Inniu an Mháirt Mhór nó ‘Super Tuesday’ ag muintir na Stát Aontaithe agus 16 de chomórtais d’iarrthóirí ar Uachtaránacht na tíre á reáchtáil ag an bpáirtí Daonlathach agus 15 comórtas ag an bpáirtí Poblachtach.
Níor sáraíodh an tUachtarán reatha, Joe Biden in aon cheann de na réamhthoghcháin fós i mbliana agus níor chaill Donald Trump ach ceann amháin.
Scairt léas beag dóchais ar Nikki Haley, an t-aon duine atá fós ina seasamh in aghaidh Donald Trump, nuair a thug sí an lá léi in Washington DC ar an Domhnach, ugach a bhí ag teastáil go géar óna feachtas.
Ba é seo an chéad uair ar éirigh le hiarrthóir ón bpáirtí poblachtach an t-iarUachtarán Donald Trump a bhualadh in aon toghchán ó 2016.
D’éirigh le Haley 62.9% de na vótaí a fháil in Waghington DC agus 33.2% a bhí ag Trump. D’fhág an toradh sin go bhfuil 19 toscaire cheantar na príomhchathrach ag Haley.
Is fada fós ón Teach Bán í mar ag comhdháil náisiúnta na bPoblachtach, áfach.
Bunaithe ar thorthaí an lae inniu a roinnfear an tríú cuid de na toscairí ag Comhdháil na bPolachtánach in Milwaukee i mí Iúil, agus mura n-athraíonn an saol go mór, tá chuile chosúlacht air go mbeidh an t-ainmniúchán saothraithe ag Trump i bhfad roimhe sin..
Tá an feachtas toghcháin seo ar a chomhairle fhéin ag Joe Biden agus gan aon dúshlán ceart curtha ina chosán ag Daonlathaigh. Meastar go mbuafaidh sé gach uile chomórtas, mar is iondúil nuair a sheasann an té atá sa Teach Bán don dara téarma.
An cheist mhór atá á cíoradh ag Poblachtaigh ná an dtiocfaidh aon bhiseach ar fheachtas Haley inniu.
Tá sí i bhfad ar gcúl ó thaobh toscairí ach maíonn sí fhéin go bhfuil malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, GOP, nó an seanpháirtí breá, mar a thugtar air.
Ach mura dtagann feabhas gan choinne ar an tacaíocht d’iarionadaí na Stát Aontaithe ag na Náisiúin Aontaithe, d’fhéadfadh nach mbeadh aici de bharr réamhthoghcháin an lae inniu ach slán a fhágáil le feachtas uachtaránachta 2024.