Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
breis-is-e20-milliun-fogartha-ag-an-rialtas-d’eagraiochtai-gaeilge-agus-gaeltachta

Breis is €20 milliún fógartha ag an Rialtas d’eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta

| tuairisc | , ,

Seoladh inniu Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge agus fógraíodh beagnach €10 milliún don Taibhdhearc agus d’Oireachtas na Gaeilge

Tá maoiniú os cionn €20 milliún fógartha tráthnóna ag an Rialtas don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.

Bhí an tAire Stáit Patrick O’Donovan i nGaillimh tráthnóna chun maoiniú suntasach a fhógairt do roinnt eagraíochtaí Gaeilge, Taibhdhearc na Gaillimhe, Oireachtas na Gaeilge agus Tuismitheoirí na Gaeltachta ina measc.

Seoladh an Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, straitéis lena bhfuiltear ag súil le fada, inniu agus fógraíodh beagnach €10 milliún den mhaoiniú a bheidh á chaitheamh ar fheidhm a thabhairt di thar thréimhse ceithre bliana.

Tá €5.78m le bronnadh ar an Taibhdhearc thar thréimhse ceithre bliana na straitéise, 2024-2027.

Deirtear go ndéanfar an Taibhdhearc a “athbheochan” mar spás amharclainne náisiúnta agus go gcuirfear cúig cinn de mhórléiriúcháin ar stáitse in aghaidh na bliana, chomh maith le léiriúcháin eile agus féilte drámaíochta.

Tá sé i gceist compántas gairmiúil amharclainne a chruthú chun saothar ealaíne nua a chruthú agus a fhorbairt chomh maith le foireann nua a fhostú, stiúrthóir ealaíne agus stiúrthóir airgeadais ina measc. Meastar go mbeidh an struchtúr nua agus clár ealaíon na hamharclainne faoi lán seoil faoin gcéad ráithe de 2025.

Dúirt Siobhán Nic Fhlannchadha, Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce, go raibh easpa maoinithe ina hábhar buartha don bhord riamh ach go raibh “cinneadh cinniúnach” glactha ag Airí na Gaeltachta faoi thodhchaí na hamharclainne leis an airgead breise a fógraíodh.

Ag ócáid sa Taibhdhearc a rinneadh an maoiniú a fhógairt agus d’fhógair an tAire Stáit O’Donovan ansin freisin €4 milliún d’Oireachtas na Gaeilge dá bplean gníomhaíochta náisiúnta chun na hEalaíona Teangabhunaithe a fhorbairt timpeall na tíre idir 2024-2027.

I measc na dtionscnamh atá le cur i bhfeidhm ag an Oireachtas faoin bPlean Gníomhaíochta, tá tionscnamh chun drámaíocht na Gaeilge a athbheochan agus a neartú i measc an phobail ó aois scoile ar aghaidh. Bunófar freisin bunscéimeanna deontais agus sparánachtaí aon uaire d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Tá gréasán d’Aisitheoirí Ealaíon Réigiúnacha le bunú agus tabharfaidh an gréasán sin faoi fheidhmiú an phlean as seo go 2027, a deirtear.

Dúradh i dtaighde a bhí ina bhunús leis an straitéis nua go raibh “géarchéim ar leith” i ndrámaíocht na Gaeilge.

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, nach bhféadfadh Dubhghlas de hÍde féin a bheith “níos ríméadaí lá oscailte an chéad Oireachtais in 1897” ná mar a bhí lucht na heagraíochta le fógra an lae inniu agus go mbeifí ag tosú “lom láithreach” ar chur i bhfeidhm an phlean.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, go bhfuil “áit ar leith ag amharclann na Taibhdheirce inár n-oidhreacht chultúrtha” agus go gcothódh an infheistíocht nua an chruthaitheacht agus go gcinnteodh sí “todhchaí bhríomhar dár bhféiniúlacht teanga agus ealaíon”.

Dúirt sí freisin go bhfuil “tiomantas agus saineolas gan staonadh” léirithe ag an Oireachtas i gcur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir agus go gcinnteodh fógra an lae inniu go mbeidh borradh faoi na healaíona Gaeilge amach anseo.

Is ag Stiúideo Cuan ar an Spidéal a rinneadh an fógra maidir le maoiniú €11 milliún eile a bheidh le caitheamh ar thrí eagraíocht Ghaeltachta eile.

Tá méadú mór le teacht ar fhoireann Thuismitheoirí na Gaeltachta agus é fógartha go bhfuil €5.4 milliún le bronnadh ar an eagraíocht idir seo agus 2026.

Seisear atá fostaithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i láthair na huaire ach deirtear go bhfuil deichniúr breise le fostú a bhuíochas don mhaoiniú breise chun seirbhís na heagraíochta a leathnú ar fud na Gaeltachta. Beidh cúig fho-oifig eile á n-oscailt amach anseo agus súil acu leas a bhaint as seirbhísí ionaid gteic chun é sin a bhaint amach.

Ardú €668,000 sa bhliain atá i gceist le maoiniú Tuismitheoirí na Gaeltachta le hais an tacaíocht a bhíodh Roinn na Gaeltachta a chur ar fáil roimhe seo.

Tá maoiniú os cionn €1.9m fógartha d’Údarás na Gaeltachta chomh maith do Chlár Tacaíochta nua chun an Ghaeilge a spreagadh i measc gnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha seirbhíse, miondíola agus fáilteachais

Déanfar an clár tacaíochta a fheidhmiú agus a fhorbairt i ndeich mbaile ar fud na Gaeltachta agus díreoidh an togra “ar chumasú gnólachtaí chun seirbhís ar ardchaighdeán i nGaeilge a sholáthar do phobal na Gaeltachta agus do thurasóirí, chomh maith le feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sna bailte seo agus íomhá láidir Ghaelach a chothú agus a chur chun cinn iontu”.

Tá méadú beagnach 50% tagtha ar an airgead atá le cur ar fáil do Chomhair Naíonraí na Gaeltachta chomh maith agus €3.7 milliún le bronnadh thar thréimhse trí bliana chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Beidh an eagraíocht ag cruthú ceithre phost breise chun tacú leo na bearta atá ina plean straitéiseach a bhaint amach idir seo agus 2026.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh súil aige go mbainfidh gnólachtaí, tuismitheoirí, ealaíontóirí agus an pobal ar fad tairbhe as na bearta atá fógartha inniu agus go raibh súil aige freisin go mbeadh “tuilleadh fógraí dearfacha” le déanamh aige sa bhliain seo amach romhainn.

Níos mó