Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘de-reir-cosulachta,-michlu-a-chur-orm-an-aidhm-a-bhi-ann’-–-catherine-martin-cainte-ag-siun-ni-raghallaigh

‘De réir cosúlachta, míchlú a chur orm an aidhm a bhí ann’ – Catherine Martin cáinte ag Siún Ní Raghallaigh

| tuairisc | , ,

Deir iarchathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh nárbh fhéidir léi fanacht ina tost faoin tslí a deir sí ar fágadh í gan aon rogha aici ach éirí as a ról.

D’éirigh Ní Raghallaigh as an gcathaoirleacht i ndiaidh agallamh teilifíse Aire na Meán Catherine Martin inar dhiúltaigh sí muinín a léiriú san iarchathaoirleach agus inar chuir sí in iúl go raibh “díomá” uirthi léi toisc gur chuir sí eolas míchruinn ar fáil faoi phacáistí scoir in RTÉ.

I ráiteas a chuir sí amach tráthnóna, dúirt Siún Ní Raghallaigh:

“Má bhí cinneadh déanta ag an Aire nár theastaigh uaithi go bhfanfainn mar chathaoirleach, bhí an cead sin aici. Mar sin féin, ní fhéadfainn fanacht i mo thost faoin dóigh ar fágadh mé gan aon rogha agam ach éirí as, rud, de réir cosúlachta a raibh sé mar aidhm aige míchlú a chur orm.”

Deir iarchathaoirleach Bhord RTÉ gurb é an taithí a bhí aici ar Catherine Martin le 15 mí anuas ná gurbh é an cur chuige a bhí aici mar Aire ná gan aon bhaint dhíreach a bheith aici féin le cúrsaí ach an riarachán a fhágáil faoina hoifigigh.

Deir Siún Ní Raghallaigh go raibh sí den tuairim gur sean-scéal a bhí i bpacáiste scoir, Richard Collins, iar-phríomhoifigeach airgeadais RTÉ, nó gur cheistigh Catherine Martin í faoi ag dhá chruinniú coicís ó shin.

“Tháinig na ceisteanna a cuireadh orm faoi na pacáistí scoir ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite aniar aduaidh orm mar ag trácht arís a bhíothas ar cheist ar déileáladh léi cheana. Chuir sé mearbhall orm agus cuireann i gcónaí go mbeifí ag caint faoi seo cúig mhí níos déanaí,” arsa Siún Ní Raghallaigh.

Deir sí nár thuig sí ar chor ar bith cén fáth go mbeifí ag caint i mí Feabhra 2024 faoi cheist ar déileáladh léi ar an 10 Deireadh Fómhair, a raibh plé fada fúithi ag cruinniú den Choiste um Chuntais Phoiblí ina dhiaidh sin ach nach raibh aon trácht uirthi idir an dá linn.

Deir Siún Ní Raghallaigh gur beag plé a bhí aici mar chathaoirleach le hAire na Meán agus na Gaeltachta.

“B’fhéidir gurb é atá leagtha amach i leabhar na rialacha faoin dea-rialachas gur gnáthrud é go mbeadh teagmháil go rialta ón tús idir an t-aire agus an cathaoirleach, ach ní raibh de rogha agamsa ach glacadh leis an nós go mbíodh teagmháil rialta idir an cathaoirleach agus an t-ard-rúnaí.”

Deir  Siún Ní Raghallaigh gur chaith sí gach lá dá tréimhse mar chathaoirleach agus a dícheall á dhéanamh aici chun RTÉ a leasú. Is ar éigean go raibh aon saol pearsanta aici le linn di a bheith sa ról, ar sí.

Deir Siún Ní Raghallaigh nach bhfuair sí aon chuireadh labhairt go díreach leis an Aire an lá go ndeachaigh sí ar Prime Time.

Deir sí gur mhol sí do Roinn na Meán nach gcuirfí litir ón Aire chuici ina chuirfeadh Catherine Martin a díomá léi in iúl.

Deir Siún Ní Raghallaigh gur dearmad a bhí i gceist le haon eolas mícheart a bheith tugtha aici ar aon cheist ón Aire agus gur ghabh sí leithscéal as an dearmad sin.

“Nuair a thug mé soiléiriú faoin scéal ar an 22 Feabhra, ba é an chéad fhreagra air sin ó na hoifigigh ná a rá liom go raibh díomá ar an Aire agus go mbeadh litir fhoirmeálta á cur chugam chun an méid sin chur in iúl.

“D’iarr mé orthu iarraidh ar an Aire nach seolfaí an litir ó tharla nach chun leas RTÉ a bheadh sé mar, go bunúsach, chuirfeadh sé an cheist seo, ar dhéileáil an coiste íocaíochta léi roinnt míonna roimhe sin,  ar ais i lár an aonaigh, gan aon aidhm dhearfach a bheith leis agus d’fhágfadh sé nach bhféadfainn leanúint ar aghaidh i mo ról mar chathaoirleach.”

Cháin Siún Ní Raghallaigh chomh maith an tAire Martin as folúntais ar bhord RTÉ a bheith fágtha gan líonadh. Dúirt sí gur scríobh sí chuig Catherine Martin i mí Lúnasa le meabhrú di go mbeadh dhá fholúntas ar an mBord go luath, ceann I mí Mheán Fómhair agus ceann i mí Dheireadh Fómhair, agus go mbeadh triúr eile ag fágáil i mí Eanáir.

B’ualach mór le hiompar mar chathaoirleach na folúntais, go háirithe mar gheall ar an easpa saineolais i gcúrsaí airgeadais ar an mbord, a dúirt Ní Raghallaigh.

Tá sé i gceist Cathaoirleach nua Bhord RTÉ agus beirt chomhalta eile a fhógairt amárach.

Dúirt Siún Ní Raghallaigh gur bhain sí an-taitneamh as obair le hardstiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst agus an bord agus go raibh siad an-sásta go raibh a gcuid aidhmeanna á mbaint amach acu.

Níos mó