Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
piosa-cainte-sa-dail-deanta-ag-18-teachta-dala-do-sheachtain-na-gaeilge

Píosa cainte sa Dáil déanta ag 18 Teachta Dála do Sheachtain na Gaeilge

| tuairisc | ,

Bhí ‘géarchéim’ ar na focail is minice a luadh le linn plé sa Dáil inniu do Sheachtain na Gaeilge.

18 Teachta Dála ar fad a rinne píosaí cainte do ráitis Sheachtain na Gaeilge, seisear ó pháirtithe an chomhrialtais agus dáréag ón bhfreasúra.

Aire na Gaeltachta Catherine Martin an t-aon aire sinsearach a thug ráiteas agus ní raibh aon cheannaire páirtí i láthair.

Cé go ndúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh sé “dóchasach” go bhféadfaí Dáil ‘dátheangach” a bhaint amach, ba é an t-aon Teachta Dála óna pháirtí féin, Fine Gael, a bhí i láthair le linn an phlé.

Ag Sinn Féin a bhí an líon is mó Teachtaí Dála a rinne ráiteas.

Ba é leascheannaire Shinn Féin sa Dáil, Pearse Doherty, an Teachta Dála ba shinsearaí i bpríomhpháirtí an fhreasúra a labhair le linn an tseisiúin. A chomhghleacaí Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, a chuir tús leis an bplé i ndiaidh ráitis oscailte na n-airí Gaeltachta.

Ba iad na Teachtaí Dála eile ó Shinn Féin a labhair Mairéad Farrell, Pa Daly, Mark Ward agus Ruairí Ó Murchú

Chomh maith leis an Aire Martin, labhair beirt Teachtaí Dála eile de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh agus Brian Leddin.

Beirt ó Fhianna Fáil a labhair, Aindrias Moynihan agus an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Bhí an t-iar-aire ar dhuine de na Teachtaí Dála a léirigh amhras faoi fhiúntas na ráiteas.

“Tá an t-am atá tugtha don díospóireacht seo i bhfad róghearr agus tá faitíos orm go raibh sí leagtha amach d’fhocla dea-mhéine seach d’obair a dhéanamh,” arsa Ó Cuív.

Urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre an t-aon duine de sheachtar Teachtaí Dála an pháirtí a rinne ráiteas.

Ba iad na Teachtaí Dála eile a labhair na Gary Gannon ó na Daonlathaigh Shóisialta, Paul Murphy ó Phobal seachas Brabús agus na Teachtaí Dála neamhspleácha Catherine Connolly, Mattie McGrath agus Carol Nolan.

Rinneadh trácht go minic le linn an phlé do na ‘géarchéimeanna’ éagsúla a luaitear le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi láthair – sa chóras oideachais agus i gcúrsaí tithíochta.

Luadh go minic chomh maith an gá le tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge le freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas.

Cháin urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh an Rialtas as “easpa infheistíochta” a dhéanamh sa teanga, go háirithe i réimse an oideachais.

Chosain Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan a raibh á dhéanamh ag an rialtas ar son na teanga. Mhaígh sé go raibh dul chun cinn maith á dhéanamh agus go raibh rún ag an Rialtas gach a raibh geallta acu i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a chomhlíonadh.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly go raibh díomá uirthi nach raibh aon dul chun cinn déanta ag Tithe an Oireachtais maidir le plean a chur i gcrích le cur leis an méad Gaeilge a labhraítear sa Dáil agus sa Seanad.

Gheall Tithe an Oireachtais i straitéis don teanga a foilsíodh in 2021 go gcuirfí leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa Dáil agus sa Seanad agus bhí an Teachta Connolly ina cathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha a scrúdaigh na bealaí a d’fhéadfaí sin a bhaint amach.

Cuireadh tuarascáil faoi bhráid oifig an Cheann Comhairle i bhfómhar na bliana seo caite ach tá plean gnímh fós le réiteach agus grúpa monatóireachta le bunú i gcónaí.

Dúirt Catherine Connolly tráthnóna gur tuarascáil “thar a bheith gonta” a bhí i gceist ina raibh “moltaí praiticiúla” agus gur trua léi nach raibh aon dul chun cinn déanta.

I measc na moltaí a bhí sa tuarascáil dúirt sí go raibh moladh ann go gcuirfí ceist bhreise i nGaeilge gach lá ar na hairí a bhí os comhair na Dála. Dúirt sí freisin gur moladh gur chóir “múinteoirí pearsanta” a chur ar fáil dóibh siúd a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus ansin go mbeadh tréimhse sa Ghaeltacht ar fáil “saor in aisce” dóibh.

Níos mó