Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ainmneacha-gaeilge-ag-eiri-nios-coitianta,-an-toir-ar-shiofra,-eanna,-cadhla,-aine-agus-daithi

Ainmneacha Gaeilge ag éirí níos coitianta, an-tóir ar Shíofra, Éanna, Cadhla, Áine agus Dáithí

| Padraic O Ciardha | ,

Bhí 19 ainm Gaeilge i measc an 100 ainm ba choitianta do bhuachaillí in 2023 agus 18 ainm Gaeilge a bhí sa chéad 100 ainm ba choitianta do chailíní

Ainmneacha Gaeilge ag éirí níos coitianta, an-tóir ar Shíofra, Éanna, Cadhla, Áine agus Dáithí

Ainmneacha Gaeilge ab ea sé cinn de na deich n-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí a rugadh in Éirinn anuraidh.

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, bhí Rían, Oisín, Fionn, Tadhg, Liam agus Cillian i measc na n-ainmneacha is coitianta do bhuachaillí a rugadh in 2023.

Is iad Jack, a bhí sa chéad áit ar liosta na mbuachaillí don seachtú bliain as a chéile, Noah agus James na trí ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí anuraidh ach ainmneacha Gaeilge ab iad an chéad sé ainm eile is coitianta.

Sa naoú háit ar liosta na mbuachaillí a bhí Cillian in 2023, mar a bhí an bhliain roimhe sin, ach b’fhéidir go dtiocfadh feabhas air sin i mbliana agus gradam Oscar buaite ag an gCorcaíoch, Cillian Murphy.

Chuaigh Fionn ón 11ú háit in 2022 go dtí an séú háit ar an liosta de na hainmneacha is coitianta do bhuachaillí.

Bhí 19 ainm Gaeilge i measc an 100 ainm ba choitianta do bhuachaillí in 2023, ceithre cinn níos mó ná in 2022. Bhí Éanna (96ú áit) agus Dáithí (100ú áit) ar phéire de na cúig ainm a bhain áit amach sa 100 ainm is coitianta do bhuachaillí den chéad uair. Bhain Eoin, Dara agus Ruairí áit amach sa chéad 100 ainm is coitianta arís anuraidh.

Bhí Cadhla agus Síofra ar phéire de na trí ainm do chailíní a bhain áit amach i measc an 100 ainm is coitianta den chéad uair. Bhí Síofra ar an ainm do chailíní is mó a rinne dul chun cinn in 2023 agus an t-ainm imithe ón 157ú háit in 2022 go dtí an 100ú háit anuraidh. Tugadh Síofra ar 50 cailín a rugadh in Éirinn anuraidh i gcomparáid le 33 in 2022.

Bhain Áine áit amach i measc an 100 ainm is coitianta arís, agus í imithe ón 100ú háit go dtí an 86ú háit.

Bhí 18 ainm Gaeilge ar fad i measc sa chéad 100 ainm ba choitianta do chailíní in 2023, trí cinn níos mó ná mar a bhí an bhliain roimhe.

Bhí Fiadh (sa dara háit) agus Éabha (san ochtú háit) ar na hainmneacha Gaeilge is coitianta do chailíní in 2023. Grace an t-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní anuraidh.

Tugadh 9,172 ainm ar leith ar bhuachaillí agus cailíní a rugadh in 2023, de réir an eolais ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Murphy an sloinne ba choitianta ar na páistí sin.

Ainmneacha Buachaillí

Ainm Áit ar Liosta 2023 2022 Líon na bpáistí a tugadh an t-ainm orthu in 2022
Rían 4 4 339
Oisín 5 6 330
Fionn 6 11 306
Tadhg 7 7 301
Liam 8 8 289
Cillian 9 9 275
Seán 14 19 240
Cian 29 28 156
Páidí 34 58 150
Donacha 61 46 100
Eoin 75 112 78
Cathal 75 73 78
Daithí 75 80 78
Odhrán 83 88 72
Tomás 90 77 66
Ruairí 92 133 64
Éanna 96 116 60
Dara 96 106 60
Dáithí 100 104 59

Ainmneacha Cailíní

Ainm Áit ar Liosta 2023 2022 Líon na bpáistí a tugadh an t-ainm orthu in 2022
Fiadh 2 3 300
Éabha 8 6 241
Croía 23 38 166
Caoimhe 26 24 158
Saoirse 27 18 157
Aoife 31 30 148
Róisín 36 31 127
Sadhbh 40 32 120
Ailbhe 44 72 118
Méabh 44 65 118
Éala 53 91 100
Fíadh 67 71 85
Aoibhín 71 65 77
Niamh 73 78 75
Áine 86 101 59
Cadhla 87 110 58
Ciara 95 74 53
Síofra 100 157 50

Níos mó