Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
nios-mo-airgid-a-fhail-ag-conradh-na-gaeilge-o-roinn-na-gaeltachta-na-o-fhoras-na-gaeilge

Níos mó airgid á fháil ag Conradh na Gaeilge ó Roinn na Gaeltachta ná ó Fhoras na Gaeilge

| Tuairisc.ie | ,

Chuir Roinn na Gaeltachta níos mó maoinithe ar fáil do Chonradh na Gaeilge anuraidh ná mar a chuir Foras na Gaeilge, an eagraíocht a chuireann bunmhaoiniú ar fáil do na ceanneagraíochtaí Gaeilge.

Is le linn na sáinne polaitiúla in Stormont a thosaigh Roinn na Gaeltachta ag cur maoiniú ar fáil go díreach do cheanneagraíochtaí amhail Conradh na Gaeilge.

Féachadh air seo mar ghníomh eisceachtúil mar nach raibh aon ardú á dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge de dheasca an fholúis pholaitiúil.

Ach léiríonn na cuntais is déanaí ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil fás mór tagtha de réir a chéile ar an maoiniú a chuireann Roinn na Gaeltachta ar fáil don eagraíocht.

In 2023 fuair Conradh na Gaeilge beagnach €847,000 ó Roinn na Gaeltachta, €15,000 níos mó ná mar a fuair an Conradh ó Fhoras na Gaeilge.

€832,000 a thug Foras na Gaeilge do Chonradh na Gaeilge in 2023, mar a bhí gach bliain ó 2017.

Méadú 90% a tháinig ar an maoiniú a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don Chonradh sa tréimhse chéanna, ó €444,000 go dtí €847,000.

Ioncam €2.6 milliún a bhí ag Conradh na Gaeilge in 2023 agus caitheadh an t-airgead sin go léir nach mór gcaitheamh na bliana, de réir chuntais na heagraíochta.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil ag teip ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr maoinithe le fiche bliain anuas.

De réir rúin, ar glacadh leis ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite, níor chóir ach “bliain amháin eile” a thabhairt chun córas an Fhorais a chur ina cheart.

“Ag an bpointe sin, sa chás nach bhfuil ceist an mhaoinithe socraithe mar is ceart, déanfar cinneadh arbh fhearr a éileamh deireadh a chur leis an áisíneacht trasteorann mar atá agus múnla eile a chur ina háit,” a dúradh sa rún.

Deir Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn go bhfuil an córas maoinithe d’Fhoras na Gaeilge “briste” agus na ceanneagraíochtaí agus eagraíochtaí Gaeilge eile fágtha “faoi bhrú” dá bharr.

Cé go bhfuil an Conradh anois ag fáil níos mó airgid ón Roinn ná mar atá ón bhForas, deir de Spáinn nach bhfuil bunmhaoiniú na heagraíochta ag fás.

“Bhí an bunmhaoiniú céanna againn ón bhForas idir 2017-2023. Léiríonn sin an fhadhb atá ag an bhForas mar nach bhfuil aon acmhainní breise acu.

“Inár dtuairim, tá an mheicníocht mhaoinithe iomlán briste. Má thógann tú céim siar, feicfidh tú go bhfuil níos lú airgid ag an bhForas ná mar a bhí 20 bliain ó shin. Tá sé briste.”

Deir de Spáinn go bhfuil bealach ann chun fadhbanna an Fhorais a réiteach ach go bhfuil comhoibriú ag teastáil ó na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas. Réiteach amháin a luaigh sé ná fáil réidh leis an gcoinníoll go gcaithfidh 25% de mhaoiniú an Fhorais teacht ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Dúirt de Spáinn freisin go bhféadfaí maoiniú na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas a fhágáil faoi dhá áisíneacht ar leith.

“Tá bealaí ann gur féidir dul chun cinn a dhéanamh má tá an dá rialtas sásta iad a fheidhmiú agus gach seans go mbeidh Rialtas na Breataine le tarraingt isteach anseo freisin.

“Ní bhaineann sé díreach le €500,000 breise a chur ar fáil bliain amháin nó milliún breise a chur ar fáil bliain eile. Caithfidh muid breathnú air seo go fadtéarmach agus breathnú, mar shampla, ar an gComhairle Ealaíon ó dheas atá tar éis fás go mór le 20 bliain anuas. Dá mbeadh an fás céanna tagtha ar mhaoiniú an Fhorais, bheadh buiséad €50 milliúin sa bhliain acu.

“Níl muid ag caint ar phingeacha breise nó arduithe beaga. Caithfear a aithint go bhfuil faillí déanta le 20 bliain anuas agus go gcaithfear sin a chur ina cheart.”

Don scéim Seó Bóthair/Gluaiseacht is mó a fuair Conradh na Gaeilge airgead ó Roinn na Gaeltachta anuraidh. Chuir an Roinn €331,714 ar fáil don scéim sin, ardú ó €140,000 an bhliain roimhe.

Agus institiúidí Stormont ag feidhmiú arís, tá sé ina imní nach mbeadh cás chomh láidir ag Roinn na Gaeltachta le maoiniú a chur ar fáil do cheanneagraíochtaí arb é an Foras Teanga trasteorann, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, atá freagrach astu.

D’fhiafraigh Tuairisc de Roinn na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist leanúint ar aghaidh leis an maoiniú díreach a chuirtear ar fáil do na ceanneagraíochtaí ó tharla Stormont ag feidhmiú arís ach ní bhfuarthas freagra go fóill.

Cuireann an rialtas ó dheas 100% den mhaoiniú ar fáil don Chlár an Leabhar Gaeilge, agus is de réir cóimheas maoinithe 50%/50% a chuireann an dá rialtas maoiniú ar fáil do Chlár Cholmcille.

Cuireann an Roinn Oideachais ó dheas agus Roinn na Gaeltachta&M maoiniú imfhálaithe ar fáil do roinnt tionscadal ag clár maoinithe taobh amuigh den socrú thuaidh theas a bhaineann le maoiniú bonnlíne Fhoras na Gaeilge.

An cur chuige comhpháirtíochta a thugtar ar chóras na gceanneagraíochtaí a tugadh isteach in 2014.

Faoin gcóras nua laghdaíodh líon na n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn –Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael.

I dtuarascáil athbhreithnithe a rinneadh faoi chóras maoinithe na gceanneagraíochtaí in 2021, dúradh gur gá athbhreithniú a dhéanamh air agus “córas maoinithe níos fadradharcaí solúbtha a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne”.

Moladh sa tuarascáil sin gur ar bhonn maoiniú trí bliana a chuirfí airgead ar fáil do na ceanneagraíochtaí.

Níos mó