D’impigh leasuachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Kamala Harris ar Hamas glacadh láithreach le sos comhraic sé seachtaine a d’fhágfadh go bhféadfaí tuilleadh cúnaimh a thabhairt do mhuintir na Palaistíne.
D’achainigh Harris go láidir ar Iosrael níos mó a dhéanamh chun cúnamh daonnúil a chur ar fáil do Stráice Gaza, mar a bhfuil, a dúirt sí, “géarchéim dhaonnúil” ag tarlú.
Tá na céadta míle duine i mbaol gorta sa Phalaistín de dheasca an chogaidh ar cuireadh tús leis cúig mhí ó shin.
“Mar gheall ar cé chomh mór is atá daoine ag fulaingt in Gaza, caithfidh sos comhraic a bheith láithreach ann,” a dúirt leasuachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.
“Tá margadh ar an mbord agus, mar a dúramar, caithfidh Hamas glacadh leis an margadh sin. Bíodh sos comhraic againn.
“Tá daoine in Gaza ag fáil bháis leis an ocras. Mídhaonnacht atá i gceist le cúrsaí mar atá agus is í ár ndaonnacht choiteann a thugann orainn gníomh a dhéanamh. Caithfidh Rialtas Iosrael i bhfad níos mó a dhéanamh chun cur leis an soláthar cúnaimh. Ní ceadmhach leithscéalta.”
Thacaigh Harris le héileamh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden ar shos comhairc sé seachtaine faoina scaoilfí saor gialla a fuadaíodh in ionsaithe Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair seo caite mar mhalairt ar oscailt trasbhealaí teorann le níos mó cúnaimh a scaoileadh isteach in Gaza.
Bhí caint Harris ar cheann de na ráitis is láidre ag polaiteoir sinsearach i rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thosaigh an choimhlint seo inar maraíodh os cionn 30,000 Palaistíneach, de réir fhigiúirí na n-údarás sláinte, a bhfuil Hamas i gceannas orthu.
Dúirt Harris go raibh an méid a bhí ag tarlú “gach lá” in Gaza “uafásach”.
Tá cruinniú inniu ag an Leas-Uachtarán le Benny Gantz, duine d’oifigigh shinsearacha chomh-aireacht chogaidh Iosrael.
Meastar go bpléifear ag an gcruinniú éileamh Harris go rachfaí i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza.