Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-marta-2024

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Márta 2024

| Ben O Faolain | ,

Twin Headed Wolf – Altarwise (Féineisithe)

Altarwise by Twin Headed Wolf

“Is dócha go mbainfimid taitneamh as an dorchadas a chur taobh leis an aoibhneas, sa mhéid is go mbíonn armóiní aoibhne á gcanadh againn agus sinn ag plé le liricí dorcha,” a d’inis Julie Kavanagh dom siar sa bhliain 2014 agus cur síos á dhéanamh aici ar fhuaim Twin Headed Wolf.

Bhí sí féin agus a deirfiúr Branwen tar éis an ghrúpa tíre iarnua-aoisigh a bhunú de thimpiste trí bliana roimhe sin. Cé gur cuireadh tús le taifeadadh amhrán Altarwise in 2013 níl an saothar ach á eisiúint den chéad uair anois.

Rud beag de dheantán cultúrtha atá san albam gleoite seo cheana féin, ní amháin toisc go bhfuil cáil bainte amach ag Branwen leis an ngrúpa iontach Rufous Nightjar (cloisfear a thuilleadh uaim fúthu sin amach anseo) ó shin, ach toisc, leis, gurb é Altarwise an t-aon albam a d’eisigh nó a eiseoidh Twin Headed Wolf riamh.

Tógadh in Iarthar Chontae an Chláir na deirfiúracha Kavanagh agus bhí tionchar mór ag na scothcheoltóirí ar fad a bhí ag maireachtaint sa dúiche orthu. Tá sé sin soiléir le clos ar Altarwise chomh maith le dúil na beirte, mheasfá, i dtraidisiún na mbailéad dúnmharaithe a mheall leithéidí Mark Lanegan, Nick Cave agus Isobel Campbell rompu, agus nós Tom Waits uirlisí ceoil a dhéanamh as a chuid mangarae.

Aimsigh cóip vinile ar Bandcamp sula mbeidh an 250 ar fad imithe!

Grianghraf: Gregory Nolan

Amaro Freitas – Y’Y (Psychic Hotline)

Y’Y by Amaro Freitas

Cé gur beag eolas atá againn ar na traidisiúin cheoil a bhíodh sa Bhrasaíl roimh theacht na bPortaingéalach in earrach na bliana 1500, is éard atá le clos ar Y’Y ná snagcheoltóir Brasaíleach ag iarraidh díchoilíniú a dhéanamh ar a chuid ceoil. Tá srian leis an méid ar féidir le Amaro Freitas a bhaint amach agus an pianó mar a phríomhghléas ceoil aige ach is suaithinseach iad torthaí a iarrachta mar sin féin.

As Recife in iarthuaisceart na Brasaíle é Freitas ach is saothar cumtha in ómós do spioraid agus cultúir na hAmasóine é Y’Y (‘uisce’ nó ‘abhainn’ is ciall le teideal an albaim sa teanga bhundúchasach Mawe). Tugann fuaim mhachnamhach thaobh A an albaim go lár na foraoise ar bhruach na habhna móire sinn. Ar thaobh B druidimid níos cóngaraí don bhfuaim a shamhlaímid le snagcheol, agus aoicheoltóirí éirimiúla mar Jeff Parker (Tortoise), Shabaka Hutchings agus an cláirseoir Brandee Younger mar chomhluadar ag Freitas.

As One – Reflections (Lapsus)

Reflections by Kirk Degiorgio presents As One

Sna blianta 1992-1994 d’eisigh an lipéad ceol leictreonach Warp sraith albam dar teideal Artificial Intelligence, dornán fadcheirníní iontacha ó leithéidí B12, F.U.S.E., Speedy J, Black Dog Productions agus Polygon Window (Aphex Twin). Léamh Eorpach ab ea an ceol a bhí le clos orthu ar cheol teicneo den dara glúin as Detroit, Meiriceá. Ceol leictreonach a dhírigh ar an intinn agus ar na cosa araon.

Ní raibh Reflections le As One (Kirk DeGiorgio) mar chuid den tsraith AI ach, eisithe sa tréimhse chéanna, tá sé ar comhchaighdeán le halbam ar bith a bhí.

Má tá comparáid le déanamh, tá an ceol seo níos cosúla le léirithe séimhe Carl Craig ná rud ar bith eile. Ní sin le rá gur aithris ar stíl Craig ar fad atá i gceist le Reflections. Tá roinnt de sin i gceist ach, le bheith macánta faoi, bhí an bheirt acu ag tarraingt ar an tobar céanna inspioráidí: P-Funk, Motown, luathcheol hip hop agus snagcheol Blue Note na 1960idí.

Athmháistrithe ag lipéad Lapsus na Spáinne, agus an port ‘Priestess’ le fáil ar an leagan vinile den chéad uair, beidh seo ina ábhar spéise daoibhse a aimsíonn suaimhneas na bhflaitheas i bpéire cluasán tar éis lá crua.

Ceoltóirí Éagsúla – DOWN THE LOCAL (Certain Sounds)

DOWN THE LOCAL by Various Artists

Ba iad cordaí sampláilte pianó ‘Unquenchable’ le Deeflux & Miracle a mheall mo chluas i dtreo an chnuasaigh seo d’fhíor rapcheol ar an lipéad Certain Sounds as Reading, Sasana. Ba é imeartas focal na liriceoirí a choimeád ag éisteacht mé.

“The rap world needs a timepiece, here’s a shot, to remind the world of what hip hop forgot,” a rapálann Chrome ar ‘Oovavoo’, ag fógairt gur criú rapálaithe é seo atá ag filleadh ar bhunphrionsabail an cheoil. Greann, geabaireacht agus geáitsíocht. Luach an mheafair agus bleaist den fhunc.

“Raw like a slaughterhouse,” i bhfocail na bhfear uasal féin.

Meril Wubslin – Faire Ça (Bongo Joe)

Faire Ça by Meril Wubslin

Ní bhíonn a fhios agam riamh cad atá romham agus albam úr ar lipéad Bongo Joe na hEilvéise tar éis tuirlingt i mo bhosca isteach.

In amanna tá Faire Ça cosúil le bheith ag éisteacht le Tricky ag geabaireacht i bhFraincis (‘Tout est Curieux’). Uaireanta tá sé cosúil le Stereolab ag seinnt a gcuid uirlisí ar leathluas agus iad in ísle brí (‘Grand Espaces’, ‘Un Calme’) nó grúpa ceoltóirí na stíle gnawa ag sleamhnú as radharc isteach i ngaineamh reatha de cheol post-rock (‘L’eau Monte’).

An-chomhluadar ceoil is ea an t-albam seo ach géilleadh don aiteas.

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Márta 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó