Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
comhairle-carad:-fiorchostais-na-bainise

Comhairle Carad: Fíorchostais na Bainise

| kathryn ni mhaolain | ,

Is breá liom bainiseacha. Is breá liom an grá, is breá liom gléasadh suas, is breá liom na daoine i mo shaol a cheiliúradh.

An gciallaíonn sé sin nach mbíonn strus orm nuair a thig fear an phoist leis an ochtú cuireadh bainise do 2024 amháin? An gciallaíonn sé nach mbím airdeallach ar an airgead agus ar an am a bhíonn i gceist le freastal ar bhainis, gan trácht ar a bheith mar chuid de? Ní chiallaíonn.

Ach, trí cheisteanna na seachtaine seo, déanaimse plé ar an tábhacht a bhaineann le bheith ann do na daoine is tábhachtaí i do shaol agus iad ag pósadh, ar cibé dóigh ar féidir leat, in ainneoin an bhrú a bhaineann leis.

Is galánta an rud é go bhfuil daoine inár saol atá ag iarraidh go mbeidh muid ann ar an lá mhór seo agus ceiliúradh a dhéanamh leo. Tá an t-ádh orainn. Ba cheart dúinn a bheith bródúil as na caidrimh atá cothaithe againn leis na d—

Fan soicind. Sin fear an phoist ag an doras arís!

S, 29
Tá mé ar aois anois go bhfuil mo chuid cairde uilig le pósadh go luath. Tá mé ar bís dóibh agus tá mé ag dúil go mór leis na bainiseacha ach tá mé iontach buartha faoi chúrsaí airgid. Tá mé idir poist faoi láthair agus níl ioncam seasmhach agam. Tá cuid de na bainiseacha seo fada ar shiúl uaim agus beidh costas ag baint le freastal orthu – gan trácht ar bhronntanas bainise, cóisireacha na gcearc (uaireanta níos mó ná cóisir amháin d’aon bhrídeog amháin!) agus na costais eile a bhaineann le dul chuig bainis (feisteas, gruaig, smideadh…)

Ar cheart dom glacadh leis go mbeidh níos lú airgid agam i mbliana agus gan rud ar bith a rá, nó an féidir liom a rá le mo chuid cairde go bhfuil barraíocht airgid i gceist le cuid de na rudaí seo?

Sílim gur ceist tosaíochtaí í seo chomh maith le ceist airgid, b’fhéidir. Ní gá go mbainfeadh cibé cinneadh a dhéanann tú le gach bainis nó imeacht bainise atá i d’fhéilire i mbliana. Is féidir leat cinneadh ar leith a dhéanamh faoi bhainis amháín agus cinneadh eile a dhéanamh faoi bhainis eile. Mar sin, tá cead agat dul chuig cuid de na himeachtaí seo, agus gan dul chuig cuid eile. Tá súil agam go laghdaíonn sin an strus atá ort, mar thús.

Tá fadhb níos ginearálta anseo dar liom. Is cinnte go bhfuil cultúr na mbainiseacha ag dul ó smacht agus go mbíonn achan rud i bhfad níos costasaí dár nglúin féin ná glúin ár dtuismitheoirí. Níos costasaí don bheirt atá ag pósadh agus do gach duine eile chomh maith!

A chara, is leatsa an cinneadh más maith leat an t-airgead sin a chaitheamh nó gan. An t-aon rud a déarfainn, agus a deirim i gcónaí: níl aon dul siar ar chailleadh bainise. I ndáiríre, is í mo bharúil féin gur cheart dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcairde agus a bheith ann dóibh. Bíodh sin ag bainis, ag tórramh, ag comórtas, nó cibé rud eile. Uaireanta, ní bheidh seo furasta nó fóirsteanach do do shaol, ach sílim i gcónaí gur ceart iarracht a dhéanamh más cara maith thú.

Ag an am chéanna, más cairde maithe iad seo, agus má tá tusa i ndrocháit ó thaobh airgid de, tá súil agam go dtuigfeadh siad muna mbeifeá in ann freastal ar gach imeacht a bhaineann lena mbainis.

Mar shampla, má tá dhá chóisir na gcearc ann (nó níos mó!), an féidir freastal ar cheann amháin acu go díreach? An féidir leat comhrá ionraic a dhéanamh leis an lánúin agus a mhíniú nach bhfuil tú in ann bronntanas ollmhór a thabhairt dóibh faoi láthair, ach gur bhreá leat a bheith leo ar an lá go fóill? An féidir leat gan stopadh thar oíche, nó seomra agus cúrsaí taistil a roinnt le daoine eile le costais a laghdú? Bheinn ag súil go dtiocfadh cairde maithe ar réiteach. Dá dtiocfá chuig an chomhrá seo le grá, agus leis an lánúin chun tosaigh, bheinn ag súil go mbeadh siad báúil.

Maidir leis na costais eile a bhaineann le bainiseacha a luaigh tú: gruaig, smideadh, feisteas… Beidh mé crua ort anseo. Tá costais ann is féidir a sheachaint má tá buiséad agat. Seo ceann acu. Is tábhachtaí i bhfad a bheith i láthair ag bainis nó ag cóisir na gcearc i ngúna atá agat cheana féin ná gan dul mar gheall go bhfuil costais ag baint le feisteas nua a cheannach. Is fearr i bhfad do chuid smididh agus do chuid gruaige féin a dhéanamh ná an t-imeacht a chailleadh mar gheall ar na costais seo. Seo iad na tosaíochtaí: cuir do chuid cairde chun tosaigh ar an chuma atá ort. Tá mé cinnte go bhfuil feisteas agat i do vardrús agus smideadh agat i do mhála!

Ar an iomlán, níl mise anseo le haon chinneadh a dhéanamh duit. Sin ráite, níl cinneadh amháin le déanamh agat; tá cuid mhaith cinntí beaga le déanamh ar rudaí beaga difriúla. Tá súil agam go mbeidh tú in ann do chuid tosaíochtaí a chur in ord agus iad sin a úsáid mar bhunchloch na gcinntí.

Gan ainm
Níor mhaith liom a bheith i mo chailín coimhdeachta. Tá mo dheirfiúr le pósadh ar an bhliain seo chugainn agus níl muid mór lena chéile. Ní raibh aon titim amach ann ach tá muid iontach difriúil óna chéile agus níl dúil againn sna rudaí céanna. Ba mhaith léi iarradh orm a bheith mar chailín coimhdeachta aici – an t-aon chailín coimhdeachta ar an bhainis. Tá deartháir amháin ag a páirtí, mar sin, beidh duine amháin an duine acu. Ach níor mhaith liom freagracht cóisir na gcearc a phleanáil nuair nach bhfuil a fhios agam cad é a bheidh uaithi. Níor mhaith liom a bheith ar an aon chrann taca amháin ar an lá nuair nach bhfuil mé cinnte cén dóigh le tacú léi.

Níor chuir sí ‘an cheist oifigiúil’ orm go fóill ach tá a fhios agam go bhfuil sí ag smaoineamh faoi. Conas is féidir liom í a dhiúltú – nó an féidir liom?!

Is mór an onóir nuair a iarrann duine ort a bheith i do chailín coimhdeachta dóibh ach is mór an t-ualach é chomh maith. Tig neart dualgas le honóir an róil agus is ceart machnamh a dhéanamh air nuair a iarrtar seo orainn. An bhfuil an t-am againn? An fuinneamh? An t-airgead? (Féach thuas!)

Deir tú nach bhfuil tú iontach mór le do dheirfiúr agus nach bhfuil dúil agaibh sna rudaí céanna. Tá mé cinnte, má tá seo tugtha faoi deara agatsa, go n-aithníonn sí féin sin chomh maith. Is deis mhaith í bainis caidrimh teaghlaigh a fhorbairt! Seans go bhfeabhsódh seo an caidreamh eadraibh. Seans gurb í sin an sprioc atá aici agus í ag súil le ceist a chur ort fiú!

Tá taobh eile ann áfach. Mothaíonn tusa brú sóisialta glacadh leis an iarratas seo. Ach, cuimhnigh gurbh fhéidir go bhfuil sí ag cur na ceiste seo ort toisc an brú sóisialta a mhothaíonn sise! Glactar leis go minic go mbeidh ár siblíní mar chuid dár mbainiseacha ach ní hamhlaidh gurb iad an duine is mó linn nó an duine is fearr i gcónaí. Ní gá go ngortófar aon duine nó go mbeadh titim amach ann muna mbeadh siblíní mar chuid den bhainis.

Is fiú agus is ceart do chuid buaireamh a lua léi. Mholfainn é sin a dhéanamh roimh ‘an cheist oifigiúil’ mar a chuireann tú féin uirthi. Cosúil le duine ag cur ceist ar dhuine eile iad a phósadh, sílim gur cheart go mbeadh sé ina iontas cén uair a chuirtear an cheist, ach gur chóir é a phlé roimh ré ionas nach iontas í an cheist féin.

Chuige sin, tá cúpla rud ar fiú iad a phlé agus teacht ar réiteach lena chéile. Go mbeadh cuidiú de dhíth ort le pleanáil chóisir na gcearc. Gur mhaith leat tacaíocht a thabhairt di ach nach bhfuil tú cinnte cad é a bheas de dhíth uirthi ag staideanna difriúla. Go bhfuil buairimh airgid ort agus nár mhaith leat go mbeadh siad ina mbac agus í i mbun pleanála. Tá oraibh na rudaí seo a phlé roimh ré agus iad a phlé go hoscailte. Beidh an t-am seo strusmhar di agus ba cheart go mbeadh tacaíocht mhaith aici lena linn.

Ní leatsa amháin an cinneadh agus ní léi amháin an cinneadh. Déan an cinneadh le chéile, le grá, agus tá mé cinnte go n-éireoidh libh an cinneadh ceart daoibhse a dhéanamh.


An bhfuil comhairle uait? Grá crua nach bhfaighidh tú ó na daoine a bhfuil aithne acu ort? Ar mhaith leat dearcadh neamhchlaonta agus comhairle ón chroí? Seol ceist chuig an fhoirm anaithnid seo, agus beidh Kathryn ar ais chugat i bhfoirm colúin!

The post Comhairle Carad: Fíorchostais na Bainise appeared first on NÓS.

Níos mó