Tá an t-iarThaoiseach John Bruton tar éis bháis. Bhí sé 76 bliain agus bhí sé tinn le tamall.
“Is cúis mhór bhróin dúinn a fhógairt go bhfuil John Bruton an t-iarthaoiseach básaithe,” a dúradh i ráiteas a chuir a chlann amach.
“Bhí sé tinn le fada agus fuair sé bás suaimhneach go moch maidin inniu in Ospidéal Príobháideach an Mater agus é i dteannta a mhuintire, a raibh an an-ghrá acu dó.
“Fear céile maith, athair maith agus fíor-thírghráthóir ab ea é. Braithfimid uainn go mór é.”
Bhí John Bruton ina Thaoiseach idir 1994-1997 agus é ar gceannas ar an gcomhrialtas idir Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach ar Chlé. Bhí sé ina cheannaire ar Fhine Gael ó 1990-2001.
Rugadh é i 1947 agus toghadh chun na Dála den chéad uair é i 1969 nuair a d’éirigh leis suíochán a bhuachan sa Mhí. Ní raibh sé ach 22 bliain d’aois. Bhí céim aige san eacnamaíocht agus sa pholaitíocht ó UCD agus glacadh leis mar abhcóide in 1972.
Bhí sé ina aire airgeadais faoi dhó, i1981-1982 agus 1986-1987. Chaith sé tréimhsí chomh ina aire tionsclaíochta agus fuinnimh agus ina aire trádála, gnó agus turasóireachta.
Nuair a d’éirigh sé as an Dáil in 2004, ceapadh é mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh chun Stát Aontaithe Mheiriceá, ról a bhí aige go dtí 2009.
Agus í faoi agallamh ar RTÉ, dúirt an t-iar-aire dlí agus cirt Nora Owen go raibh baint mhór ag John Bruton le Comhaontú Aoine an Chéasta, rud nár tugadh dóthain aitheantas dó as, dar léi.
Dúirt iarcheannaire Fhine Gael, Alan Dukes gurbh iontach an tobar eolas é John Bruton agus gur éirigh an-mhaith leis ina shaol polaitíochta. Dúirt Dukes go ndearna Bruton go maith comhrialtas ina raibh páirtithe a bhí an-éagsúil lena chéile a choimeád le chéile.
“D’fhéadfá easaontú leis gan a bheith ag troid leis. Bhí dithneas air agus é ag iarraidh rudaí a bhaint amach,” arsa Alan Dukes, iarcheannaire Fhine Gael.
Maireann a bhean Finola, a mhac Matthew a n-iníonacha Juliana, Emily agus Mary-Elizabeth, a dheartháir Richard agus a dheirfiúr Mary, gaolta agus cairde leis.