Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Stormont 5.0

| Dáithí Anraí |

Ciarán Ó Pronntaigh

Ní raibh an Satharn in Stormont gan drámaíocht. Fógraíonn ceapadh Michelle O’Neill mar Chéad-Aire deireadh leis an seanréimeas a bhí i bhfeighil na háite seo ar dhóigh amháin nó eile le tuilleadh agus 100 bliain. Ba dheas agus b’fhial na hóráidí a thug O’Neill agus a comhghleacaí Emma Little-Pengelly agus iad ag glacadh lena bpost. Chuala muid a leithéid roimhe agus ba chomhartha é go mbeadh spiorad an chomhoibrithe ann ón tús. Bhí an Ceann Comhairle nuathofa, Edwin Poots, ar an téad chéanna agus é ag moladh Alex Maskey, an té a raibh an post aige roimhe, go hard na spéire.

Ní hé go raibh gach duine ag ceol as an leabhar céanna, áfach. Rinne Jim Allister ón TUV a sheacht ndícheall cur isteach ar an chorónú ach ní raibh gar ann. Gach uair a d’ardaigh sé a ghlór ba léir nach raibh ach an t-aon ghuth amháin ann. Níor spáráil an DUP a gcáineadh ar an ghuth san fhásach – ní raibh fáilte ar bith roimh an chineál aontachtais sin a thuilleadh, cé nárbh fhada go raibh siad ag seasamh le chéile sa bhearna bhaoil i gcoinne an Phrótacail. Agus ba rabhadh é chomh maith do dhuine ar bith sa DUP a mbeadh sé de chroí aige nó aici an páirtí a thréigean ar phointe prionsabail.

Is cosúil go bhfuil an troid inmheánach sa DUP imithe as na sráideanna agus tá sí anois istigh ag binsí na cumhachta. Bhí tuiscint ag a lán daoine go raibh comhaontú ann roimh ré faoi cé acu aireachtaí a bheadh ag dul do na páirtithe. Déanann seo ciall do gach taobh agus bíonn na páirtithe in inmhe an fhoireann is fearr a fháil do na ceapacháin.

Bhí trí aireacht le dul chuig Sinn Féin agus d’fhógair siad go luath gur mian leo stiúir a bheith acu ar an Roinn Geilleagair. Ach bhí duine leagtha amach acu don Oideachas chomh maith agus ba mhór an rí-rá a bhí ann nuair a fuair siad amach go raibh an DUP ag dul siar ar a bhfocal, mar a thuig siadsan é cibé, agus Paul Givan a cheapadh don phost.

Chuir Sinn Féin deireadh leis na ceapacháin ar an toirt le hatheagrú a dhéanamh ar na ceapacháin eile agus le freagra éigin a fháil faoi cad é a bhí ag titim amach. Is cosúil nach ordú é seo a tháinig ón bharr. Nuair a chuir Amanda Ferguson ceist ar cheannaire an pháirtí, Jeffrey Donaldson, an raibh sé sásta leis an cheapachán thug a aghaidh le fios go glinn nach raibh. An míniú atá air seo nach bhfuil an DUP ag obair mar pháirtí atá aontaithe le línte soiléire ceannais agus beidh impleachtaí aige seo don chaidreamh le Sinn Féin san am atá le teacht.

Ní mó ná sásta a bhí lucht na Gaeilge le ceapachán Givan ná an rogha eile a bhí ag an DUP, Gordon Lyons sa Roinn Pobal. Givan, ar ndóigh, a rinne an cinneadh suarach £50,000 de mhaoiniú Líofa a tharraing siar go díreach roimh an Nollaig 2016, nuair a bhí seisean i mbun na Roinne Cultúir. Agus tá amhras ann an mbeidh Lyons chomh fonnmhar ag cur Straitéis don Ghaeilge chun cinn. Tá dualgas dlí ar an Roinn Pobal an straitéis a chur i bhfeidhm agus tá dréacht faoi réir cheana féin.

Níl aon dabht ach go mbeidh dúshláin roimh gach aire ach is dócha gur mór an brú a bheas ar Robin Swann atá arís ina Aire Sláinte. D’admhaigh Rialtas na Breataine cheana nach bhfuil an leibhéal maoinithe atá ag teacht chugainn ard go leor ach an mbeidh fonn ar na Tóraithe tuilleadh a thabhairt? Beidh brú ar an Aire Airgeadais, Caoimhe Archibald, táillí breise a thabhairt isteach le cúiteamh a dhéanamh do Rialtas na Breataine as aon ardú maoinithe, rud nach mbeidh furasta a chosaint.

Ach an mairfidh an feidhmeannas na trí bliana atá sa mhandáid cibé? Bhí Jeffrey Donaldson a mhaíomh go mbeadh deis aige ‘Coscán Stormont’ a chur i bhfeidhm go luath. An cód é seo don eite dheis sa pháirtí go bhfuil bealach éalaithe fós acu agus nach bhfuil siad faoi cheangal na gcúig gcaol ag an chomhaontú le Heaton-Harris má théid an chúis? Faoin am sin, beidh ceist phá na n-oibrithe poiblí socraithe ar feadh bliain eile agus beidh olltoghchán Westminster romhainn. Níl a dhath greanta i gcloch níos mó. Mar a dhéanann na comhlachtaí ríomhaireachta, tá Stormont leagan 5.0 ar fáil ach ní bheidh aon tacaíocht theicniúil dó a thuilleadh.

Níos mó