Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
scoth-na-leabhar-gaeilge-don-liosta-leitheoireachta-2024

Scoth na leabhar Gaeilge don liosta léitheoireachta 2024

| hannah ni chonghaile | ,

Is oth liom a rá, cé gur éirigh liom céad leabhar a léamh in 2023, ba leabhair as Béarla formhór acu. 

Ní thuigeas canathaobh ach le déanaí, agus mé ag labhairt le bean Ghaeltachta a bhíonn ag léamh go flúirseach, tháinig sé amach ná bíonn sí ag léamh ábhar as Gaelainn in aon chor! Canathaobh? Toisc go dtógann sé an iomarca ama uirthi na leabhair Ghaelainne a léamh, a d’admhaigh sí dom. Bean í seo atá sna luath-seachtóidí, nár labhair focal Béarla in aon chor go dtí go raibh sí ar an mbunscoil.  Sin cruthúnas dúinne gur scil ar leith é a bheith in ann léamh in aon teanga. Agus cosúil le haon scil eile, caithfear í a chleachtadh.

Luíonn sé le ciall domsa, más ea, conas nár léigheas 50/50 Gaelainn/Béarla i mbliana. Toisc go raibh brú ama orm agus bím i bhfad Éireann níos moille ag léamh as Gaelainn! 

Bhuel níl aon deabhadh orm i mbliana agus mar sin táim ag bailiú chugam saothar éadrom as Gaelainn atá fuirist a léamh. Seo chugaibh na leabhair is fearr atá léite agam le déanaí.

An Craiceann agus a Luach / Under Her Skin le hEithne Ní Ghallchobhair
Arlen House

Bhí sé de phribhléid agam a bheith i láthair ag Éigse na Brídeoige nuair a sheol Gabriel Fitzmaurice an leabhar dátheangach filíochta seo, a foilsíodh go haonteangach ar dtús in 2021. Paddy Bushe a bhí i mbun a aistrithe agus is iontach an rud é go bhfuil teacht acusan ná fuil an Ghaelainn ar a gcumas acu, ar an ndraíocht a chuirtear fénár mbráid. Filíocht atá sa leabhar seo, ach is é atá ann i ndáiríre ná dán fada amháin a insíonn scéal na maighdine mara.

Ní déarfad a thuilleadh ach é a cheannach díbh féin, anois díreach. Geallaimse go mbeidh sibh fé gheasa ag draíocht an scéil chomh maith leis an tslí inste fileata.

Níos fearr fós, ‘Léamh le Ceol’ a bhí ar chlár na hÉigse ach ní dóigh liom go bhfuil cur síos ann don taispeántas draíochtúil a cuireadh os ár gcomhair amach in Ionad na Dromoda le linn an deireadh seachtaine fhada in ómós do Bhríd. Chuir Paddy Bushe síos ar an ócáid mar “World Premier” agus tá súil le Dia agam go bhfuil an ceart aige leis sin. 

Má fhaigheann sibh deis freastal ar an Léamh le Ceol amach seo – tapaígí é! 

Iad Seo Nach Bhfaca le Beairtle Ó Conaire
Cló Iar-Chonnacht

Úrscéal álainn taitneamhach atá sa leabhar seo (cé go raibh sé agam ón leabharlann ar feadh trí mhí sara dtosnaíos air). Leanann sé saol Aibhistín, atá ag obair sa Roinn Fíoruisce agus Drochthailte, agus a chara, Cuimín, atá ag feirmeoireacht. Faighimid léargas ar shaol na tuaithe ó Chuimín, carachtar a léiríonn streachailt inmheánach an fheirmeora go minic, ag d’iarraidh an seansaol a chaomhnú agus a d’oibrigh go cruaidh dá saol ar fad.  Carachtar ná fuilid pioc níos fearr as ná an duine a dhein post oifige, 9-5 le 2o lá saoire agus na deirí seachtaine saor acu. Tá streachailt eile ar bun ag Aibhistín, fear a chaith a shaol ag lorg saoirse ón scoil, óna thuismitheoirí, ón eaglais. Éiríonn sé srianta i bpost an státsheirbhísigh, áfach, le hamanta beachta oibre agus rialacha diana maidir le culaith oibre agus cad ar féidir labhairt fé. 

Níl sa leabhar seo ach trí chaibidil: mar sin bhí sé deacair é a chur síos! 

Nain, Sláine Ní Chathalláin
Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Is mór mo náire ná fuil an leabhar seo ach díreach curtha díom agam cé go rabhas i láthair nuair a seoladh é agus bhuaileas le Nain í féin! Bailiúchán álainn do scéalta ó bhéal Nain, cuimhní cinn a saoil, agus – rud ná rabhas ag súil leis – cur síos greannmhar ar a béasanna agus nósanna. Bhíos lag siar ag gáirí ag an gcuid is mó den leabhar. Dá bhféadfaimis ar fad dearcadh Nain a bheith againn, ná beimis i bhfad níos fearr as!

Tuigtear dom go mbeidh closleabhar den leabhar seo ar fáil amach anseo agus bead ag súil leis sin. 

Ag caint ar chlosleabhair, an raibh a fhios agaibh go bhfuil Bláth na dTulach, cnuasach gearrscéalta ó scríbhneoirí Chúige Uladh, ar fáil mar chlosleabhar? Tá an Díolaim Ultach, atá á léamh agam fé láthair agus go bhfuilim ag baint ana-shult as, ar fáil mar phodchraoladh ar an ardán Spotify. Níos fearr fós dúinne a bhíonn ag streachailt anois is aríst leis an gcanúint, is féidir an scéal a léamh agus éisteacht leis in aon am amháin ar shuíomh an fhoilsitheora, Éabhlóid. 

The post Scoth na leabhar Gaeilge don liosta léitheoireachta 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó