Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
caoineadh-ghoill-agus-an-tsuil-ar-lar

Caoineadh Ghoill agus an tsúil ar lár

| dubhan o longain | ,

Tá mé ag plé le baill na Féinne le tamall anuas; scríobh mé alt faoi na héachtaí a rinne Fionn nuair a bhí sé óg agus scríobh mé alt eile faoi Oisín, Caoilte, agus Diarmaid san alt dheireanach liom san iris seo. Agus mé ag gabháil don obair sin, rinne mé cúpla tagairt do Gholl mac Morna. Luaigh mé gur throid sé leis an ionsaitheoir sa scéal Laoi an Fhiaich agus gurbh é Goll a mharaigh Cumhall, athair Fhinn. Ach cérbh é? San alt seo, pléifidh mé Goll agus beirt eile.

Goll

Ba é Goll an duine ba láidre sna Fianna. Bhí an oiread sin de chlú ar a láidre agus a bhí sé go bhfuil an nath cainte ‘chomh láidir le Goll mac Morna’ ar fáil san fhoclóir. Is ionann seo agus ‘chomh láidir le capall’, dar ndóigh. Bhí sé de chlú air, fosta, go raibh sé an-chróga agus ba mhinic gurbh é Goll a fuair an bua ar an namhaid nuair nach dtiocfadh le duine ar bith eile.

Cailleadh máthair Ghoill agus é nua-bheirthe, mar atá mínithe sa tsraith scéalta ‘Macghníomhartha Ghoill’. Chaith Goll (leanbh cúpla lá d’aois) tamall fada ag caoineadh agus ní raibh a athair in ann é a shuaimhniú. Ghlac an t-athair é chuig ‘fear a rabh fios aige’ mar atá luaite i scéal as Oileán Thoraí.

‘“Sin adhbhar an fir is féarr a tógadh i n-Éirinn ariamh,”’ a dúirt an seanfhear ach mhol sé d’athair Ghoill bean a fháil a bheadh in ann an leanbh a chothú le bainne cíche. Rinneadh sin agus d’fhás Goll aníos agus é millteanach láidir ar fad.

Is é ‘caoch’ an chiall atá le ‘Goll’ agus tugtar an t-ainm seo air nó, dar leis an chuid is mó de na scéalta, bhain Cumhall súil amháin as a cheann agus iad ag troid. Mharaigh Goll Cumhall sa troid chéanna (Cath Cnucha) ach ní go hiomlán slán a tháinig Goll as an troid agus a shúil caillte aige. ‘Iolann’ an t-ainm a bhí air roimh an eachtra seo.

Conán Maol

Deartháir le Goll agus duine an-teasaí ab ea é Conán Maol. Bíonn sé le sonrú i gcuid mhaith scéalta ach bíonn ról imeallach aige den chuid is mó. Léirítear é mar dhuine atá rud beag bómánta anseo is ansiúd agus baintear ábhar grinn as. Cé go bhfuil sé rud beag bómánta, is léir go raibh sé ina throdaí cumasach agus bailíodh scéal, chomh fada ar shiúl le Ceanada mar a tharlaíonn sé, ina maraíonn sé fathach.

Léiríonn sé go bhfuil dáimh aige le madaidh sa scéal ‘Eachtra na Mná Móire Thar Lear’ ach mharaigh sé bean a chuidigh leis na Fianna sa scéal chéanna i ndiaidh d’fhearg teacht air. Maraíonn sé a bhean féin i leaganacha áirithe den scéal ‘Laoi an Bhrait’. Déanann sé seo nuair a fhaigheann sé amach go raibh caidreamh aici le fear eile.

Oscar

Agus Goll luaite ag tús an ailt seo, is fiú sárlaoch eile na Féinne a lua. Is mac le hOisín é Oscar agus tá an gradam don laoch is fearr sna Fianna roinnte idir Oscar agus Goll.

Mar a luaigh mé faoi Oisín, is é ‘fia’ is ciall leis an fhocal ‘os’. Is é ‘grá’ atá i gceist le ‘car’ agus, mar sin de, is é ‘duine a thugann grá d’fhia’ an chiall atá lena ainm. Is ainm é ‘Oscar’ a chiallaíonn ‘champion’, fosta.

Phós sé bean as oileán ficseanúil ar chósta Dhún na nGall, is cosúil, agus bhris troid mhór amach ag an bhainis. Faigheann Oscar bás ag Cath Gabhra agus tá sé ráite go bhfuil bás a gharmhic ar cheann de na himeachtaí amháin a chuir Fionn ag caoineadh.

The post Caoineadh Ghoill agus an tsúil ar lár appeared first on NÓS.

Níos mó