Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
aire-stait-don-ghaeloideachas-a-lorg-ag-conradh-na-gaeilge-on-taoiseach-nua

Aire Stáit don Ghaeloideachas á lorg ag Conradh na Gaeilge ón Taoiseach nua

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Simon Harris aire stáit nua a cheapadh sa Roinn Oideachais a bheidh freagrach as an nGaeilge sa chóras oideachais.

Tá an eagraíocht teanga tar éis scríobh chuig Harris, a mheastar a thoghfar ina Thaoiseach an tseachtain seo chugainn, le liosta éileamh a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.

Ina measc, tá moladh go gceapfaí aire stáit breise sa Roinn Oideachais a bheidh freagrach as na gealltanais atá déanta ag an rialtas seo faoin nGaeilge sa chóras oideachais a chomhlíonadh.

Sa litir chuig Harris, leagann Conradh na Gaeilge amach cúig cinn de ghealltanais shonracha a rinneadh sa chlár rialtais a mbeadh an t-aire stáit nua freagrach astu. Ina measc, tá na geallúintí oibriú chun líon na ndaoine óga i scoileanna Gaeilge a dhúbailt, beartas cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ón oideachas réamhscoile go hoiliúint múinteoirí le haghaidh gach scoil agus Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil san áit a bhfuil éileamh mór ann.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil an t-aire stáit breise ag teastáil mar go bhfuil an Rialtas “go mór taobh thiar ar fheidhmiú na ngealltanas seo” agus nach bhfuil ach níos lú ná bliain fágtha sa téarma rialtais chun iad a chur i gcrích.

Is minic díomá á léiriú ag an gConradh agus ag eagraíochtaí teanga eile maidir le cur chuige na Roinne Oideachais i leith na Gaeilge agus conspóidí tagtha chun cinn i dtéarma an Rialtais seo faoi dhíolúintí ón nGaeilge, easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge, uaireanta laghdaithe do mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil agus siollabas nua do scoileanna lán-Ghaeilge.

Chomh maith leis an aire stáit breise sa Roinn Oideachais, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gceapfaí aire sinsearach le Gaeilge a bheadh freagrach go díreach as an nGaeilge agus as an nGaeltacht.

Deir an Conradh go mbeadh “easpa cothromaíochta” i gceist maidir le hairgead breise a chuirtear ar fáil do Roinn na Gaeltachta nuair nach bhfuil aire sinsearach freagrach go sonrach as cúraimí na roinne sin. Deirtear go bhfuil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag soláthar €367 milliún don chultúr agus do na healaíona i mbliana i gcomparáid le €100 milliún do Roinn na Gaeltachta, cé go bhfuil maoiniú Údarás na Gaeltachta, Oifig an Choimisinéara Teanga, an Foras Teanga agus eile ag teacht as an mbuiséad sin.

“Feictear dúinn go bhfuil géarghá le hAire Stáit breise sa Roinn Oideachais le freagracht a ghlacadh as an nGaeilge sa chóras oideachais trí chéile, agus gur cheart go luífeadh cúraimí don Ghaeilge is don Ghaeltacht i Roinn na Gaeltachta le hAire Sinsearach, le go mbeidh freagracht dhíreach orthu as an Ghaeltacht agus an teanga, is as an bhuiséad a bhaineann leo,” a deir Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge.

Is beag seans go ndéanfaidh Simon Harris beart ar éilimh an Chonartha i dtaobh aireachtaí, áfach. Cé go bhfuil athruithe beartaithe ar na haireachtaí atá ag Fine Gael cheana féin, chaithfeadh Harris comhaontú a dhéanamh le Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas chun aireachtaí eile a cheapadh nó cúraimí aireachtaí a athrú.

Éileamh amháin eile atá ag Conradh na Gaeilge a bhféadfadh an Taoiseach nua gníomhú air ná coiste rialtais a athbhunú, coiste ar a mbíodh an Taoiseach ina chathaoirleach agus a bhíodh ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, bunaíodh coiste chun maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na straitéise ach ní raibh aon chruinniú den choiste ann ó 2017.

Leo Varadkar a bhí ina Thaoiseach nuair a tháinig stop le cruinnithe an choiste ach d’fhéadfadh go mbeadh an Ghaeilge ar an gclár ag an gcruinniú deireanach aige mar Thaoiseach. Tá Varadkar in Ard Mhacha inniu chun freastal ar chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, an chéad cheann atá á reáchtáil ó 2021.

Meastar go bhfuil Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach nuair a fhillfidh an Dáil amárach.

Níos mó