Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
eacht-dochais-agus-saothar-gra –-cuntas-mhairin-ui-chonchubhair-ar-400-crann-agus-tor

Éacht dóchais agus saothar grá – cuntas Mháirín Uí Chonchubhair ar 400 crann agus tor

| tuairisc | , ,

As Dún Chaoin ó dhúchas do Mháirín Uí Chonchubhair (Ní Dhálaigh roimh phósadh di). Is luibheolaí agus oide eolaíochta í agus chaith sí a saol oibre ag múineadh i gColáiste na gCnoc Glas, Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne an chéad leabhar uaithi i 1995, Flora Chorca Dhuibhne, ina bhfuil cuntas cuimsitheach ar phlandaí na dúichí ina dtimpeallacht nádúrtha, agus cur síos ar nósanna traidisiúnta agus ar an mbéaloideas a bhaineann leo.

Nuair a chríochnaigh sí an obair ar an leabhar sin rith sé léi go mba dheas an rud é leabhar a scríobh faoi chrainn na hÉireann.

“Thosaigh mé ag bailiú an eolais dom féin ar dtús. Bhí suim agam sa dúlra agus sa nádúr ó bhí mé an-óg. I nDún Chaoin a rugadh agus a tógadh mé. Níl ann ach cúpla crann. An t-aon chrann amháin a bhí ann ag an am is cuimhin liom ná crann fuinseoige a chuir duine na blianta roimhe sin.”

Leabhar toirtiúil cuimsitheach é Crainn agus Toir na Éireann ina bhfuil cur síos ar 400 crann agus tor atá ag fás in Éirinn: a dtábhacht miotaseolaíochta agus topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis, a dtábhacht mar shiombailí an dúchais agus a ról i bhforbairt na mainistreacha agus na n-eastát tar éis theacht na Normannach i leith.

Cheap sí go mbeadh sé éasca go leor. “Nuair a chríochnaigh mé Flóra Chorca Dhuibhne bhí mé ag cuimhneamh; is furast na crainn a dhéanamh mar go mbíonn an crann san áit chéanna ar feadh na bliana. Beidh an crann agat ar feadh na bliana.”

Ní raibh sé baileach chomh héasca is a cheap sí, ach bhí sí ag tabhairt faoi shaothar nach raibh déanta ag aon duine eile roimpi. Taifead, grianghraf agus cur síos ar nach mór gach crann agus tor atá ag fás in Éirinn, idir na cinn atá nádúrtha dúchasach agus na cinn atá tugtha isteach. Ní hamháin sin, ach déanann sí cur síos ar stair an fhásra seo, na cúinsí fáis ar a mbraitheann sé agus stair a scaipthe.

Tá suas le 2,000 pictiúr sa leabhar. “Dhéanas iarracht pictiúir a fháil de gach séasúr. Pictiúir de na bachlóga agus na torthaí a thagann ar na crainn. An saghas toradh a thagann ar an gcrann agus mar sin de,” a deir Máirín.

D’éirigh an obair ghrianghrafadóireachta níos éasca le teacht chun cinn an ghutháin phóca, a deir Máirín. “Is minic go dtiocfainn trasna ar chrann agus ní raibh aon cheamara agam. Tá sé éasca sa lá atá inniu ann mar go mbeidh an fón agat. An uair sin bheadh an film agat agus dá dtitfeadh ga gréine air bhí an film ar fad caillte agat. Ansin bheadh fanacht ort ar feadh na seachtainí agus ní raibh a fhios agat go dtí an deireadh. Athrú aimsire.”

Labhraíonn Máirín ar na hathruithe móra a bhí in Éirinn leis na mílte bliain agus na crainnte is na plandaí a tháinig is a d’imigh le hathrú aimsire is aeráide. “Chuir Éire trí mhoing agus trí mhaoláid di. Bhí crainnte móra agus fásra ar fud an oileáin ar feadh tréimhsí agus ina dhiaidh sin arís ní raibh faic ag fás. D’ardaigh an fharraige agus bádh ana-chuid de na crainnte. Bhí Éire istigh sna rudaí sin go léir agus tá a lorg le feiceáil i gcónaí ag na seandálaithe.”

Cé a cheapfadh go raibh na crainnte crónghiúise ag fás in Éirinn tráth?

“Na crainnte móra atá i gCalifornia, na crainn ghiúise nó na redwoods, tá síol díobh sin faighte in aice le Loch nEathach, áit a raibh seandálaithe ag obair. Fuaireadar na síolta sa dríodar a bhí seasca méadar síos. Sin ‘fadó fadó!’ a deir Máirín.

D’oibrigh Máirín leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta agus í ag déanamh taighde don leabhar. “Tá an-chuid seanchais ag baint leis an gcrann iúir. Bhí scéal amháin ann agus theastaigh uaim an bunleagan a fheiceáil. Stiúraigh Pádraic Ó Ciardha a bhíodh ag obair le TG4 mé go dtí an tAthair Ó Fiannachta mé, gurbh é sin an saineolaí ar na seanscéalta Gaelacha.”

Sin é an uair a thosaigh an obair i gceart, a deir Máirín. “Thug sé cead dom breathnú trí na seanleabhair ar fad. Sin é an uair a thosnaíos. Bheadh na scéalta sin go léir sna leabhair a bhí ag Ó Fiannachta. Chuireadh sé an-áthas orm i gcónaí nuair a chínn focal a bhí in úsáid ag an seandream ag a baile i gceann de na leabhair sheanGhaeilge.”

Bhí meitheal ag obair le Máirín agus í ag cur an leabhair i dtoll a chéile. “Príomhoide Choláiste Eoin, Finín Ó Máirtín, d’fhéach sé ar an leabhar ó chlúdach go clúdach. Dúras liom féin, ‘Mura dtuigfeadh Finín é, ní thuigfeadh aon duine é!”

Tugann Máirín suntas sa leabhar do na hathruithe a thagann i gcónaí ar na crainnte atá ag fás sa tír agus crainnte i gcónaí ag teacht isteach sa tír. “Nuair a cheannaíonn daoine teach ní theastaíonn uathu an crann céanna a bheith acu is atá ag na comharsana,” arsa Máirín.

Is cúis imní iad na galraí atá tagtha isteach ar na crainnte le deireanas, dar léi. Ceann acu ná an galar atá tagtha ar an bhfuinseog agus atá ag cur isteach go mór ar thionscal déanta na gcamán do Chumann Lúthchleas Gael.

“Thosaigh an galar sa Mhacadóin. Tháinig isteach trí Thuaisceart na hÉireann ach tá sé scaipthe i ngach contae anois agus maraíonn sé an fhuinseog taobh istigh de bhliain. Is dóigh liom nuair a bhuaileann sé coill go maraíonn sé na crainnte ar fad.”

Ní hiad na crainnte fuinseoige amháin atá buailte ag galraí nua le blianta beaga anuas. “Bhí ceann roinnt blianta ó shin agus bhí orthu 16,000 learóg a bhaint agus níl cead in aon chor na learóga a chur.”

Is ar an dóchas a dhíríonn Máirín ina cuid cainte, áfach agus an fás ag filleadh ar na crainnte le theacht an earraigh. “Tá crann magnóilia ag comharsa liom agus feicim go bhfuil na bachlóga ag teacht anois air agus beidh na bláthanna ann go luath. Beidh mé ag coinneáil súil amach dhó ar mo shiúlóidí.”

Éacht dóchais agus saothar grá is ea Crainn agus Toir na hÉireann agus oidhreacht álainn é do na glúnta atá le theacht. “Tá súil agam go mbainfidh daoine súp as, an bhfuil a fhios agat? Go mbainfidh daoine taitneamh as,” a deir Máirín.

*Seolfaidh John McLoughlin an leabhar Crainn agus Toir na hÉireann i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 14 Márta ag 7:00 i.n.

Níos mó