Tá sé fógartha ag an gcomhlacht bus Citylink go mbeidh siad ag glacadh feasta le pasanna saorthaistil ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil i gConamara.
Ón lá inniu amach, is féidir le daoine a bhfuil pasanna saorthaistil acu an tseirbhís bus a théann idir cathair na Gaillimhe agus an Clochán a úsáid saor in aisce. Freastalaíonn an tseirbhís 923 ar Mhaigh Cuilinn agus Sraith Salach sa Ghaeltacht agus téann an bus siar chomh fada le Leitir Fraic agus An Cloigeann.
Deich n-uaire in aghaidh an lae a théann bus Citylink siar as Gaillimh agus tagann ceann aniar deich n-uaire freisin.
Cé go nglacfar le daoine nach bhfuil suíochán curtha in áirithe acu roimh ré, deir Citylink go dtabharfar tús áite i gcónaí dóibh siúd a bhfuil suíochán in áirithe acu. Is féidir le daoine a bhfuil pas saorthaistil acu suíochán a chur in áirithe ar shuíomh Citylink ach caithfear táille €5 a íoc.
Tá Citylink le glacadh le pasanna saorthaistil ar an tseirbhís idir Caisleán an Bharraigh agus Baile Átha Cliath ón 1 Márta chomh maith agus an comhlacht anois ag glacadh leis na pasanna saorthaistil ar chuile cheann dá gcuid seirbhísí idir bhusanna Citylink, GoBus agus Eireagle.