Níl foilsithe i nGaeilge go dtí seo ach beagán os cionn 40% den bhreis is 500 acht a ndúirt an Ard-Chúirt go gcaithfí leaganacha Gaeilge díobh a chur ar fáil.
An sprioc a aontaíodh le Tithe an Oireachtais ná go mbeadh na hachtanna uile aistrithe agus foilsithe roimh dheireadh Iúil 2024, ach léiríonn figiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc nach bhfuil ach 223 acht as an 511 a bhí ar liosta na hArd-Chúirte aistrithe agus foilsithe go dtí seo. Is ionann sin agus 43% den iomlán.
Thug Tithe an Oireachtais le fios go bhfuil gach ceann den 511 acht aistrithe go Gaeilge faoi seo ach go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh ar 288 acu sular féidir iad a fhoilsiú.
Dúradh san Ard-Chúirt in 2019 gur ghá an bhreis is 500 acht a foilsíodh i mBéarla amháin idir 1992-2018 a aistriú go Gaeilge.
I mí Iúil 2019 a cuireadh tús le plean cúig bliana chun leaganacha Gaeilge a chur ar fáil de na hachtanna agus sprioc ann go mbeadh an obair uile curtha i gcrích faoin 31 Iúil 2024, sprioc nach rachfar gar di anois.
Dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais go bhfuil 6% de na hachtanna atá aistrithe anois ag céim na heagarthóireachta agus go bhfuil 40% díobh ag céim na profléitheoireachta.
Easpa aistritheoirí i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais is cúis leis an moill, is léir. Measadh in 2019 go mbeadh 39 aistritheoir ag teastáil chun an obair a dhéanamh ach d’fhág dúshlán earcaíochta nár earcaíodh an líon sin foirne.
Dúirt Tithe an Oireachtais go bhfuil 26 aistritheoir fostaithe i Rannóg an Aistriúcháin i láthair na huaire, ardú ó 19.6 ag deireadh 2022.
Dúradh i dtuarascáil ó Thithe an Oireachtais a foilsíodh anuraidh go raibh an fhadhb earcaíochta éirithe níos measa ó 2020 nuair a chinn an tAE go mbeadh rogha ag aistritheoirí Gaeilge an Aontais Eorpaigh a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí. Chruthaigh an phaindéim Covid-19 dúshlán eile ó thaobh cúrsaí earcaíochta, a dúradh.
Cinneadh sa Chúirt Uachtarach in 2022 go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais.
Ina bhreithiúnas, dhearbhaigh an Breitheamh Gerard Hogan cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt an bhliain roimhe sin faoin dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.