Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘nil’-agus-‘nil’-–-‘buaite-glan’-ar-an-da-reifreann

‘Níl’ agus ‘Níl’ – ‘buaite glan’ ar an dá reifreann

| tuairisc | , ,

‘Níl’ a vótáil an pobal sna reifrinn teaghlaigh agus cúraim a reáchtáladh inné.

Ghéill an Taoiseach Leo Varadkar i bhfad sula raibh comhaireamh déanta ar na vótaí go léir go raibh “buaite glan” ar an dá reifreann.

Buille mór don rialtas is ea torthaí na reifreann.

Agus an chuma ar chúrsaí gur thart ar dhá thrian de dhaoine a vótáil in aghaidh reifreann an teaghlaigh, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur buaileadh “go trom an dá leasú” agus gur buaileadh “dhá smíste” ar an Rialtas.

Chaithfí machnamh a dhéanamh ar an torthaí, ar sé.

“Glacann an Rialtas leis an toradh agus léireoimid meas iomlán air. Mar cheannaire an Rialtais, agus thar ceann an Rialtais, glacaimid freagracht as na torthaí,” arsa an Taoiseach.

“Orainne a bhí an dualgas a chur ina luí ar mhóramh den phobal vótáil ‘Tá’ agus is léir gur theip orainn é sin a dhéanamh.

“Is dóigh liom go raibh sé deacair againn go fiú a chur in a luí ar daoine go raibh gá nó riachtanas le reifreann ar chor ar bith, gan trácht ar sonraí an fhriotail, agus sin rud ar léir go gcaithfimid ár machnamh a dhéanamh faoi.”

Dúirt an Taoiseach go gcreideann sé  gur céim ar gcúl don tír a bhí sna vótaí ‘Níl’ sa dá reifreann ach nárbh amhlaidh go raibh na daoine a vótáil ina n-aghaidh “mícheart”.

Tá cáineadh láidir á dhéanamh ar an Rialtas as feachtas a rith a síleadh a bhí patuar go maith, ach dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh níos mó ná cúis amháin ag an bpobal le diúltú don dá leasú.

Dúirt sé gur fhág torthaí an dá reifreann go raibh diúltaithe anois ag an bpobal do 13 leasú i reifrinn éagsúla.

“Cé gur diúltaíodh don athrú sa bhunreacht, bhí sé soiléir nach rabhthas ag easaontú leis go bhfuil gá le gníomh leanúnach chun tacú le teaghlaigh agus le meas a léiriú ar phrionsabail an chomhionannais,” arsa Martin.

“Cuid thábhachtach dár gcuid oibre i gcónaí  é gníomhú faoi seo go dtí go mbeidh ár mandáid istigh.”

An aidhm a bhí leis an leasú i reifreann an teaghlaigh ná athrú dhéanamh ar an sainmhíniú ar cad is teaghlach ann. Teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh amháin atá i gceist sa Bhunreacht agus diúltaíodh don leasú a d’fhágfadh aitheantas ag teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh agus teaghlaigh “bunaithe ar chóngais bhuanfasacha”.

Diúltaíodh chomh maith don leasú faoi chúrsaí cúraim a bhainfeadh den Bhunreacht na tagairtí do shaol agus do dhualgais na mban ó thaobh cúraim baile agus thabharfadh aitheantas ina n-áit don chúram sa teaghlach.

Bhí Fine Gael, Fianna Fáil, Sinn Féin, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Shóisialta agus Pobal Roimh Bhrabús ag comhairle ar dhaoine vótáil ar son an dá leasú.

Chuir Sinn Féin an milleán as na torthaí ar fheachtas “leamh” an Rialtais agus ar “dhoiléire” a gcur chuige, ach beidh ceisteanna le freagairt chomh maith ag ceannaire an fhreasúra, Mary Lou McDonald  maidir le cén fáth gur vótáil oiread de lucht tacaíochta a páirtí in aghaidh na reifreann.

Níos mó