Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
leirionn-‘sick-in-the-head’-gur-feidir-le-kneecap-dha-thaobh-an-sceil-a-phle-go-sciliuil

Léiríonn ‘Sick In The Head’ gur féidir le Kneecap dhá thaobh an scéil a phlé go sciliúil

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

D’eisigh an grúpa rapcheoil, Kneecap, and dara singil ón albam Fine Art an tseachtain seo. Chuir an triúr bríomhar tús spleodrach leis an Mháirt lena shingil úr, ‘Sick In The Head’, ar a malartaíonn Móglaí Bap agus Mo Chara véarsaí fuinniúla thar dhordfhuaim ramhar agus drumadóireacht mhealltach.

Seo an chéad singil s’acu ó ‘Better Way To Live’ anuraidh le Grian Chatten de chuid The Fontaines DC. Cé go raibh an t-amhrán sin ar bhealach níos miotalaí i gcoinne géarchéim mheabhairshláinte agus níos dóchasaí in éadan mheath an chaighdeáin maireachtála, tugann ‘Sick In The Head’ cead do na leaids a thabhairt isteach do mhire an tsaoil agus a fháil réidh don fhrustrachas, caillteanas dóchais nó eile.

Le buille gasta neartaithe ag cur i láthair bríomhar ó Mhóglaí agus ó Mo Chara ar aon, is éistphéist ó thús deireadh é an traic seo. Tá an curfá ar cheann de na rudaí is fearr faoin amhrán agus Móglaí Bap ag síneadh na ngutaí cearta ar na siollaí cearta, chomh maith leis an dara véarsa le Mo Chara atá ar na véarsaí is fearr aige go dtí seo, gan trácht a dhéanamh ar an mheascadh chruthaitheach atá taobh thiar dá ghlór.

Leis an amhrán tháinig físeán dubh agus bán ina bhfuil na hamhránaithe ag rapáil leis an cheamara agus ruaille buaille foréigneach ag titim amach sa chúlra, a léiríonn go físiúil, b’fhéidir, iarmhairtí ábhar an traic – sochaí nach dtacaíonn na struchtúir chuí léi imithe le báiní. Tosaíonn an físeán le seat den triúr hoods clúiteacha, Mo Chara, DJ Próvaí, agus Móglaí Bap agus teideal an amhráin ar dhath glas leictreach ag preabarnach tharstu. Tá an físeán chomh tapa céanna leis an traic féin le seatanna suimiúla amhail Mo Chara é féin ag caitheamh adharca chun aithris a dhéanamh ar an diabhal.

Fógraíodh an chéad LP de chuid Kneecap, Fine Art, le teacht an amhráin úir fosta. Beidh an t-albam seo níos mó ná dhá oiread níos faide ná an chnuastéip 3Cag (2018) le 18 dtraic ar an chnuasach. Cuirfidh an t-albam agus na leaids teach tábhairne dá samhlú féin, The Rutz, i láthair mar chlós súgartha dá n-iarrachtaí síor-gháirsiúla.

Beidh Radie Peat, ó Lankum, ag tabhairt tacaíocht don ghrúpa ar chéad amhrán an chnuasaigh ‘3Cag’, agus beidh Nino agus Jelani Blackman ag déanamh amhlaidh ar ‘Love Making’ agus ‘Harrow Road’, faoi seach. Cluinfear idirthraiceanna i measc na dteideal spéisiúil amhail ‘Drug Dealin Pagans’ agus ‘Rhino Ket’. Is cosúil go mbeidh éisteoirí ag dúil le níos mó ná bars amháin ó na leaids an iarraidh seo.

Eiseofar an chéad albam de chuid Kneecap, Fine Art, ar an 14 Meitheamh, beagnach sé bliana ó eisíodh 3Cag agus lá amháin sula gcuireann siad tús le camchuairt féilte ag Bergenfest san Iorua don tsamhradh. Is soiléir go mbeidh 2024 ina bliain lán fuinnimh lán ratha don ghrúpa.

The post Léiríonn ‘Sick In The Head’ gur féidir le Kneecap dhá thaobh an scéil a phlé go sciliúil appeared first on NÓS.

Níos mó