Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
is-leir-gur-tugadh-bata-is-bothar-don-bhean-mhicheart…

Is léir gur tugadh bata is bóthar don bhean mhícheart…

| tuairisc | ,

Chomh fada is a bhaineann sé le RTÉ is cúrsaí craolacháin táimid báite i sonraí faoi phacáistí scoir, cé aige (nó aici) a bhí eolas, ar scaipeadh i gceart é, an ndearna an t-aire an jab ceart, nó an ndearna cathaoirleach an Bhoird é?

Ní fheicim go bhfuil mórán plé ar siúl ar chor ar bith faoin rud is tábhachtaí: céard is brí leis an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí, céard atá ag teastáil uainn ón tseirbhís craoltóireachta náisiúnta, agus cén chaoi a gcinnteofar go mbeidh na hacmhainní ann le jab ceart a dhéanamh?

Mar a tharlaíonn tá sampla maith againn den chineál seirbhíse is cóir a bheith ann, agus sin é TG4.  TG4 a fheidhmíonn ar chéatadán beag den airgead a chaitear le RTÉ.

Sa díospóireacht seo ar fad is cóir cuimhneamh air sin, lena chinntiú nach gcaillfidh TG4 aon chuid den mhaoiniú atá acu faoi láthair, agus go deimhin, go gcuirfear leis.

Mar an gcéanna le Raidió na Gaeltachta atá faoina ordóg ag RTÉ.  Níl aon sainordú ann a dhearbhaíonn maoiniú ar leith do Raidió na Gaeltachta.  Tá sé ag brath go huile is go hiomlán ar dhea-thoil RTÉ, is dea-thoil an ard-stiúrthóra. Is fiú a rá go labhraíonn Kevin Backhurst, an té atá sa phost sin faoi láthair, go báúil faoi RnaG.

Cibé socrú fadtéarmach a thiocfaidh amach maidir le maoiniú an chraolacháin phoiblí, caithfidh lucht na Gaeilge a chinntiú nach mbeidh TG4 nó RnaG thíos leis.

Maidir leis an scannal is na hargóintí faoi RTÉ féin, is scannal cinnte na suimeanna móra airgid a thugtar d’fheidhmeannaigh shinsearacha nuair is gá fail réidh leo.  Go háirithe nuair a smaoinítear ar na socruithe ísle pinsin a bhíonn i gceist do na gnáthoibrithe.

Ach ní rud é sin a bhaineann le RTÉ amháin.  Is cuid de chóras an rachmais é, is bíonn na socruithe imeachta seo ar fáil go héasca má bhíonn tú sa gclub ceart.

Nílim ag rá nach cóir dúinn a bheith feargach faoi scéal RTÉ ach ba chóir dúinn a bheith feargach faoi gach eagraíocht ina bhfuil an nós céanna.

Chomh fada is a bhaineann sé leis an gcoimhlint idir an tAire Catherine Martin agus an t-iarchathaoirleach boird, Siún Ní Raghallaigh, tugadh eolas don roinn faoi shocrú imeachta Richard Collins, an t-iar-phríomhoifigeach airgeadais, thiar i mí Dheireadh Fómhair seo caite.  Cén fáth nach raibh an tAire Martin ar an eolas?  An é nár thug a cuid oifigeach an t-eolas di, nó an é, mar a mhaíonn Ní Raghallaigh, nár thug sí an oiread sin airde ar an scéal?

Cinnte ní réitíonn scéal an aire le scéal Ní Raghallaigh, ach ní dhearbhaíonn miontuairiscí na roinne leagan an aire den scéal.

Cé gur tugadh eolas iomlán faoin scéal i mí Dheireadh Fómhair, d’ardaighan tAire Martin an scéal arís nuair a chas sí le Ní Raghallaigh an mhí seo caite.  Ní raibh Ní Raghallaigh ag súil leis na ceisteanna, mar ar ndóigh, shíl sí go raibh siad seanphléite.

Rinne sí botún beag sa bhfreagra a thug sí ag na cruinnithe, ach cheartaigh sí an botún sách tapaidh.

Ach ansin is cosúil gur tapaíodh an deis clú a ghnóthú do Catherine Martin mar aire géar.  Chuir sí ar an eolas Ní Raghallaigh go raibh sí le litir oifigiúil a sheoladh chuici ag cur in iúl di go raibh díomá uirthi faoin scéal.

Mhínigh an t-iarchathaoirleach go mbeadh uirthi éirí as dá ndéanfaí amhlaidh, ach mar sin féin chuaigh Martin ar an teilifís an oíche sin is dhiúltaigh sí a rá go raibh muinín aici sa chathaoirleach.  Ní raibh aon dul as ag Siún Ní Raghallaigh ach éirí as.

Dúirt an tAire nach raibh a leithéid á iarraidh aici, ach ó tharla go ndúirt an cathaoirleach go soiléir go mbeadh uirthi éirí as ní fhéadfadh go bhfuil sé sin fíor.

Cén fáth mar sin a ndeachaigh Catherine Martin chomh fada sin leis an scéal?

Ní chreidim go raibh na státseirbhísigh taobh thiar de, mar is daoine cáiréiseacha a bhformhór mór ar deireadh thiar.  An tAire féin agus a comhairleoirí féin is mó a bheadh buartha faoin chlú a bhí uirthi i measc iriseoirí nach raibh láimhseáil iontach á déanamh aici ar chúrsaí agus go mbíonn sí siar agus aniar faoi rudaí.

Is éard is léir, ámh, ná gur tugadh bata is bóthar don bhean mhícheart.

Tá an-chlú ar Shiún Ní Raghallaigh mar dhuine atá tiomanta don chraoltóireacht seirbhíse poiblí, mar a léirigh sí sa tréimhse a chaith sí i gceannas ar Bhord TG4.

Ach ní féidir fáil réidh le Martin nó thitfeadh an comhrialtas ar fad as a chéile.

Mar sin féin, tá dochar mór déanta don aire is don rialtas atá at tacú leis an éagóir.

Níos mó