Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
struchtur-nua-do-na-healaiona-gaeilge-–-tuilleadh-dramai-sa-taibhdhearc-is-feiseanna-oireachtais-ar-fud-na-tire

Struchtúr nua do na healaíona Gaeilge – tuilleadh drámaí sa Taibhdhearc is feiseanna Oireachtais ar fud na tíre

| Tuairisc.ie | ,

Bunófar grúpa nua macasamhail Ealaín na Gaeltachta chun na healaíona Gaeilge a chur chun cinn sa chuid eile den stát faoi straitéis náisiúnta a seoladh inné.

Bunófar faoin Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, a chosnóidh na milliúin euro as seo go ceann ceithre bliana, struchtúr nua do na healaíona ó bhéal agus don drámaíocht i nGaeilge.

Bunófar chomh maith coiste idirghníomhaireachta, a bheidh faoi stiúir Roinn na Gaeltachta, chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar na dreamanna éagsúla atá ag plé leis na healaíona Gaeilge.

Deirtear sa straitéis a seoladh inné go bhfágann na struchtúir mar atá “deighilt chumarsáide mhínádúrtha idir eagraíochtaí a mbíonn fís nó taithí acu a bhféadfaí í a roinnt”, ranna rialtais san áireamh.

Bheadh Comhordaitheoir Náisiúnta do na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge le fostú chomh maith mar chuid den athstruchtúrú.

Gealltar sa straitéis go gcuirfear “béim ar leith” ar fhorbairt a dhéanamh ar “gach gné den drámaíocht

phobail agus den drámaíocht óige”.

Tá sé i gceist gréasáin drámaíochta pobail agus cumainn tríú leibhéal a bhunú nó a athnuachan agus scéimeanna drámaíochta a bhunú lasmuigh den chóras oideachais a thabharfaidh “guth agus flaitheas don óige féin”.

Cuirfear ceardlanna agus oiliúint ar fáil

a bhainfidh le gnéithe éagsúla den drámaíocht.

Deirtear go ndéanfar “beachtú” ar scéimeanna Fhoras na

Gaeilge ionas go mbeadh cur chuige comhtháite ann a bheidh ag

teacht le fís na straitéise seo.

Deirtear go bhfuil “ról fíorthábhachtach” ag Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge sa straitéis agus moltar go mbeadh an fhreagracht atá ar an bhForas as na healaíona Gaeilge ag leibhéal sinsearach san eagraíocht.

De réir na straitéise déanfar an Taibhdhearc a “athbheochan” mar spás amharclainne náisiúnta agus tá sé i gceist go gcuirfear cúig mhórléiriúchán Gaeilge ar stáitse in aghaidh na bliana, chomh maith le léiriúcháin eile agus féilte drámaíochta.

Tá €5.78m le bronnadh ar an Taibhdhearc thar thréimhse ceithre bliana le feidhm a thabhairt don straitéis.

Bunófar freisin in amharclann náisiúnta na Gaeilge compántas gairmiúil amharclainne agus fostófar daoine breise, stiúrthóir ealaíne agus stiúrthóir airgeadais ina measc. Meastar go mbeidh an struchtúr nua agus clár ealaíon na hamharclainne faoi lán seoil faoin gcéad ráithe de 2025.

Oireachtas

€4 milliún atá fógartha faoin straitéis d’Oireachtas na Gaeilge dá bplean gníomhaíochta náisiúnta chun na healaíona teangabhunaithe a fhorbairt idir 2024-2027.

I measc na dtionscnamh atá le cur i bhfeidhm ag an Oireachtas faoin bplean sin, tá tionscnamh chun drámaíocht na Gaeilge a athbheochan agus a neartú i measc an phobail ó aois scoile ar aghaidh. Bunófar freisin bunscéimeanna deontais agus sparánachtaí aon uaire d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Tá gréasán d’Áisitheoirí Ealaíon Réigiúnacha le bunú agus tabharfaidh an gréasán sin faoi fheidhmiú an phlean as seo go 2027, a deirtear.

Beidh 2-3 fheis nó féile bhreise le heagrú ar bhonn píolótach ag an Oireachtas in 2025 agus leanfar le forbairt scéim na bhfeiseanna breise go dtí go mbeidh idir 1-3 feis bunaithe ar na healaíona Gaeilge ar siúl i ngach contae faoi 2026.

Ní gá go mbeadh an múnla céanna ag gach feis ach iad a bheith in oiriúint

don spriocphobal, a deirtear.

Deirtear go mbeidh an freastal ar fheiseanna “neadaithe i saol an duine óig agus ionad ag feiseanna i bhféilire na ndaoine”.

Ní múnla ‘comórtais’ amháin a bheidh ag na feiseanna seo agus cuimseoidh siad ceardlanna, léirithe agus deiseanna sóisialaithe.

Faoi bheartas eile atá luaite sa straitéis forbrófar clár a thabharfaidh ról do na healaíona Gaeilge ó thaobh na folláine agus na meabhairshláinte.

Ar na daoine eile a bheadh le ceapadh chun an straitéis a chur i bhfeidhm tá Príomhoifigeach Cúnta breise i

Roinn na Gaeltachta agus Comhordaitheoir d’Ealaíona Teangabhunaithe sa

Chomhairle Ealaíon.

Bheadh ionadaí le saineolas ar na healaíona ar choiste

comhairleach Cultúr Éireann feasta.

Tá sé i gceist sa straitéis taispeántas ilmheáin idirghníomhach bunaithe ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann a bhunú i suíomh “lárnach” i mBaile Átha Cliath. Deirtear go mbeidh an t-ionad sin tógtha agus cóirithe agus ar oscailt do chuairteoirí faoi 2026.

Déanfar na costais chaipitil agus reatha a mheas nuair a bheidh an tionscadal á fhorbairt.

Cuirfear €100,000 ar fáil do Chiste Taighde nua a dhéanfaidh scrúdú

ar an infreastruchtúr nua a bheidh ag teastáil do na healaíona Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá beartais éagsúla sa straitéis a bhaineann le cur chun cinn na n-ealaíon Gaeilge sna scoileanna.

Níos mó