Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘stangadh’-bainte-as-martin-ag-bagairt-ni-raghallaigh-eiri-as-roinnt-uaireanta-an-chloig-roimh-agallamh-ar-‘prime-time’

‘Stangadh’ bainte as Martin ag bagairt Ní Raghallaigh éirí as roinnt uaireanta an chloig roimh agallamh ar ‘Prime Time’

| tuairisc | , ,

Thug iarchathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, le fios d’Aire na Meán, Catherine Martin, go raibh sí chun éirí as sular dhiúltaigh an tAire ar Prime Time a rá go raibh muinín aici inti.

Agus í os comhair coiste Oireachtais aréir, dúirt Aire na Meán agus na Gaeltachta, gur oth léi gur éirigh Siún Ní Raghallaigh as i ndiaidh chraoladh an chláir Prime Time Déardaoin seo caite agus gur dhiúltaigh an t-iarchathaoirleach do chruinniú chun cúrsaí a phlé aghaidh ar aghaidh an mhaidin dár gcionn.

D’éirigh Ní Raghallaigh as go moch maidin Dé hAoine seo caite i ndiaidh agallamh an Aire Martin inar dhiúltaigh sí muinín a léiriú san iarchathaoirleach agus inar chuir sí in iúl go raibh “díomá” uirthi léi toisc gur chuir sí eolas míchruinn ar fáil faoi phacáistí scoir in RTÉ.

Agus í á ceistiú aréir, dúirt an tAire Martin gur tugadh le fios di tráthnóna Déardaoin seo caite, thart ar seacht n-uair an chloig roimh Prime Time, go raibh Siún Ní Raghallaigh ag bagairt éirí as. Dúradh leis an Aire dá scríobhfadh sí chuig Ní Raghallaigh chun a “díomá” léi a chur in iúl di go bhféachfadh an t-iarchathaoirleach air sin mar fhógra easpa muiníne agus go n-éireodh sí as a cúram.

Dúirt Catherine Martin nach raibh uaithi aon eolas a cheilt ar Prime Time níos déanaí an tráthnóna sin, gur mhaith léi a bheith trédhearcach, go raibh glactha aici le cuireadh dul ar an gclár agus nár theastaigh uaithi an t-agallamh a chur ar ceal.

Dúirt an tAire ag an gcruinniú de Choiste na Meán i dTeach Laighean go bhfuair sí amach luath tráthnóna Déardaoin seo caite nach raibh Siún Ní Raghallaigh sásta glacadh le litir uaithi ná freastal ar chruinniú léi an mhaidin dár gcionn.

Dúirt Martin gur “buille mór” dá “muinín” sa chathaoirleach a bhí sa diúltú sin. Dúirt sí gur baineadh “stangadh” aisti agus chomh fada agus ab eol di nár tharla sé riamh cheana gur dhiúltaigh cathaoirleach boird bualadh le haire.

“Shíl mé go mb’fhéidir gur caint gan smaoineamh a bhí ann, mar ní dhearna sé aon chiall,” a dúirt Catherine Martin.

“Ba rud chomh aisteach sin é, ní fhéadfainn a chreidiúint go ndiúltódh aon duine glan do chruinniú agus don deis cúrsaí a phlé.”

Dúirt Aire na Meán go raibh súil aici i gcónaí an uair sin go bhféadfaí teacht ar réiteach agus gur ag caint agus í “corraithe” a bhí Siún Ní Raghallaigh.

Dúirt an tAire nár bhéas leis an iarchathaoirleach labhairt mar sin agus go raibh “caidreamh maith oibre” aici léi.

Fiafraíodh den Aire chomh maith cén fáth nach mbeadh sí “ullamh” don cheist a cuireadh uirthi ar Prime Time faoi cé acu an raibh nó nach raibh muinín aici san iarchathaoirleach.

Dúirt sí nár theastaigh uaithi an cheist sin a phlé beag ná mór ar an gclár agus go ndearna sí “gach iarracht” gan a rá glan amach nach raibh muinín aici san iarchathaoirleach.

“Ní raibh mé ag iarraidh go dtarlódh seo beo ar an aer agus sin an fáth go raibh mé ag iarraidh gan plé a dhéanamh ar cheist na muiníne.” Bhí sí fós ag súil go nglacfadh Siún Ní Raghallaigh lena cuireadh freastal ar chruinniú an mhaidin dár gcionn agus go bhfanfadh sí ina cathaoirleach, a dúirt sí.

Dúirt an tAire nach raibh aon rogha aici ach na ceisteanna a fhreagairt.

“Bhí eolas agam ón lá sin. Bheinn anseo [os comhair an Choiste] ar chúiseanna eile dá ndéanfainn an méid a bhí ar eolas agam a cheilt [ar Prime Time],” a dúirt sí.

I ndiaidh éirí as Ní Raghallaigh cuireadh i leith Aire na Meán go raibh ‘bata agus bóthar’ tugtha aici ar chlár teilifíse do chathaoirleach RTÉ.

Cuireadh i leith an Aire i dTeach Laighean aréir gurb amhlaidh gur cheil sí cuid den eolas a bhí aici ón lá sin agus í faoi agallamh ar an gclár. Cuireadh ceist uirthi cén fáth nach ndúirt sí ar Prime Time go raibh rabhadh tugtha di ag an iarchathaoirleach go n-éireodh sí as agus go raibh soiléiriú agus leithscéal gafa ag an iarchathaoirleach faoi chúrsaí roimhe sin.

Maidin Déardaoin seo caite, chuir Siún Ní Raghallaigh in iúl don Aire, i gcomhrá le hoifigeach sinsearach de chuid na Roinne, go raibh dul amú uirthi maidir leis an eolas a chuir sí ar fáil faoi na pacáistí scoir.

Ghabh an t-iarchathaoirleach, ar cainteoir líofa Gaeilge agus iarchathaoirleach ar TG4 í, leithscéal faoin méid sin. Dúirt sí gur chuir sí in iúl d’iar-ard-rúnaí na Roinne mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh pacáiste scoir aontaithe le hidirghabhálaí faoi phróiseas neamhspleách agus gurb amhlaidh gur shíl sí gur luaigh sí sa chomhrá sin freisin ról an bhoird i bhfaomhadh an phacáiste.

Dúirt Catherine Martin gur fiafraíodh den iarchathaoirleach go minic faoi cheist na bpacáistí scoir agus ról an bhoird ina bhfaomhadh.

Dúirt an tAire Martin gur bean “ionraic dhíograiseach” í Siún Ní Raghallaigh a rinne obair fhónta mar chathaoirleach, ach gur tharla sé níos mó ná uair amháin nár éirigh léi eolas cruinn a chur ar fáil. Dúirt an tAire nár chreid sí gur chuir Siún Ní Raghallaigh amú í d’aon turas.

Dúirt Catherine Martin go raibh lánmhuinín aici in ardstiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst.

Dúirt Teachtaí Dála áirithe ag an gcruinniú coiste go raibh ceisteanna le freagairt faoi cén fáth nár cheartaigh Backhurst an méid a bhí le rá ag an iarchathaoirleach leis an Aire Martin ó tharla go raibh sé i láthair ag na cruinnithe ag ar pléadh ról an bhoird I bhfaomhadh na bpacáistí scoir.

Níos mó