Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
deasghnatha-na-ngael-um-chaisc

Deasghnátha na nGael um Cháisc

| dubhan o longain | ,

Chun macalla a dhéanamh ar scríbhneoir eile de chuid na hirise seo le déanaí, ní Caitliceach mé a thuilleadh. Sin ráite, cuireann an t-am seo den bhliain ar bhóithrín na smaointe mé agus tagann cuimhní ó m’óige chugam. Bhí am ann agus mé óg go raibh iarracht speisialta le déanamh le haghaidh na n-aifreann um Cháisc; bhí na héadaí is fearr (éadaí a bhí rómhaith don ghnáth-Dhomhnach fiú) a chur orm agus bhí orm seasamh suas go díreach (níos dírí ná a sheasainn ar an ghnáth-Dhomhnach fiú) agus mé ar mo bhealach chun Comaoineach a fháil.

Ar an iomlán, bhí sé le sonrú go raibh tréimhse speisialta ann. Cé nach gcleachtaim Caitliceachas a thuilleadh, tá meas agam go fóill ar dhaoine a cheiliúrann an t-am seo den bhliain. Ní hamháin sin ach tá meas agam ar na daoine a rinne an t-am seo a cheiliúradh sna blianta atá imithe tharainn.

Tá cuimhní agam nach mbaineann leis an Chríostaíocht go díreach. Is cuimhin liom, mar shampla, go raibh nós ag m’athair tine bheag a lasadh taobh amuigh chun uibheacha a bhruith agus a ithe faoin aer.

Is siombail den athbhreith í an ubh in go leor creideamh ar fud an domhain. Tá sé mar an gcéanna sa Chríostaíocht nó fuair Íosa bás ar Aoine an Chéasta agus tháinig sé ar ais ón mharbh ar Dhomhnach na Cásca. Dar ndóigh, ba chuid d’fhéilte na Sean-Ghael é an tine chnámh. Mar sin de, agus mé ag amharc siar anois, nach raibh bealach deas ag m’athair rud beag den dá thraidisiún a tharraingt le chéile?

Ach cad eile a rinne na Gaeil chun an t-am seo den bhliain a cheiliúradh? Tá roinnt freagraí ar fáil sa chartlann ‘Cnuasach Bhéaloideas Éireann’. Neamhchosúil le féilte eile, níl dátaí áirithe i gceist nó bíonn Domhnach na Cásca ann ar an chéad Domhnach i ndiaidh na chéad lánghealaí i ndiaidh Chónocht an Earraigh. Rud é seo a bhogann thart, dar ndóigh. Cé nach raibh dáta seasmhach ann, is léir go raibh nósanna seasmhacha ann. Thíos, beidh mé ag díriú ar chúpla rud a d’aimsigh mé nach mbaineann le gabháil chuig Aifreann.

Tosóidh mé leis an Déardaoin roimh Dhomhnach na Cásca. ‘Déardaoin na nIongan’ a bhíodh air seo agus tá cuntas ann a deir go raibh nós ag daoine a gcuid ingne a ghearradh ar an lá seo agus go raibh nós ag mná rud beag dá gcuid gruaige a bhearradh chomh maith chun ómós a léiriú don mhéid a d’fhulaing Íosa. Luann an duine céanna gur ‘úirt a máthair léi go raibh daoine ann nár ith bia ar bith ón lá seo go dtí Domhnach na Cásca. Bhí Neans Ní Chealacháin, a thug uaithi an cuntas seo, 74 bliana d’aois nuair a bailíodh seo uaithi. Scríobhadh seo síos sna 1930idí, rud a chiallaíonn gur tháinig máthair s’aici ar an tsaol píosa maith roimh an Ghorta. Ciallaíonn seo go raibh cuid daoine an-dáiríre faoin tábhacht a bhain leis an Cháisc anseo in Éirinn (nó i dTír Chonaill ar a laghad) 200 bliain ó shin.

Deir an duine céanna nach n-itheann duine ar bith aon rud roimh 12:00 ar Aoine an Chéasta. Tá tuairisc ó thuaisceart Dhún na nGall a deir go raibh nós ag muintir na háite gabháil chuig tobar beannaithe ar an lá seo agus cúpla deoch a ól ón tobar. Luaitear arís nár ith duine go dtí meán lae agus tá sé ráite nár chóir do dhuine ar bith a chuid gruaige a chíoradh ar an lá seo. Is dócha gur léiriú eile ómóis don mhéid a d’fhulaing Íosa é seo.

cuntas suimiúil ó Chill Dara ina bhfuil sé luaite go raibh ádh inteacht le huibheacha a bhreith cearc ar Aoine an Chéasta agus gur shábháil daoine na huibheacha sin agus gur éirigh siad i lár na hoíche (idir an Satharn agus Domhnach na Cásca) chun iad a ithe ansin.

Tá cúpla cuntas ann go bhfeicfidh tú an ghrian ag damhsa sa spéir má tá tú i do shuí luath go leor chun amharc uirthi ag éirí ar Dhomhnach na Cásca. Tá cuntas amháin (an ceann ó thuaisceart Dhún na nGall) ina bhfuil sé luaite go dtarlaíonn seo ar an ábhar gur tháinig Íosa ar ais ón mharbh ar an mhaidin seo agus go bhfuil áthas ar an ghrian mar gheall air seo.

Tá go leor eile ann agus tá mé ag fiosrú liom go fóill agus ag léamh na gcuntas suimiúil eile atá ann. Níl a fhios agam an ndéanfaidh mé féin aon iarracht aiséirí a dhéanamh ar nós ar bith a bhíodh ann ach, idir anois agus cinneadh, tá mé tugtha go maith don chuntas as Cill Dara agus an coincheap de sneaic na meán oíche a bheith agam níos minice.

The post Deasghnátha na nGael um Cháisc appeared first on NÓS.

Níos mó