Rialaíodh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu go mbeadh sé “mídhleathach” ag Rialtas na Breataine díolúintí ó ionchúiseamh a thabhairt do dhaoine maidir le coireanna a rinneadh le linn na dtrioblóidí.
Faoin Acht Oidhreachta conspóideach, ceadaítear díolúintí coinníollacha ó ionchúiseamh a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad coir le linn na dTrioblóidí.
Cuirtear cosc sa reachtaíocht chomh maith ar fhiosrúcháin agus ar chaingne sibhialta a thabhairt i leith coireanna a rinneadh le linn na dTrioblóidí.
Rialaigh an Breitheamh Colton gur sháraigh cuid den reachtaíocht faoi oidhreacht na coimhlinte ó thuaidh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Chinn an Breitheamh chomh maith go raibh sé lochtach ó thaobh an dlí cosc a chur ar chúiteamh a íoc le fir as an éagóir a rinneadh orthu nuair a cúisíodh iad as éalú ó bheith faoi choimeád go dleathach sna 1970idí.
Tugadh dúshlán na reachtaíochta nua sna cúirteanna ar chúiseanna éagsúla, an díolúine ó ionchúiseamh go háirithe.
Dúirt an Breitheamh inniu nach raibh “fianaise ar bith” ann go gcuirfeadh bronnadh díolúintí ó ionchúiseamh leis an athmhuintearas i dTuaisceart Éireann.
“Go deimhin, a mhalairt a léiríonn an fhianaise,” a dúirt sé.
Mhaígh Rialtas na Breataine gur chloígh an t-acht le cearta an duine ach mhaígh an dream a bhí ina choinne gur sháraigh sé Alt 2 agus Alt 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Dúirt Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris in Westminster “go dtógfadh sé roinnt ama machnamh a dhéanamh” ar rialú na hArd-Chúirte agus go raibh sé féin fós ar son feidhm a thabhairt don acht.
“Cás casta” a bhí ann, a dúirt sé, agus dúirt sé gur dócha go mbeadh a thuilleadh cásanna faoi sna cúirteanna.
Dúirt Scáth-Rúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn Pháirtí an Lucht Oibre, gur deacair a dhéanamh amach conas go bhféadfadh an Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Faisnéis leanúint ar aghaidh i bhfianaise chinneadh na cúirte.
Ba é tuairim an bhreithimh go raibh an coimisiún sin neamhspleách agus cumhachtach a dhóthain chun eachtraí na dTrioblóidí a fhiosrú ar bhealach nach sáraíonn an dlí i leith chearta an duine.