Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cuir-aithne-ar-thrionoid-naofa-na-bhfiann

Cuir aithne ar Thríonóid Naofa na bhFiann

| dubhan o longain | ,

Is beag duine in Éirinn nár chuala trácht ar an laoch úd Fionn mac Cumhaill. Ach an dtuigeann muid gur ghrúpa iad na Fianna? Is minic, agus mé ag caint ar na Fianna, go mbíonn sé soiléir nach bhfuil ach cúpla carachtar ar eolas againn. Aithnítear Oisín nó tá an scéal Oisín i dTír na nÓg ar eolas againn agus aithníonn an chuid is mó dínn Diarmaid agus Gráinne. Bailíodh níos mó ná 200 leagan den dá scéal seo san aois seo caite. Ní nach ionadh, mar sin de, go bhfuil na carachtair seo ar eolas againn.

Is féidir a rá gurb iad Fionn, Oisín, agus Diarmaid an ‘tríonóid naofa’ a aithníonn muid sa lá atá inniu ann ach bhí an-chuid daoine eile ann sa ghrúpa seo ‘na Fianna’. Is é Fionn ceannaire nó taoiseach na bhFiann agus tá grúpa mór fear faoina stiúir. Is fiú dúinn aithne a chur orthu! 

Oisín

Ní hé Oisín an t-aon mhac amháin a bhí ag Fionn ach is cinnte gurb é Oisín an mac is cáiliúla. Focal a bhfuil an chiall ‘fia’ leis is é ‘os’ agus, dá bhrí sin, is é is ciall lena ainm ná ‘fia beag’. Tugadh an t-ainm seo air nó rinneadh fia dá mháthair Sadhbh sular rugadh é.

Ba laoch iontach é ina óige ach déantar seanfhear de nuair a thiteann sé dá chapall sa scéal Oisín i dTír na nÓg. Buaileann sé le Naomh Pádraig ansin, insíonn sé scéalta na Féinne don naomh, agus scríobhtar síos iad. Seo an fáth a bhfuil na scéalta seo faoi na Fianna againn inniu.

Diarmaid

Ba é Diarmaid an duine ba dhathúla de na Fianna. Tá sé ráite go raibh ball seirce (rud mar a bheadh ball broinne, is dócha) air agus gur thit bean ar bith a chonaic an ball seo i ngrá leis. An scéal is clúití mar gheall ar Dhiarmaid ná gur thit Gráinne i ngrá leis cé go raibh sí chun Fionn a phósadh. Tá an iliomad scéalta faoi eachtraí a bhain dó agus do Gráinne agus iad ar a dteitheadh ó Fhionn agus é ag iarraidh díoltas a bhaint amach as an mhasla seo.

Tá clú ar Dhiarmaid mar fhear mór ban ach ní hé nach raibh sé in ann trodaíocht a dhéanamh chomh maith. Is eisean a chuidíonn le Goll (duine eile de na Fianna) chun namhaid a dhéanann ionsaí ar an tír a mharú nuair nach bhfuil duine ar bith eile sásta tacú le Goll sa scéal Laoi an Fhiaich. Tá leagan de le léamh anseo.

Caoilte

Ba é Caoilte an duine ba ghaiste den Fhéinn agus is minic ról an teachtaire aige.

“Badh é an fear ba lúthmhaire san Fhéinn é,” a dúirt scéalaí amháin as Dún na nGall, Tomás Ó Gallchobhair, i leagan den scéal Eachtra na Mná Móire Thar Lear. 

Cuirtear Caoilte a fhad leis an bhean agus an bád s’aici ar an chuan chun fáil amach cé hí. Caoilte a dhéanann seo, dar ndóigh, nó is féidir leis a bheith ann agus ar ais níos gaiste ná duine ar bith eile.

Daorghlas an t-ainm a bhí air ar dtús ach tugtar ainm nua air agus é ag obair i gceárta. Is cosúil go raibh sé measartha tanaí mar dhuine (ní nach ionadh agus é chomh gasta sin) agus go raibh teas na tine i bhfeidhm air. Cuireann duine ceist ar Fhionn faoi ainm an duine seo atá “caol te” agus bhaist Fionn ‘Caoilte’ ar Dhaorglas mar thoradh ar an cheist sin.

De ghnáth, sa scéal seo, bíonn na Fianna ag seilg in Éirinn nuair a chastar gabha orthu a thugann cuireadh chun a cheárta dóibh. Tá leagan amháin den scéal ina bhfuil siad ag seilg san Aifric, ámh. Caithfidh sé nach raibh na Fianna ag iarraidh fia nó torc a ithe don dinnéar an oíche sin ach gasail a bheith acu!

The post Cuir aithne ar Thríonóid Naofa na bhFiann appeared first on NÓS.

Níos mó