Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘welcome-to-fabulous-gaeilgeland’:-drama-gaeilge-ceannrodaioch-ag-teacht-go-baile-munna

‘Welcome to Fabulous Gaeilgeland’: dráma Gaeilge ceannródaíoch ag teacht go Baile Munna

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Beidh Mumbro Top ag teacht chun stáitse Dé Luain an 19 Feabhra san amharclann Axis i mBaile Munna le seó nuachruthaithe as Gaeilge. Léireofar cúig ghearrdhráma nuachumtha i rith an tseó úir, Welcome to Fabulous Gaeilgeland, faoi stiúir Hilary Bowen-Walsh. 

Tá an dráma dírithe ar lucht féachana ar aois 15+ agus pléitear raon leathan ábhar ann idir mheabhairshláinte, an óige, agus oidhreacht i measc roinnt eile.

Agus seoladh an tseó sna salaí aici, shuigh Hilary linn chun cúlra agus aidhmeanna an tseó a phlé sula bhfeicfear den chéad uair é.

NÓS: Tráthnóna maith a Hilary. Go raibh míle maith agat as agallamh a dhéanamh linn arís. Cad é mar atá ag éirí libh, tú féin agus Mumbro Top, ó chuir sibh SKETCHIMÍNÍ amach? B’in an t-am deireanach ar labhair muid.

Hilary Bowen-Walsh: Go hálainn! D’éirigh go maith linn agus le SKETCHIMÍNÍ, a bhuí libhse freisin as ucht na poiblíochta a rinne sibh dúinn. Fuair muid na mílte amharc ar na físeáin a bhí an-mhaith ar fad. Tá muid an-ghnóthach. Ní stopann sé riamh ach tá ríméad orainn anois go bhfuil seó againn san amharclann an mhí – gabh mo leithscéal – an tseachtain seo.

NÓS: Tá sibh ag cailliúint ama leis an oiread atá ar siúl agaibh! Ach is maith sin a chluinstin. Tá sibh ag cur seó ar bun darb ainm ‘Welcome to Fabulous Gaeilgeland’ i mBaile Munna ar an 19 Feabhra. Inis dúinn faoin áit a dtitfidh sé amach agus faoi bhunús an tseó.

HBW: Tá an seó ag titim amach i mBaile Munna san Axis, nó Taibhdhearc an Oirthir mar a ghlaoim féin air. Bíonn siad de shíor ag tabhairt tacaíocht do thograí Gaeilge agus d’ealaíontóiri nua. Is álainn an áit í.

Tá mé tar éis a bheith ag scríobh mo dhrámaí féin, ag stiúradh, ag aisteoireacht, ag dearadh fuaimrianta agus iad a thabhairt ar chamchuairt fud fad na tíre. Tá sé tábhachtach dom drámaí a thabhairt chuig áiteanna iargúlta agus lucht féachana éagsúla. An uair seo, shocraigh mé ealaíontóirí a roghnú agus an deis a thabhairt dóibh tabhairt faoi dhúshlán le saothar nua a chruthú. Más rud é gur scríbhneoireacht a bhí ann, damhsa, puipéadóireacht, rud ar bith faoin spéir, níor chuir mé teorainn ar an téama nó ar an ábhar. Uaireanta, bíonn a leithéid úsáideach ar mhaithe le hionspioráid ach, é sin ráite, tá mé tar éis a bheith ag obair leo ar fad agus tá muinín agam iontu. 

Mar chineál ‘control freak’, bhí mé ag iarraidh an téama a fhágáil oscailte agus scaoileadh leis an smacht sin. Cuireann sin faitíos orm go pointe mar, ó thaobh na dtéamaí, ó thaobh an ábhair de, ní mise a bhí taobh thiar dó. Tá mé ansin chun smaointe a roinnt agus aiseolas ‘drámatheoiriciúil’ a thabhairt dóibh freisin. Ach bhí mé ag iarraidh scaoileadh leo agus an téama a fhágáil oscailte le go bhfeice muid cad a tharlódh. 

NÓS: Iontach ar fad. Bíonn sé doiligh in amanna scaoileadh leis an smacht sin, mar a dúirt tú, ach is minic a chruthaítear cuid den ealaín is ceannródaíche ar an bhealach sin. Ní tusa a chum an t-ábhar atá a phlé agaibh, ach an raibh ionchas ar bith agat maidir le cur i láthair an tseó féin?

HBW: Ní déarfainn é i ndáiríre. Roghnaigh mé daoine a raibh talann iontach acu, idir ealaíontóirí óga atá ag teacht chun cinn agus daoine atá fadbhunaithe san earnáil. Leis an meascán sin bhí mé an-sásta an chumhacht a thabhairt dóibh. Ar ndóigh, tá mé á stiúradh agus ag tabhairt aiseolais freisin ach ní bhíonn an oiread sin saoirse ag ealaíontóirí i gcónaí. Caithfear cloí le teorainneacha bainteach le maoiniú b’fhéidir. Ach is seó é seo chun saothar a thaispeáint i nGaeilge agus tugadh an chumhacht sin do na healaíontóirí. Deirtear nach bhfuil mórán drámaí Gaeilge ag tarlú sa lá atá inniu ann ach a mhalairt a fheicim i ndáiríre. Tá ‘Na Peirsigh’ ag toiseacht in Amharclann na Mainistreach go luath agus tá an Taibhdhearc ann, Fíbín, Aisling Ghéar. Tá an oiread sin comhlachtaí amuigh ansin agus tá muid ag cur leo. Agus amach anseo, má tá na healaíontóirí ag iarraidh na gearrdhrámaí a fhorbairt, beidh an chéad chéim tógtha acu. Tá muid ag iarraidh drámadóirí agus drámaí sa Ghaeilge a fhorbairt a bheag nó a mhór.

NÓS: Sin galánta. Ní hamháin go bhfuil sibh ag cur le cultúr na Gaeilge leis an seó áirithe seo ach mar a dúirt tú féin, tá na cuspóirí forbartha ar féidir leis na cumadóirí a dhul ina dtreo leagtha amach fosta. An féidir leat cúpla focal a rá faoi chuid de na cumadóirí agus an fhoireann a bhfuil tú ag obair leo?

(I measc na na foirne ildánaí beidh Áine Ní Laoghaire (Róise & Frank), Cillian Ó Donnchadha, Colm Mac Gearailt (Ros na Rún), Hugh Carr, Kevin Johnston, Morgan Cooke, Nóra Ní Anluain Fay, Sexy Tadhg, Cathal Ó Broin Brace, Denis Horan, Sinéad Ní Uallacháin – agus HBW í féin!)

HBW: Bhí mé ag iarraidh éagsúlacht a thabhairt chun stáitse le haisteoirí as Corcaigh, Dún na nGall, Ciarraí, Baile Átha Cliath agus foireann iontach láidir atá ann. Tháinig siad isteach le scileanna éagsúla idir an phuipéadóireacht, an greann, an damhsa, agus an ceol. Tá gach aon rud faoin spéir ann agus beidh aoi speisialta nach bhfuil ar an liosta linn freisin. Beidh Jade Pepper linn ar an oíche mar MC agus is taibheoir buirlisc iontach í chomh maith.

NÓS: Stack-áilte mar a deir siad sa Bhéarla! Luaigh tú cúpla féideartheacht a thiocfaidh ón seó maidir le forbairt agus síneadh amach. An síleann tú go bhfuil mír ar bith sa seó a bhfuil aidhm shoiléir aici?

HBW: Beidh damhsa ann a phléann aois agus an óige. Dráma corparáideach a dhíríonn ar an chaipitleachas. Dráma idir bheirt a phléann an bás agus an oidhreacht. Beidh seó aonair ann a bhaineann le neamhord dépholach. Raon leathan go deimhin.

NÓS: An mbeidh sibh ag tabhairt an seó ar chamchuairt?

HBW: Faraor, braitheann gach rud ar mhaoiniú agus is seó costasach é seo a chur i láthair. Ní fhéadfainn a rá i ndáiríre. Tá mé ag ceapadh go mbeidh na píosaí seo in ann a bheith forbartha am éicint eile agus go rachaidh siad ar a dturas féin ach beidh le feiceáil!

NÓS: Beidh le feiceáil! Is cosúil nach stopann tú de bheith ag obair. Cad iad na pleananna do 2024 amach anseo?

HBW: Tá mé ag iarraidh seó a rinne muid faoi Ghráinne Ní Mháille a rinne muid cheana a chur ar an mbóthar arís. Tá muid ag obair ar sheó nua freisin. Ní féidir liom mórán a rá go fóill. Rud éicint dírithe ar pháistí an uair seo.

NÓS: Nár mhaith leat an scéal eisiach a thabhairt do NÓS?

HBW: Rud a bhaineann le miotaseolaíocht na hÉireann agus an teicneolaíocht. Sin an méid gur féidir liom a rá ag an bpointe seo.

NÓS: Is leor sin dúinne! Hilary, bhí sé go hiontach a bheith ag labhairt leat inniu agus guíonn muid gach rath oraibh leis an seó. Ádh mór!

Beidh Welcome to Fabulous Gaeilgeland ar siúl amárach, an Luan an 19 Feabhra ar 20:00 san amharclann Axis i mBaile Munna. Tá costas €13 ar thicéad don seó úr de chuid Mumbro Top, atá ar fáil anseo. Is féidir ár n-agallamh eile le Hilary Bowen-Walsh a léamh thíos.

__________________________________________________________

SKETCHIMÍNÍ: Suíonn scríbhneoir na sraithe grinn nua le NÓS

The post ‘Welcome to Fabulous Gaeilgeland’: dráma Gaeilge ceannródaíoch ag teacht go Baile Munna appeared first on NÓS.

Níos mó