ‘Shammen’ ach ar féidir é a chlos anseo). Tugaíg cluas dó más féidir agus más féidir, deiníg freastal ar cheolchoirm ‘Súil Amháin’ im thighse os comhair phobal Gaeilge na Bruiséile Dé Sathairn seo chughainn!

The post Is mó ná súil amháin a bhí ar Shéamas Barra Ó Súilleabháin oíche Ghradaim NÓS appeared first on NÓS.

Níos mó