Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘ta-tabhacht-dhamanta-le-naionrai-lan-ghaeilge,-breathnaiodh-an-stat-ar-a-gcruachas’

‘Tá tábhacht dhamanta le naíonraí lán-Ghaeilge, breathnaíodh an stát ar a gcruachás’

| tuairisc | , , ,

Deir Uachtarán Gaeloideachas gur gá don stát breathnú “go díreach agus go straitéiseach” ar an ghaeloideachas luathbhlianta le dul i ngleic leis an ghéarchéim san earnáil.

An tseachtain seo chugainn, tiocfaidh ciorruithe suntasacha i bhfeidhm ar sheirbhísí naíonra agus iar-naíonra i gceann de na hionaid cúraim leanaí is mó sa Ghaeltacht agus é fógartha ag bord an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh i gCois Fharraige i gConamara go bhfuil sé i mbaol a dhúnta ceal foirne.

Dúirt Bord Stiúrtha An Crann Taca, an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabháin, nach mbeidh an t-ionad in ann feidhmiú mura n-éiríonn leo bainisteoir nua a fháil roimh dheireadh mhí Feabhra.

Deir Micheál S Mac Donnacha, Uachtarán Gaeloideachas, go léiríonn cás an ITT fadhb i bhfad níos leithne a bhaineann leis an easpa tacaíochta atá tugtha ag an stát d’earnáil na luathbhlianta agus don chóras réamhscoile lán-Ghaeilge.

“Léiríonn an rud atá ag tarlú leis an ITT go bhfuil géarghá ann go mbreathnódh an stát go díreach agus go straitéiseach ar chás na luathbhlianta san iomlán. Idir thraenáil agus oiliúint múinteoirí, íocaíocht chuí do mhúinteoirí agus cúraimí oibre cuí.

“Tá tábhacht dhamanta le naíonraí lán-Ghaeilge do na scoileanna náisiúnta sa Ghaeltacht, go mbeadh seirbhís naíonraí láidir ó thaobh na Gaeilge de ar fáil sa Ghaeltacht,” a dúirt Uachtarán Gaeloideachas.

Deir Caitríona Uí Bhéarra, Príomhoide Scoil Sailearna, an scoil náisiúnta in Indreabhán, atá buailte leis an ITT, go bhfuil sé iontach tábhachtach go mbeadh seirbhís naíonra lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí sa cheantar.

“Tá ról fíorthábhachtach ag an ITT i réimse an luathoideachais i gCois Fharraige agus tá nasc nádúrtha idir an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh agus Scoil Sailearna.

“Go deimhin féin, moltar sa bPlean don Oideachas Gaeltachta an nasc seo a chothú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach agus go mbeadh muid ag obair as lámh a chéile le bunchloch láidir a leagan do pháistí an cheantair agus iad ag tabhairt faoin mbunoideachas.

“Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh gasúir an cheantair seirbhísí trí Ghaeilge ón gcliabhán. Tá súil againn go réiteofar an cheist seo gan mhoill,” a dúirt Caitríona.

Cé gur fadhb náisiúnta an deacracht a bhíonn ag ionaid cúraim leanaí dóthain foirne a earcú agus a choinneáil san earnáil, deir Gaeloideachas go bhfuil cúrsaí níos dúshlánaí fós ag ionaid luathbhlianta a chuireann seirbhísí lán-Ghaeilge ar fáil sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

“I seirbhísí luathbhlianta Béarla, go minic déantar foireann a earcú ó thíortha eile san Aontas Eorpach, ach toisc riachtanais teanga na naíonraí, níl an fhéidearthacht sin ann dóibh.”

Deir Gaeloideachas go bhfuil na naíonraí lán-Ghaeilge “mar bhunchloch” ag an gcóras tumoideachais sa Ghaeltacht agus lasmuigh di agus gur gá don stát gníomhú “ar bhonn práinne” chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh.

“Aithnítear naíonraí mar bhunchloch an chórais tumoideachais in Éirinn agus lasmuigh den Ghaeltacht, is minic iad a bheith ar an chéad teagmháil ag páistí leis an nGaeilge, agus do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, tá na naíonraí riachtanach le cinntiú go bhfaigheann siad luathoideachas ina dteanga dhúchais féin.

“Tá gá le hidirghabháil straitéiseach ar bhonn práinne leis an earnáil luathbhlianta lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta a chaomhnú agus a neartú, agus táimid ag stocaireacht go leanúnach le go ndéanfaidh an Stáit soláthar cuí le tacú leo,” a dúirt urlabhraí as Gaeloideachas.

Idir an dá linn, tá cur síos déanta ag an ITT in Indreabhán i gConamara ar na ciorruithe a bheas á ndéanamh ar a gcuid seirbhísí. Ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh, beidh an tseirbhís iar-naíonra á dúnadh ag a 4 a chlog gach tráthnóna, dúnfar an tseirbhís pháirtaimseartha a chuirtear ar fáil do na gasúir is óige ag meán lae gach lá, gearrfar siar an tseirbhís ECCE, seirbhís cúram agus oideachas na luathóige, agus ar an tseirbhís iar-naíonra pháirtaimseartha.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, dúirt Bord Stiúrtha an ITT nach bhfuil “an dara rogha” acu ach ciorruithe a dhéanamh ar na seirbhísí reatha má táthar chun “na doirse a choinneáil ar oscailt”.

“Tá muid coinsiasach ó thaobh an bhrú agus an neamhchinnteacht a thagann ó na hathruithe seo a chur i bhfeidhm do na tuismitheoirí, ach faraor tá siad riachtanach ag an bpointe seo.

“Tá muid ag obair anois i dtreo Bainisteoir nua a earcú agus foireann ITT a neartú. Beidh muid i dteagmháil leis na tuismitheoirí nuair atá níos mó eolais againn, ach go dtí sin tá muid ag obair go díograiseach chun teacht ar réiteach,” a dúirt urlabhraí ó Bhord Stiúrtha an ITT.

Níos mó