Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-fathaigh-a-thog-clochan-an-aifir

Na Fathaigh a thóg Clochán an Aifir

| dubhan o longain | ,

Tá na céadta scéalta Fiannaíochta ann agus tá na céadta leaganacha de scéalta áirithe ann. Mar a scríobh mé in alt eile ar na mallaibh: “Tá thart fá 3,500 scéal ar Bhunachar Bhéaloideas na Féinne agus tuilleadh scéalta á gcur air i gcónaí.”

An rud suimiúil faoi Bhunachar Bhéaloideas na Féinne ná go mbaineann sé go sonrach le taifeadtaí atá againn de scéalta ón bhéaloideas agus nach bhfuil ábhar ó lámhscríbhinní san áireamh. Ar an ábhar nár bailíodh an-chuid béaloidis go dtí an chéad seo caite, baineann bunús na 3,500 scéal leis an fhichiú haois. Fágann seo é go raibh an-dúil ag ár dtuismitheoirí agus ag ár seantuismitheoirí sna scéalta seo. Bhí an oiread sin de thóir ar na scéaltaí féin gur mhair leaganacha i mBéarla, fiú nuair a stad bunús na tíre de labhairt na Gaeilge.

Sa lá atá inniu ann is é an scéal is mó a bhaineann le Cúige Uladh ná scéal Chlochán an Aifir. Is leagan den scéal ‘Fionn sa Chliabhán’ é seo. Go ginearálta, sa scéal seo, tagann fathach ó Albain, ó Shasana, nó ó Lochlainn chun troid a dhéanamh le Fionn. Tchí Fionn ag teacht é agus tuigeann sé nach bhfuil sé láidir go leor chun an fathach seo a chloí. Insíonn bean Fhinn leis léimt isteach i gcliabhán atá sa teach agus chun ligint air gur leanbh é.

Tagann an fathach isteach agus míníonn bean Fhinn nach bhfuil Fionn sa bhaile ach go bhfuil fáilte roimhe fanacht go dtiocfaidh Fionn ar ais (deir sí go bhfuil Fionn amuigh ag seilg nó rud inteacht mar sin) ar ball. Déanann an bhean arán don leanbh agus tairgeann sí píosa don fhathach. Go rúnda, cuireann sí iarann in arán an fhathaigh. Tagann eagla ar an fhathach nuair a fheiceann sé an ‘leanbh’ á ithe seo gan aon deacracht (níl iarann ach in arán an fhathaigh, dar ndóigh).

Ag brath ar an leagan den scéal, déanann Fionn nó a bhean rudaí a chuireann an-eagla ar an fhathach agus, sa deireadh, ar chúis nó ar chuis eile, cuireann an fathach a mhéar i mbéal an linbh chun a fhiacla a mhothú. Baineann Fionn an mhéar den fhathach agus teitheann an fathach leis.

Tá cuid mhór leaganacha den scéal seo agus tá athruite suimiúla ó leagan go leagan. Má théann duine go Fionn Folklore, is féidir cuardach a dhéanamh trí ‘Scéal/Amhrán’ a roghnú. Is féidir gabháil síos go ‘Fionn sa Chliabhán’, brú air agus ansin ‘cuardaigh’ a roghnú. Feicfear go bhfuil 318 toradh ann, rud a chiallaíonn gur bailíodh níos mó ná 300 leagan den scéal seo. Is féidir ansin brú ar ‘digitithe’ agus an cuardach a bheachtú (tá 219 leagan digitithe ann).

Má osclaítear aon teideal as na cinn atá digitithe, tá cnaipe gorm ‘Féach/Éist ar Líne’ ann agus thig leat an scéal a léamh mar ar bailíodh é. Tá leaganacha iontach suimiúil ann mar atá scéal ó Ghaillimh ina bhfuil Cú Chulainn agus Ferdia curtha isteach in áit na ngnáthcharachtar. Tá leagan eile ina bhfuil Diarmaid in áit Fhinn agus Gráinne curtha isteach mar bhean chéile aige.

Mar ábhar spéise do na hUltaigh, is é an scéal seo a mhíníonn cén dóigh agus cén fáth ar tógadh Clochán an Aifir. Sna leaganacha den scéal ina mínítear seo, tógann Fionn nó fathach ó Albain, ar a gcuirtear Benandonner, an clochán seo go raibh siad in ann siúl chuig a chéile chun troid a dhéanamh. Mar a tharlaíonn sa scéal seo, tuigeann Fionn go bhfuil an fathach seo rómhór dó nuair a fheiceann sé é, imríonn sé na cleasanna thuasluaite agus teitheann an fathach ar ais go hAlbain gan aige ach naoi méar.

Thig leat níos mó ná 200 leagan den scéal a léamh, dar ndóigh, agus tá difríochta móra eadarthu. Is fiú an saothar, ámh, chun saibhreas na leaganacha uilig a bhlaiseadh.

The post Na Fathaigh a thóg Clochán an Aifir appeared first on NÓS.

Níos mó